bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 25
1 Samuel 25
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 26 →
1
Agus fuáir Samuel bás; agus do chruinnigheadar Israel uile a gcionn a chéile, agus do chaoineadar é, agus do adhluiceadar é iona thigh féin a Rámah. Agus déirigh Dáibhi, agus do chuáidh síos go fásach Páran.
2
¶ Agus do bhí duine a Maon, ga raibh a mháoin a Gcarmel; agus do bhí an duine ro mhór, agus do bhádar trí mhíle cáora aige, agus míle gabhar: agus do bhí ag bearradh a cháorach a Gcarmel.
3
Anois do bé ainm an duine Nábal; agus ainm a mhná Abigail: agus bá bean dheaghthuigsionach í, agus sgíamhach a ngnúis: áchd do bhí an fear íargcúlta agus go holc iona ghníomharthaibh; agus bá do thigh Chaleb é.
4
¶ Agus do chúalaidh Dáibhi annsa bhfasach gur bhearr Nábal a chaóirigh.
5
Agus do chuir Dáibhi deichneamhar óganach úadh, agus a dubhairt Dáibhi ris na hógánachuibh, Eirgidhe súas go Carmel, agus imthighidh go Nábal, agus beannuighidh dho am ainmsi:
6
Agus is marso a déarthaói ris ma tá se slán, Sióthcháin mar aon duit féin, agus síothcháin dot thigh, agus síothcháin da gach éinní as leachd.
7
Agus anois do chúala mé go bhfuilid luchd beárrtha caórach agad: a nois ní dheárnamairne dochar do na háodhairibh, noch do bhí eadruinn, agus ní mó do chailleadar éainní ar feadh na haimsiresi do bhádar a Gcarmel.
8
Fíafruigh dot ógánachuibh, agus inneosaid síad duit. Ar a nadhbhar sin faghdaois na hógánuigh fabhar ad radharc: (óir thangamar a ló mhaith:) guidhim thú, tabhair, gidh bé ní theagmhas ad láimh dod shearbhfhoghantuighibh, agus dod mhac Dáibhi.
9
Agus a núair thangadar óganuidh Dháibhi, do labhradar ré Nábal do réir na mbríatharsin uile a nainim Dháibhi, agus do thochdadar.
10
¶ Agus do fhreagair Nábal searbhísigh Dháibhi, agus a dubhairt, Cía hé Dáibhi féin? agus cía hé mac Iesse? bíd mórán searbhfhoghantuigh ar a naimsirsi bhrisios amach gach éanduine aca óna mhaighistir.
11
Ma seadh an nglacfa misi marán, agus muisce, agus mfeóil do mharbh mé dom bheárthóiribh, agus a ttabhairt do dhaóinibh, nach feas damh cá has dóibh?
12
Ann sin do fhílleadar óganuigh Dháibhi, agus do chuádar air a nais, agus tangadar agus dinnisiodar dhó na bríathrasin uile.
13
Agus a dubhairt Dáibhi re na mhuinntir, Cuirfidh gach éanduine aguibh a chloidheamh thairis. Agus do chuir gach áon aca a chloidheamh thairis; agus do chuir Dáibhi mar an gcéadna a chloidheamh thairis: agus do chuáidh súas a ndiáigh Dháibhi timchioll ceithre chéad fear; agus dfan dhá chéad fear ag an stór.
14
¶ Agus dinnis duine do na hógánachaibh do Abigail, bean Nabal, gha rádh, Féuch, do chuir Dáibhi teachda as a bhfásach do bheannughadh dar maighistir; agus do bhuail sé ag géaruigheachd orra.
15
Acht do bhádar na daoine go ro mhaith rinne, agus ní dheárnadar dochar dhuinn, agus ní mó do chailleamar einní, an fad do bhámar na ccomhlúadar, a núair do bhámar a muich ar na machairighibh:
16
Do bhádar na ndídean aguinn do ló agus doidhche, ar feadh na haimsire do bhámar na bhfochair ag cumhdach na ccáorach.
17
Anois ar a nadhbhar sin biódh a fhios agad agus meas cred dhéanas tú; óir do cínneadh olc a naghaidh ar maighistir, agus a naghaidh a thighe uile: óir sé a leitheíd sin do mhac do Bhélial é, nach bhféadann duine labhaírt ris.
18
¶ Ann sin do rinne Abigail deithnios, agus do ghléas dhá chéad builín, agus dhá bhuidéul fíona, agus cúig cáorigh réigh deasuigh, agus cúig miosúir do ghrán doite, agus ceád tríopall do rísínibh, agus dhá chéad bairghin fígeadh, agus do chuir ar assaluibh íad.
19
Agus a dubhairt sí re na serbhíseachaibh, Gluáisigh romham; féuch, bíaidh misi bhur ndiáigh. Achd níor innís sí sin dá fear Nábal.
20
Agus is amluidh bhí, mar do bhi sí ag marcuigheachd air a nassal, agus í ag dul sios air sgáth cnoic, agus, féuch, do bhí Dáibhi agus a mhuinntir ag teachd na coinne a núas; agus tárla riú í.
21
(Anois arsa Dáibhi, Go deimhin is díomháoin damh a ndearna mé do chumhdach ar a raibh ag an bhfearso ann sa bhfásach, ar chor nach ndeachaidh éinní a mugha don nuile ní dar ghabh leis: agus do chúitigh sé mo mhaith le holc.
22
Go ndéarna Día sin agus tuilleamh ré naimhde Dháibhi, ma fhágbhuimsi don nuile ní ghabhus leis roimhe sholus na maidne áon do mhúnfadh a naghaidh an bhalla.)
23
Agus a núair do chonnairc Abigail Dáibhi, do lúathuigh sí uirre, agus do thuirling sí don nassal, agus do thuit ar a haghaidh a bhtiadhnuisi Dháibhí, agus do chláon í féin go talumh,
24
Agus do thuit sí fana chosaibh, agus a dubhairt, Orumsa, a thighearna, orumsa bíodh a néagcóirsi: agus léig dot bhanóglaich, guidhim thú, labhairt ad eísteachd, agus éist bríathra do bhanóglaich.
25
Guidhim thú, na tugadh mo thighearna, toradh ar an té so do mhuinntir Bhélial, eadhon Nábal: óir mar atá a ainm, is marsin atá sé feín; Nábal is ainm dhó, agus leimhe atá aige: achd misi do bhanóglach ní fhaca mé ógánuigh mo thighearna noch do chuir tú úait.
26
Anois ar a nadhbharsin, a Thighearna, mar mhaireas an TIGHEARNA, agus mar atá hánum beó, ó budh tóil leís an TTIGHEARNA thusa dfostadh gan teachd do dhórtadh fola, agus thú fein do chóngmháil ó dhioghaltas do dhéanamh le dó laimh féin, anois bídis do naimhdese agus an mhéid íarrus olc dom Thighearna, mar Nábal.
27
Agus a nois túgthar an brontanus so, noch thug do bhanóglach chum mo thighearna, do na hógánachaibh leanus mo thighearna.
28
Guidhim thú, maíth cionta do bhanóglaich: óir do dhéana an TIGHEARNA go deimhin tigh daingean dom thighearna; dó chionn go ttróidionn mo thighearna catha an TIGHEARNA, agus nach fríth olc ionnad ar feadh do sháoghail.
29
Gidheadh déirghe duine dot inghreim, agus díarruidh do bhaís: achd biáidh anum mo thighearna ceangailte a gceanglachán na beatha a bhfochair do THIGHEARNA Día; agus anmánna do námhad, a síad theilgfios sé amach, amhuil as lár chránn tábhuill.
30
Agus tiucfa a gcrích, a núair do dhéana an TIGHEARNA dom thighearna do réir gach uile maitheasa dar labhair sé dot thaóbhsa, agus óirdeochus sé thú ad úachdarán ós cionn Israel;
31
Nach mbiáidh so na dhoilghios duitsi, nó na choir mheanman dom thighearna, gur dhóirt tú fuil gan adhbhar, nó gur dhíoghuil mo thighearna é féin: achd a núair do gheabhthar an TIGHEARNA go maith ar mo thighearna, ann sin cuimhnigh do bhanóglach.
32
¶ Agus a dubhairt Dáibhi re Abigail, Go madh beannuígh an TIGHEARNA Día Israel, noch do chuir thusa a niugh am choinne:
33
Agus go madh beannuigh do chomhairle, agus go madh beannuigh thú feín, noch do thoirmisg misi a niugh um theachd do dhórtadh fola, agus o mé féin do dhioghuilt lem láimh féin.
34
Oir go dearbhthá, mar mhairios an TIGHEARNA Día Israel, noch do chonnuimh misi ó thúsa ghortughadh, muna ndéarnthá deithnios, agus teachd am choinne, go demhin ní fúigfidhe ag Nábal suil thuicfadh sóillse na maidne, áon do mhúnfadh a naghaidh an bhalla.
35
Mar sin do ghlac Dáibhi as a láimh gach ní dá ttug sí chuige, agus a dubhairt sé ría, Imthigh súas a síothcháin chum do thighe; féuch, déist misi red ghlór, agus do ghlac mé go maith do ghnúis.
36
¶ Agus tháinig Abigail go Nábal; agus, féuch, do chonnuimh sé féusta iona thigh, amhuíl féusta rígh; agus do bhí croidhe Nábal súgach ann, óir do bhí sé ar meisge go mór: uime sin níor innis sisi dhó einnígh, a bheag nó a mhór, nó go ttáinic maidin ar na mhárach.
37
Ach tárla ar maidin, a nuáir do imthigh an fíon as Nábal, agus ar innis a bhean na neithesi dhó, go bhfuair a chróidhe bás ann a stigh, agus go raibh marbh mar chloich.
38
Agus tárla táobh a stigh do dheich lá na dhiáigh sin, gur bhuáil an TIGHEARNA Nábal, agus go bhfuáir se bás.
39
¶ Agus a núair do chúaluidh Dáibhi gur éug Nábal, a dubhairt sé, Go madh beannuigh an TIGHEARNA, noch do thagair cúis mo scanla as láimh Nábal, agus do chonnuimh a shearbhfhoghantuigh ó olc do dhéanamh: óir dfill an TIGHEARNA urchóid Nábal ar a cheann féin. Agus do chuir Dáibhí teachda úadh, agus do chomhráidh sé ré Habigail, da gabháil chuige na mnáói.
40
Agus a nuair thangadar searbhfhoghantuigh Dháibhi go Habigail go Carmel, do labhradar ría, dhá rádh, Do chuir Dáibhi sinne chugad, dot fhaghail dhó mar mnaói.
41
Agus déirigh sisi, agus do chrom síos go talumh ar a haghaidh, agus a dubhairt, Féuch, bíodh do bhanóglach na serbhíseach do nighe chos shearbhfhoghainteadh mo thighearna.
42
Agus do bhrostuígh Abigail uirre, agus déirigh, agus do chuáidh ar assal, agus cúigear ógbhan dar budh leigh na diáigh; agus do lean sí teachda Dháibhi, agus do bhí na mnaói aige.
43
Thug Dáibhi mar an gcéadna Ahinoam ó Iesreel; agus do bhádar aráon na muáibh aige.
44
¶ Ach thug Saul Míchal a inghean, bean Dháibhi, do Phaltí mhac Lais, noch do bhí do Ghallim.
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 26 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31