bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 15
1 Samuel 15
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 16 →
1
Agus a dubhairt Samuel fós ré Saul, Do chuir an TIGHEARNA misi dot ungadhsa dot bheith ad rígh ós chionn a phobail, ós cíonn Israel: anois ar a nadhbharsin tabhairsi haire dfuaim briathar an TIGHEARNA.
2
Is marso a deir TIGHEARNA na slúagh, Cuimhnighim an ní do rinne Amalec re Hisrael, mar do chuir sé luigheachán roimhe annsa tslighe, a nuáir tháinic sé amach ón Négipt.
3
Anois éirigh agus buáil Amalec, agus léirscrios gach uile ní dá bhfuil aca, agus na coigil íad; ach marbh an bhean agus an fear, an leanamh agus naoidhe na cích, an damh agus an cháora, an cámhall agus an tassal.
4
Agus do chruinnigh Saul na dáoine a bhfochair a chéile, agus do chomháir íad ag Telaim, dhá chéad míle coisigh, agus deich míle fear do Iúdah.
5
Agus tháinic Saul go cathruigh le Hamalec, agus do chuir luidheachán annsa ghleann.
6
¶ Agus a dubhairt Saul ris na Ceníteachaibh, Eirgidhe, fágbhuidh so, teighidh síos ó bheath a measc na Namaleciteach, deagla go scriosfuinnsi sibh maille riú: óir do thaisbeanabhairsi muinteardhas do chloinn Israel uile, a nuair thangadar súas as talumh na Hégipte. Marsin dimthigheadar na Cenítígh ó bheith a measc na Namaleciteach.
7
¶ Agus do bhúail Saul na Hamalecitigh ó Habhilah nó go ttí tú go Sur, atá thall as coinne na Hégipte.
8
Agus do ghabh sé Agag righ na Namalecíteach beó, agus do léirscrios na daoine uile lé fáobhar an chloidhímh.
9
Ach do choigil Saul agus a nahuinntir Agag, agus an chuid do bfeárr do na cáorchuibh, agus do na damhuibh, agus do na méathuibh, agus do na huanuibh, agus gach éinni bhí go maith, agus nior bháill leó a léirsgrios: achd gach einni dhá raibh mímheasta agus tarcuisneach, do scriosadar íad sin go hiomlán.
10
¶ Ann sin tháinic bríathar an TIGHEARNA go Sámuel, gha rádh,
11
As aithreach liom go ndearna mé rígh do Shuail: óir do iompoigh sé ó misi leanmhuin, agus níor choimhlíon maitheanta. Agus do ghoill sin ar Shamuel; agus do eígh ar an TTIGHEARNA feadh na hoidhche.
12
¶ Agus a núair do éirigh Samuel go moch do theagmháil re Saul ar maidin, do hinnseadh do Shamuel, ghá rádh, Thainic Saul go Carmel, agus, féuch, do chuir sé súas áit dhó féín, achd do chas sé timchioll, agus do ghluais roimhe síos go Gilgal.
13
Agus tháinic Samuel go Saul: agus a dubhairt Saul ris, Go madh beannuigh thú ón TTIGHEARNA: do chomhaill mísi aithne an TIGHEARNA.
14
Agus a dubhairt Samuel, Máseadh cread í an mhéidhleach so na ccaorach ann mo chlúasaibh, agus géimneach na ndamh ad chluinim?
15
Agus a dubhairt Saul, O na Hamaleciteachaibh thugadar íad: óir do choigleadar na daóine an chuid do bféarr do na cáorchuibh agus do na damhuibh, do iodhbairt dot THIGHEARNA Díase; agus do scriosamar thríd amach an chuid eile.
16
Ann sin a dubhairt Samuel re Saul, Fan, agus inneosa misi dhuit cread a dubhairt an TIGHEARNA riom a nocht. Agus a dubhairt seision ris, Abair romhad.
17
Agus a dubhairt Samuel, A núair do bhí tú beag ad radharc féin, nach ndéarnadh ceann díot ar threabhuibh Israel, agus nar ungaidh an TIGHEARNA thú ad rígh ós cionn Israel?
18
Agus do chuir an TIGHEARNA thusa a tturus, agus a dubhairt, Eirigh agus scrios thríd amach na peacaidh na Hamalecitigh, agus troid riú nó go scriostar íad.
19
Uime sin cred fá nar umhluidh tú do ghuth an TIGHEARNA, achd do líng tú ar a néadáil, agus do rinne tú cionta a radharc an TIGHEARNA.
20
Agus a dubhairt Saul ré Samuel, Ní headh, do umhluidh misi do ghuth an TIGHEARNA, agus do chuáidh mé san tslighe ionar chur an TIGHEARNA mé, agus thug mé Agag rígh na Namaleciteach liom, agus do scrios mé na Hamalecitigh uile.
21
Ach rugadar an pobal leó don néadáil, cáoiridh agus daimh, agus an cuid bá féarr dá gach éinní ba cóir a leirsgrios, chum íodhburtha dot THIGHEARNA Día a Ngilgal.
22
Agus a dubhairt Samuel, An bhfuil oirid dúile ag an TTIGHEARNA a nofráluíbh loisge agus a níodhbarthaibh, mar atá aige a numhla do ghlór an TIGHEARNA? Féuch, Is féarr umhlughadh ná íodhbairt. agus éisdeachd ná méathas reitheadh.
23
Oír ionann dul an neasurramachd agus peacadh piseóguigh, agus easumhla ionnán agus éaigceart agus iodhaládhradh. Do chionn gur tharcuisnigh tú focal an TIGHEARNA, do tharcuisnigh seision thusa mar an gcéadna ó bheith ad rígh.
24
¶ Agus a dubhairt Saul re Samuel, Do pheacaidh mé: óir do sháruigh mé aithne an TIGHEARNA, agus do bhriathrasa: do chionn gur raibh eagla an phóbail orm, agus gur áontoigh mé dhá nglor.
25
Anois ar a nadhbharsin, guidhim thú, tabhair maitheamhnus mo pheacaidh dhamh, agus iompóigh liom a rís, go nadhradh mé an TIGHEARNA.
26
Agus a dubhairt Samuel re Saul, Ní fhillfe misi leachd: óir do tharcuisnigh tú focal an TIGHEARNA, agus dotharcuisnigh an TIGHEARNA thusa ó bheith ad rígh ar Israel.
27
Agus a núair do fhill Samuel dimtheachd ar ais, rug seision ar irr falluinge air, agus do bhris í.
28
Agus a dubhairt Samuel ris, Do réub an TIGHEARNA rioghachd Israel uaitsi a niugh, agus thug í dod chomharsuinn, noch is féarr ná thusa.
29
Agus fos ni dhéana neart Israel bréag agus ni bhía aithreach: óir ní duine é, as a mbíadh aithreachus air.
30
Ann sin a dubhairt sé, Do pheacaidh mé: gidheadh guidhim thú, onóruigh mé anois, roimhe sheanuibh mo phobail, agus roimhe Israel, agus iompoigh liom a rís, go nadhraidh mé do THIGHEARNA Día.
31
Mar sin do fhill Samuel a rís a ndiáigh Shauil; agus do adhair Saul an TIGHEARNA.
32
¶ Ann sin a dubhairt Samuel, Tabhairsi leachd annso chugamsa Agag rígh na Namaleciteach. Agus tháinic Agag súas chuige go cóirighthe. Agus a dubhairt Agag, Go deimhin do chuáidh searbhadus an bháis seachad.
33
Agus a dubhaírt Samuel, Mar do rinne do cloidheamhsa mná gan chloinn, mar sin bhías do mhathairsi gan chloinn a measc na mban. Agus do gheárr Samuel Agag na chotchannuibh a lathair an TIGHEARNA a Ngilgal.
34
¶ Ann sin do chuáidh Samuel go Rámah; agus do chuáidh Saul súas go Gibeah Sháuil dhá thigh féin.
35
Agus ní tháinic Samuel nísa mhó dféachuin Shauil go ló a bháis: gidheadh do chaóin Samúel Sául: agus dob aithreach leis an TTIGHEARNA mar do rinne sé rígh do Shaul ós cionn Israel.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31