bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 26
1 Samuel 26
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 27 →
1
Agus tangadar na Siphítigh go Saul go Gibéah, ghá rádh, Nach bhfuil Daíbhi dhá dhísliughadh féin a ccnoc Hachilah, noch atá as coinne Iesimon?
2
Annsin déírigh Saul, agus do chuáidh síos go fásach Siph, ar mbeith thrí míle féar toghtha Disrael leis, díarruidh Dháibhi a bhfásach Siph.
3
Agus do champuigh Saul a ccnoc Hachilah, noch atá as coinne Iesimon, láímh ris an tslighe. Ach do chomhnuidh Dáibhi annsa bhfásach, agus do chonnairc sé go ttáinic Saul na dhiáigh san bhfásach.
4
Do chuir Dáibhi ar a nadhbharsin luchd bhratha amach, agus do thuig go ttáinic Saul ar gach éanchor.
5
¶ Agus déirigh Dáibhi, agus tháinic gus a náit ar shuighe Saul a champa: agus do chonnairc Dáibhi a náit ar luigh Saul, agus Abner mhac Ner, caiptín a shlóigh: agus do luídh Saul annsa ttrinnse, agus an slúagh a ccampa air gach éantáobh dhe.
6
Ann sin do fhreagair Dáibhi agus a dubhairt sé re Hachimelech an Hitíteach, agus re Habisai mhac Seruíah, dearbhrathair Ióab, dhá rádh, Cía rachus liom síos don champa go Saul? agus a dubhairt Abisai, Racha misi leachd síos.
7
Marsin tháinic Dáibhi, agus Abisai chum an tslóigh san noidhche: agus, féuch, do bhí Saul na chodhladh a stigh san tréinnse, agus a ghath na sheasadh san talamh agá adhairt: agus do bhí Abner agus an slúagh na luidhe ar gach táobh dhe.
8
Ann sin a dubhairt Abisai re Dáibhi, Thug Día do námhaid a niugh ad láimh: anoís ar nadhbharsin guidhim thú, leíg dhamhsa a bhúaladh, leis an ngath go nuige an ttalámh déantsáthadh, agus ní bhúailfiod an dara huáir é.
9
Agus a dubhairt Dáibhi re Abisai, Ná marbh é: óir cía fhéadus a lámh do shíneadh amach a naghaidh úngthuídh an TIGHEARNA, agus bheith neimhchiontach?
10
Os a chíonn sin a dubhairt Dáibhi, Mar mhairios an TIGHEARNA, buailfidh an TIGHEARNA é; nó tiucfa a lá a bhfuighe sé bás; nó rachaidh sé síos a gcath, agus tuitfe sé.
11
Nár leígidh an TIGHEARNA go sínfinnsi amach mo lámh a naghaidh ungthaigh an TIGHEARNA: ach, guidhim thusa anoís, glac an gath atá agá chéannadhairt, agus an cruisgín uisge, agus bíom ag imtheachd.
12
Mar sin do thóg Dáibhi an gath agus an crúisgín uisge ó cheannadhairt Shauil; agus do imthigheadar rompa, agus ní raibh éanduine ann do chonnairc sin, nó agá raibh á fhios, nó do mhúscail: óir do bhádar uile na gcodhladh; do chionn gur thuit súan trom ón TTIGHEARNA órra.
13
¶ Ann sin do chúaidh Dáibhi don táoibh oile anonn, agus do sheas a mullach cnoic a bhfad uátha; agus spás mór eatorra:
14
Ann sin do ghoir Dáibhí air an tslúagh, agus air Abner mhac Ner, gha rádh, Nach bhfreagrann tú, a Abner? Ann sin do fhreagair Abner, agus a dubhairt, Cía thusa bhéiceas air ann rígh?
15
Agus a dubhairt Dáibhi re Habner, Nach bhfuil tusa ad ghaisgidheach bheódha? agus cía as cosmhuil riot ann Israel? uime sin cred fa nar choimhéad tú do thighearna an rígh? óir tháinic duíne don tslúagh a steach do mharbhadh an rígh do thighearna.
16
Ní maith an níso do rínne tú. Mar mhairios an TIGHEARNA, do thuilleabhair bhur mbásughadh, dó bhrígh nár choimhéadabhair bhur maighistir, ungthach an TIGHEARNA. Agus anois féuch cáit a bhfuil gath an rígh, agus an crúisgín uisge do bhí aga cheannadháirt?
17
Agus do aithin Saul guth Dháibhí, agus a dubhairt, Né so do ghuth sa, á mhic a Dháibhi? Agus a dubhairt, Sé so mo ghuth sa, a thighearna, a rígh.
18
Agus a dubhairt sé, Cred é an fáth as a bhfuil mo thighearna mar so ag foileanmhuinn a shearbhfhoghantuigh? óir cred do rinne mé? nó cred an tolc atá am láimh?
19
Anois ar a nadhbharsin, guidhim thú, éisdeadh mo thighearna an rígh briáthra a shearbhfhoghantuigh. Mas é an TIGHEARNA do chorruigh súas am aghaidhsi thú, glacadh sé ofráil chuige: achd mas íad clanna na ndáoine, go madh malluigh íad a lathair an TIGHEARNA; oir do dhíbreadar misi amach aniugh ó fhanmhuin a noighreachd an TIGHEARNA, ghá rádh, Eirigh, adhair deé oile.
20
Anois uime sin, ná dóirtear mfuil fá thalumh a bhfíaghnuisi an TIGHEARNA: óir tháinic rígh Israel amach díarruigh dearnaide, mar do ní duine fíadhach ar phaitrisg ansna sléibhtibh.
21
¶ Ann sin a dubhairt Saul, Do pheacaidh mé; fill, a mhic a Dháibhí: óir ní dhéansa dochar dhuit ní bhus mó, do chionn go raibh manum mórluaigh ad radharc a niugh; féuch, do rinné mé amadánachd, agus do chúaidh me ar seachrán go hiomarcach.
22
Agus do fhreagair Dáibhi agus a dubhairt, Féuch gath an rígh! tigeadh duine do na hóganachaibh a nall agus beireadh leis é.
23
Go ccúitighidh an TIGHEARNA re gach éanduine a fhíréantachd agus a ionurniceas: óir thug an TIGHEARNA thusa am láimhsi a niugh, ach níor bháill líom mo lámh do shíneadh amach a naghaidh ungthaidh an TIGHEARNA.
24
Agus, féuch, mar do bhí hanum ro úasal am radharcsa a niugh, gur marsin bhías manumsa mórluáigh a suilibh an TIGHEARNA, agus go sáoruidh sé mé ó nuile thrioblóid.
25
Ann sin a dubhairt Saul re Dáibhi, Go madh beannuigh bhías tusa, a mhic a Dháibhi: do dheana tú neithe móra, agus fós béaruidh tú buáidh a gcomhnuighe. Mar sin dimthigh Dáibhi roimhe, agus dfill Saul dá áit féin.
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 27 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31