bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 2
1 Samuel 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 3 →
1
Agus do ghuidh Hannah, agus a dubhairt, Atá mo chroidhe solásach annsa TIGHEARNA, do hárduigheadh madharc annsa TIGHEARNA; do fairsingeadh mo bhéul ós cíonn mo námhad; do chionn go ngáirdighim ann do shlánughadhsa.
2
Ní bhfuil éainneach náomhtha mar an TTIGHEARNA: óir ní bhfuil ann achd thusa: agus ní bhfuil carruig ar bith mar ar Ndíanne.
3
Ná labhruidh ní sa mhó comh anuáibhreachsin; nó tigeadh díomus amach as bhur mbéul: óir is Día eolghach an TIGHEARNA, agus leision meastar na gníomhartha.
4
Do bhriseadh bogha na ndaóine ccumhachdach, agus an luchd fuáir tuisleadh, atáid criosluighthe le neart.
5
Na daóine do bhí lán do chuireadar íad féin amach ar arán; agus na daóine do bhí ocrach do shocruigheadar: ionnus go rug an naimrid móirsheisear; agus an té agá raibh mórán cloinne go bhfuil sí ar ndul a laige.
6
Sé an TIGHEARNA mharbhus, agus aithbhéodhus: beiridh sé síos chum na húaidhe, agus do bheir a níos.
7
Sé an TIGHEARNA do ní daidhbhir, agus do ní saidhbhir: cuirfidh sé síos, agus togbhuidh sé súas.
8
Tógbhuidh sé an bochd as an luáithreadh, agus tógbhnidh sé fear íarata na déirce súas as an ccárnan aóiligh, dá ccur na suidhe eidir phrionnsadhuibh, agus do thabhairt orra cathaóir ghlóire do shealbhughadh: óir is leis an TTIGHEARNA uáithnighe na talmhan, agus do shuighigh sé an domhan orra.
9
Cuimhdeochuidh sé cosa a naomh, agus béid na cionntuigh na ttochd an ndorchadas; óir ní bhéara éainneach buáidh le neart.
10
Brisfighear námhuidh an TIGHEARNA na míreannuibh; amach ó neamh do dhéana sé tóirneach orra: breathnochuidh an TIGHEARNA cúainnigh an domhuin, agus do bheara sé neart dhá rígh, agus áirdeochaidh sé adharc a ungthaidh.
11
Agus dimthigh Elcanah go Rámah dhá thigh. Agus do rinne an leanamh miniostralachd don TIGHEARNA a lathair Elí an sagart.
12
¶ Anois dobo mic bhelial mic Elí; níor aithnigheadar an TIGHEARNA.
13
Agus do bé gnáth na sagart ris an pobal, a nuáir do ofráladh duine ar bith íodhbuirt, do thigeadh óglach an tsagairt, a nuáir do bhíodh a nfeóil dá bruith, agus adhal thrí mbeangán ann a láimh;
14
Agus do bhuaileadh sin san noigheann, no san cceteal, nó san ccoire, nó san bpota; an mhéid do bheireadh an tadhal a níos do bheireadh an sagart sin chuige féin. Marsin do nídis a Siloh ré na ttigeadh do na Hisraelitibh annsin.
15
Mar an gcéadna suil do loisgedís an méathus, do thigeadh serbhfhoghantuigh an tsagairt, agus a deireadh ris an té do níodh an níodhbairt, Tabhair feóil róstadh don tsagart; óir ní ghéabha sé feóil bhruite uáid, achd feóil amh.
16
Agus dá nabradh duine ar bith ris, Ná déindís failligh ris an méathus do losgadh ar báll, agus beir leachd mar is toil led mheanmuin; annsin do fhreigeoradh seision é, Ní headh; achd do bhéara tú dhamh a nois é, agus muna ttugair, béara me liom ar éigin é.
17
Ar a nadhbharsin bá ro mhór peacadh na nógánach a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA: óir do fhuáithigheadar daóine íodhbairt an TIGHEARNA.
18
¶ Acht do bhí Samuel ag miniostralachd a lathair an TIGHEARNA, na leanamh, ar na chrioslughadh ann ephod líneuduigh.
19
Os a chionn sin do níodh a mhathair cóta beag dhó, agus do bheireadh chuige é ó bhliádhuin go blíadhuin, a nuáir do thigeadh sí a níos lé na fear dofráil na hiodhbartha blíadhnamhla.
20
¶ Agus do bheannuigh Eli Elcanah agus a bhean, agus a dubhairt, Go ttuga Día sliochd duitsi ris an mnaói si ar son a níasaichd tugadh don TIGHEARNA. Agus do chúadar dá náit féin.
21
Agus dfiosruigh an TIGHEARNA Hannah, ionnus gur ttoirchéadh í, agus go rug tríur mac, agus días inghean. Agus días an leanamh Samuel a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA.
22
¶ Anois do bhí Elí ro fhoirfe, agus do chúalaidh sé a ndeárnadar a mhic re Hisrael uile; agus mar do luighedís ris na mnáibh do chruinnigheadh ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh.
23
Agus a dubhairt sé ríu, Cred fa ndéantaoi a leitheid so? óir do chluinim bhur ndroichghníomha ón phobalso uile.
24
Ní headh, a chlann; óir ní maith na túarusgbhála do chluinim: do bhearthaoi ar phobal an TIGHEARNA peacughadh.
25
Má pheacuigheann neach a naghaidh a chéile, do dhéana an breitheamh breitheamhnus air: achd má pheacuigheann duine a naghaidh an TIGHEARNA, cía laibheorús ar a shon? gidheadh níor chuireadarsan suim a mbriathruibh a nathar, do bhrígh go muirfeadh an TIGHEARNA íad.
26
Agus dfás an leanamh Sámuel ar a aghaidh, agus do bhí a bhfabhar araon ag an TIGHEARNA, agus fós ag daoinibh.
27
¶ Agus tháinic óglach Dé go Héli, agus a dubhairt ris, Marso a deir an TIGHEARNA, Ar fhoillsigh misi mé féin go soilléir do thigh hatharsa, a nuáir do bhádar san Négipt a ttigh Pháraoh?
28
Agus ar thogh mé é as treabhuibh Israel uile, do bheith na shagart agum, díodhbairt ar maltóir, do losgadh túise, diomchar ephod am fhiadhnuisi? agus a ttug me do thigh hathar a nuile íodhbairt do dhéantaoi le teinidh ó chloinn Israel?
29
Cred fá bpreabann sibh air míodhbairt agus air mofráil, noch do órduigh mé ann mo thigh; agus go nonóruighíonn tú do mhic ós mo chionnsa, da bhur ndéanamh féin méith le príomhchuid gachá hofrála mo phobail Israel?
30
Uime sin a deir TIGHEARNA Día Israel, A dubhairt mé go deimhin go siobhóladh do thighse, agus tigh hathar, am fhiadhnuisi go bráth: acht anois a deir an TIGHEARNA, Bíodh sin a bhfad uáim; óir an luchd onóruighios mé a síad do dhéansa onórughadh, agus an luchd tharcuisnighios mé budh bheag a meas.
31
Féach, tiucfaid na láethe, go ngearrfa misi do lámh dhíot, agus lámh tighe hathar, iondus nach biaidh seanduine ann do thigh.
32
Agus do chífe tú námhuid ann mo thighsi, annsa nuile shaidhbhrios noch do bhéaras Día Dísrael: agus ní bhiáidh seanduine ann do thighsi go bráth.
33
Agus an duine dot mhuinntir, nach gearrfa mé óm altóir, mairfidh sé do mhilleadh do shúl, agus do chradh do chroidhe: agus do gheabhuid biseach do thighe uile bás a scoith a naóise.
34
Agus bíáidh so na chomhartha agad, noch thiucfas ar do dhías mac, ar Hóphni agus ar Phinehas; éagfuid aráon a néanló.
35
Agus tóigfe mé súas damh féin sagart lán dfirinne, noch dhéanas do réir mar atá ann mo chroidhe, agus ann minntinn: agus tóigfe mé tigh daingion dó; agus siubholuidh sé roimhe mo ungthach go bráth.
36
Agus tiucfaidh a ccrích, gach uile dhuine dá bhfuigfighear ann do thighsi, go ttiucfa agus go ccromfuigh chuige ar son phíosa airgid agus greama arám, agus déara sé, Guidhim thú, cuir misi, a noifig éigin bheanas ris an tsagartachd, go bhféada mé greim aráin ithe.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31