bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 12
1 Samuel 12
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 13 →
1
Agus a dubhairt Samuel re Hisrael uile, Féuchaidh, déist mé ré bhur nglór ann gach uile ní dá ndubhrabhair riom, agus do rinne mé rígh ós bhur ccionn.
2
Agus anois, féachaidh, atá an rígh ag siubhal romhuibh: agus atáimsi sean agus ceinnlíath; agus, féachuidh, atáid mo mhic aguibh: agus do shiubhail mé romhuibhsi óm naóidheantachd gus a niugh.
3
Féachuidh, atáim annso: déanuidh fiadhnuisi am aghaidh a lathair an TIGHEARNA, agus a lathair a ungthuidh: Cía agaibh dar bhean mé a dhamh? nó cía dar bhean mé a assal? no cía do mheall mé? no cía do ghortuigh mé? nó cía hí an lámh as ar ghlac mé cumha ar bith do dhalladh mo shul leis? agus aiseoga mé dhíbh é.
4
Agus a dubhradarsan, Níor mheall tú sinne, agus níor sháruigh tú sinn, ní mó do ghlac tú éinní as láimh éanduine.
5
Agus a dubhairt sesion ríu, Is fiadhnuisi an TIGHEARNA bhur naghaidh, agus is fiadhnuisi a ungtha san ló aniugh, nach bhfúarabhair éinní am láimh. Agus do fhreagradarsan, Is fiadhnuisi.
6
¶ Agus a dubhairt Samuel ris an bpobal, Asé an TIGHEARNA do órduigh Maoise agus Aaron, agus thug bhur naithre amach as crích na Hégipte.
7
Anois ar a nadhbharsin fanuidh bhur seasamh, go ndéarna mé aidhnios ribh a lathair an TIGHEARNA, fá uile ghníomhradh ceart an TIGHEARNA, noch do rinne sé dhíbhse agus dá bhur naithribh.
8
A nuáír tháinic Iácob a steach don Négipt, agus do éighmheadar bhur naithre air an TTIGHEARNA, ann sin do chuir an TIGHEARNA Máoisi agus Aaron chugaibh, noch thug bhur naithre amach as an Négipt, agus thug orra comhnuighe dhéanamh san náitsi.
9
Agus a nuáir do dhearmadar a TTIGHEARNA Día, do reac sé íad a lámh Shisera, caiptín slóigh Hasor, agus a láimh na Bhphilistineach, agus a láimh rígh Móab, agus do throideadar na naghaidh.
10
Agus do éighmheadar chum an TIGHEARNA, agus a dubhradar, Do pheacuigheamar, do bhrígh gur thréigeamar an TIGHEARNA, agus gur adhramar Báalim agus Astárot: achd a nois sáor sinn as lámhuibh ar námhad, agus do dhéanam seirbhís duit.
11
Ar a nadhbharsin do chuir an TIGHEARNA Ierubbaal, agus Bedan, agus Iephthah, agus Samuel, agus do thárrthuigheadar sibh ó láimh bhur námhad air gach uile thaobh, agus do chomhnuigheabhair daingean.
12
Agus a nuáir do chonncabhair go ttáinic Nahas rígh chloinne Ammon bhur naghaidh, a dubhrabhair riomsa, Ni headh; achd biáidh rígh ós ar gcionn: a nuáir gur bhé bhur TTIGHEARNA Día fá rígh dhíbh.
13
Anois ar a nadhbharsin, féachaidh an rígh do thoghabháir, agus díarrabhair! agus, féachuidh, do chuir an TIGHEARNA rígh ós bhur gcionn.
14
Ma bhionn eagla an TIGHEARNA oruibh, agus seirbhís do dhéanamh dhó, agus umhlughadh dhá ghlór, agus gan cathughadh a naghaidh aitheanta an TIGHEARNA, ann sin fanfuidh sibh féin agus an rígh bhías ós bhur ccionn go bunáiteach ag leanmhuin bhur TTIGHEARNA Día.
15
Acht muna numhluidhigh sibh do ghuth an TIGHEARNA, ach cathughadh a naghaidh aitheanta an TIGHEARNA, ann sin biáidh lamh an TIGHEARNA bhur naghaidh, mar do bhí a naghaidh bhur naithreadh.
16
Anois ar a nadhbharsin seasuidh agus féachuidh an ni mórso, dhéanas an TIGHEARNA as coinne bhur súl.
17
Nach é fóghmhar na cruithneachda a niugh? guidhfidh misi an TIGHEARNA, agus cuirfidh sé tóirneach agus fearthuinn; chor go ttuigfidhe agus go bhfáicthi gur mór bhur gcionta, noch do rinneabhair a lathair an TIGHEARNA, a níarruidh rígh dhíbh féin.
18
¶ Mar sin do ghoir Samuel ar an TTIGHEARNA; agus do chuir an TIGHEARNA tóirneach agus fearthuinn an lá sin: agus do ghabh eagla mhór an pobal uile roimhe an TTIGHEARNA agus roimhe Shamuel.
19
Agus a dubhradar an pobal uile re Samuel, Guidh do THIGHEARNA Día air son do sheirbhíseach, go nach bhfagham bás: óir do chuireamar a gcionn ar bpeacaidh uile an tolcso, rígh íarruidh dúinn féin.
20
¶ Agus a dubhairt Samuel ris an bpobal, Ná bíodh eagla oruibh: (do rinneabhair na cionta sa uile: gidheadh ná héirghidhe do leaththaóibh ó leanmhuin an TIGHEARNA, achd adhraidh an TIGHEARNA maille re bhur nuile chroidhe;
21
Agus ná héirghidhe do leaththaoibh: óir annsin leanfuidhe neithe díomhaóine, nach déan tarbha nó ttárrtháil; óir is díomhaóin íad.)
22
Oír ní thréigfidh an TIGHEARNA a phobal féin air son a anma mhóir: do chionn gur bhí toil an TIGHEARNA a phobal féin do dhéanamh dhíbh.
23
Os a chionn sin ar mo shonsa, nár léigidh Día go ndéanuinn peacadh a naghaidh an TIGHEARNA an sgur do ghuidhe ar bhur son: achd múinfidh mé dhíbh an tslighe mhaith dhíreach:
24
Amháin bíodh eagla an TIGHEARNA oruibh, agus adhruidh é go fírinneach maille re bhur nuile chroídhe: óir measuidh cred é méud na neitheann do rinne sé ar bhur son.
25
Acht má neithí droichghníomha do ghnáth, scriosfuighear aráon, sibh féin agus bhur rígh.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31