bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 4
1 Samuel 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 5 →
1
Agus tháinic bríathar Shamuel go Hisrael uile. Anois da chúadar Israel chum catha amach a naghaidh na Bhphilistineach, agus do shuigheadar re taobh Ebeneser: agus do rinneadar na Philistinigh foslungphort ann Aphec.
2
Agus do chuireadar na Philistinigh íad féin a nórdughadh a naghaidh Israel: agus a núair do chuádar na catha a gcionn a chéile, do cláoidheadh Israel roimhe na Philistinigh: agus do mharbhadar don tslúagh san mhachaire timchioll cheithre míle fear.
3
¶ Agus a núair thangadar na dáoine don champa, a dubhradar sinnsir Israel, Cred far chláoidh an TIGHEARNA sinn a niugh roimhe na Philistinigh? Tugam chugainn airc chunnartha an TIGHEARNA as Síloh, ionnus a núair thiocfas ar measc, go ttárrthochuidh sinn ó lámhuibh ar námhad.
4
Uime sin do chuireadar na dáoine fios go Síloh, chor go ttiubhraidís as sin airc chunnartha THIGHEARNA na slógh, noch chomhnuighios eidir na cherubhínibh: agus do bhúdar días‐mac Eli, Hophni agus Phinehas, annsin maille re háirc chunnartha Dé.
5
Agus a núair tháinic airc chunnartha an TIGHEARNA don champa, do léigeadar Israel uile gáir le gaireadh mhór, ionnus gur chumscuigh an talumh dhe.
6
Agus a núair do chúaladar na Philistinigh fúaim na gáire, a dubhradar, Cred fáth na gaíre moíresi a bhfoslungphort na Neabhruidheach? Agus do thuigeadar gur bhí airc an TIGHEARNA tháinic don champa.
7
Agus do bhí eagla ar na Phílistinigh, óir a dubhradar, Tháinic Día don champa. Agus a dubhradar, A mhairg dhúinne! óir ni ráibh a leitheidsin róimheso.
8
A mhairg dhúinne! cía sháorfas sinn ó lámhuibh na Ndee gcumhachdachsin? siád so na Dée do bhúail na Hégiptigh ris na huile phlághuibh ansa bhfásach.
9
Bíthi láidir, agus déanuidh go fearamhuil, O a Philistinigh, chor nach béithí bhur serbhíseachuibh do na Heabhradhuibh, mar do bhádarsan díbhse: déanuidh go fearamhuil, agus troidigh.
10
¶ Agus do throideadar na Philistinigh, agus do cláoidheadh Israel, agus do theitheadar gach áon aca a steach dhá lóistin: agus do bhí an tár ro mhór; óir do thuit Disrael tríochad míle coisigh.
11
Agus do ghabhadh airc Dé; agus do mharbhadh, días mac Eli, Hophni agus Phinehas.
12
¶ Agus do rioth duine do Bheniamin as an tslúagh, agus tháinic go Síloh an lá ceadna agus a éadach briste, agus cré ar a cheann.
13
Agus a núair thaínic sé, féach, do bhi Eli na shuidhe ar stól do leaththáoibh na sligheadh ag faire; óir do chriothnuigh a chroidhe fá aírc Dé. Agus a núair tháinic an tóglach don chathruigh, agus dinnis sé sin, déighmheadar an chathair uile.
14
Agus a nuáir do chuáluidh Eli fúaim na ccomharc, a dubhairt sé, Cred is cíall dfúaim na comhdhálasa? Agus thaínic an tóglach a steach go deifreach, dhá innse do Eli.
15
Anois do bhí Eli ochd mbliádhna ar nóchad dáois; agus do bhádar a shúile fa cheó, go nach bhfaiceadh sé éinni.
16
Agus a dubhairt an toglach re Héli, As misi an té tháinic as an tslúagh, agus do theith mé a niugh as an tslúagh. Agus a dubhairt seision, Cred do rinneadh ann sin, a mhic?
17
Agus do fhreagair an teachdaire agus a dubhairt, Do theitheadar Israel roimhe na Philistinibh, agus do bhí fós ár mór a measg an phobail, do marbhadh do dhías macsa mar an gcéadna, Hophni agus Phinehas, agus do gabhadh airc Dé.
18
Agus tárla, a núair do labhair sé ar airc De, gur thuit Eli as a stól a ndíaigh a chúil le táoibh an gheata, agus do bhris a mhuinéul, agus fuáir sé bás; óir do bhí sé na sheanduine, agus é trom. Agus do rinne sé breitheamhnus ar Israel ceathrachad bliadhan.
19
¶ Agus do bhí bean a mhic, bean Phinehas, torrach, agus a bhfogas do leanamh bhreith: agus a núair do chúaluidh sí na scéula gur gabhadh airc Dé, agus go bhfuáir athair a fir bás agus a fear féin, do chlaon si í féin agus do bhí ag tuismeadh; óir tháinic a teinneas leinibh uirre.
20
Agus a dúbhradar na mná do sheas na fochair timchioll am a baís ría, Ná biodh eagla ort; óir rúg tú mac. Achd níor fhreagair sisi, agus nior chuir suim ann.
21
Agus thug sí Ichabód dainm air an leanamh, ga rádh, Dimthigh an glóir ó Israel: do chionn gur gabhadh airc Dé, agus ar son a cleamhna, agus a fir.
22
Agus a dubhairt sí, Do imthigh an glóir ó Israel: óir do ghabhadh airc an TIGHEARNA.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31