bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 14
1 Samuel 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 15 →
1
Anois tárla lá áirigh, go ndubhairt Ionatan mhac Sauil ris a nógánach do iomchair a airm, Eírigh, agus déanam anonn go garda na Bhphilistineach, atá ar an ttáoibh thall. Achd níor innis sé sin da athair.
2
Agus dfan Saul annsa chuid dob fhaide amach do Ghibeah fáoi chrann pomgránait noch atá a Migron: agus na dáoine do bhí na fhochair do bhádar timchioll sé ghcéad fear:
3
Agus Ahiah, mac Ahitub, dearbhrathair Ichaboid, mhic Phineas, mhic Elí, sagart an TIGHEARNA ó Shíloh, ag iomchar ephod. Achd ni raibh a fhios ag an bpobal gur imthigh Ionatan.
4
Agus eidir na slighthibh, cumhga sin ar thairg Ionatan dul anonn go gárda na Bhphilistineach, do bhí carruic géur a ttaóbh dhe, agus carruic géur don taobh eile: agus ainm aón dhíobh Boses, agus Seneh ainm an taón eile.
5
Do bhí aghaidh aón dhíobh ar na suighiughadh budh thuáidh thall as coinne Mhichmas, agus aón oile budh dheas thall as coinne Ghibeáh.
6
Agus a dubhairt Ionatan ris a nóganach do iomchair a airm, Gluáis, agus deanum anonn go gárda na ndáoine nemhthimchill‐gheárrthasa: dob éidir go noibreochadh Día air ar son: óir ní bhfuil toirmheasg ar an TTIGHEARNA dídean da dhéanamh lé mórán nó lé beagán.
7
Agus a dubhairt fear iomchair a airm ris, Déana gach ní dá bhfuil ad inntinn: iompoigh thú féin; feúch, atáimsi leachd do réir do thola.
8
Ann sin a dubhairt Ionatan, Féuch, racham anonn mar a bhfuilid na dáoinesi, agus foillseocham sinn féin dóibh.
9
Ach má deirid síad rinn marso, Fanuidh nó go ttigiom chugaibh; annsin fanfam ar seasamh ann ar náit, agus ní racham súas chuca.
10
Achd má deirid mar so, Tigidh súas chugainn; annsin racham súas: óir thug an TIGHEARNA ann ar láimh íad: agus biáidh so na chomhartha aguinn.
11
Agus do thaisbeanadar íad féin araon do ghárda na Bhphilistíneach: agus a dubhradar na Philístinigh, Feúch, atáid na Heabhruidhe ag teachd amach as na polluibh mar ar fholchadar íad féin.
12
Agus do fhreagradar muinntir an ghárda Ionatan agus fear iomchair a airm, agus a dubhradar, Tigidh súas chugainne, agus taisbeanfam ní dhíbh. Agus a dubhairt Ionatan re fear iomchair a airm, Tárr súas am dhiáigh: óir do thoirbhir an TIGHEARNA a láimh Israel íad.
13
Agus do chuáidh Ionatan le dreapaireachd súas air a lamhuibh agus air a chosuibh, agus fear iomchair a airm na dhiáigh: agus do thuiteadar roimhe Ionatan; agus do mharbh fear iomchair a airm na dhiáigh.
14
Agus do bhí an céad ár sin, thug Ionatan agus fear iomchair a airm, timchioll fhithchid fear, taobh a stigh timchioll leath acra fearuinn, treabhadh chuingealach damh.
15
¶ Agus do bhí coimhchrith annsa tsluaigh, annsa machaire, agus ar fud na ndaóine uile: an gárda, agus na creachadóirigh, do bhí critheagla orrasan mar an gcéadna, agus do chriothnuigh an talumh: ionnus go raibh na chriothnughadh ro mhór.
16
Agus do fhéachadar luchd faire Shauil a Ngibeáh Bheniamin; agus, do chonncadar an slúagh ag leaghadh as a chéile, agus gur thiomáineadar ag búaladh ar a chéile.
17
¶ Annsin a dubhairt Saul ris an muinntir do bhí na fhochair, Airmhidhe anois, agus féachaidh cía chuaidh uáinn. Agus a nuáir do áirmheadar, féuch, ní raibh Ionatan ná fear iomchartha a airm ann.
18
Agus a dubhairt Saul ré Hahiah, Tabhair airc Dé annso. Oir do bhí airc Dé an tansin ag cloinn Israel.
19
Agus tárla, an fad do bhi Saul ag comhrádh ris an tsagart, go raibh an tarmán do bhi a slúagh na Bhphilistíneach ag dul ar aghaidh agus gur mhéaduigh sé: agus a dubhairt Saul ris an tsagart, Connuimh do lámh.
20
Agus do chruinnigh Saul agus a raibh do dhaóinibh na fhochair íad féin, agus tangadar chum an chatha: agus féach do bhí cloidheamh gach éanduine a naghaidh a chompánuigh, agus do bhí dioghbháil romhór ann.
21
Tuilleamh eile na Heabhruidhe do bhí a bhfochair na Bhphilistíneach roimhe sin, noch do chúaidh súas léo don champa fa gcuáirt, diompoigheadar sin mar an gcéadna leis na Hisraeliteachaibh do bhí a bhfochair Ionatan agus Shauil.
22
Fir Israel uile fós noch do fholuigh íad féin a sliabh Ephraim, a nuáir do chúaladar gur theitheadar na Phílistinigh, do leanadar sin mar an gcéadna go cruáidh íad ann sa chath.
23
Mar sin do sháor Día Israel an lá sin: agus do chuáidh an troid anonn go Bet‐abhen.
24
¶ Agus do bhádar muinntir Israel go haindeis an lá sin: óir do chuír Saul na daoine fa mhíonnuibh, gha rádh, Go madh malluigh an duine íosas bíadh ar bith go tráth nóna, ionnus go raibh misi dioghaltach ar mo námhaid. Mar sin nar bhláis éanduine do na daoinibh bíadh ar bith.
25
Agus tangadar muinntir na tíre uile chum coilleadh; agus do bhí mil ar an ttaluimh.
26
Agus a nuáir thangadar na daoine fán ccoil, féach, do shil an mhil; achd níor chuir éanduine a lámh chum a bhéil: oir do bhí eagla na mionn ar na daóinibh.
27
Acht ní chúala Ionatan a nuáir do chuir a athair na mionna ar na daóinibh: uimesin do shín bárr na slaite do bhí na láimh, agus do thum a gcriathar meala, agus do chuir a lámh chum a bheóil; agus do shoillsigheadar a shúile.
28
Ann sin do fhreagair duine don phobal, agus a dubhairt, Do chuir hathair mionna crúaidhe ar na daóinibh, dhá radh, Go madh malluigh an duine íosas bíadh a níugh. Agus do chuáidh an pobal a nanbhfainne.
29
Ann sin a dubhairt Ionatan, Do bhuáidhir mathair an dúithche: féachuidh, mar athchuinghe oruibh, mar do shoillsigheadar mo shúilesi, do chionn gur bhláis mé don mhilse.
30
Cá mhéid ní sa mhó, dá nithidís na daóine go sáor a niugh déadáil a námhad noch fúaradar? óir nach bíadh anois ár budh romhó a measc na Bhphilistineach?
31
¶ Agus do bhuáileadar na Phílistinigh an lá sin ó Mhichmas go Haiialon: agus do bhádar na daoine ro‐lag.
32
Agus do thiomáineadar na daóine ar na creachaibh, agus do ghabhadar cáoirigh, agus daimh, agus gamhna, agus do mharbhadar ar an ttalumh íad: agus dúadar na daóine íad, maílle re na bhfuil.
33
Ann sin do innisiodar do Shaul, ghá rádh, Féach, do pheacaidh an pobal a naghaidh an TIGHEARNA, mar a táid ag ithe gon an nfuil. Agus a dubhairt seision, Do sháruigheabhair: iomlaitigh cloch mhór chugamsa a niugh.
34
Agus a dubhairt Saul, Leathnuighidh sibh féin a measc cháich, agus abraidh ríu, Tugaidís chugamsa annso gach éanduine a dhamh, agus gach éanduine a cháora, agus marbhaidís annso íad, agus ithedís; agus ná peacuidheadís a naghaidh an TIGHEARNA a nithe maille ris an bhfuil. Agus tugadar an pobal uile gach éanduine a dhamh leis a noidhche sin, agus do mharbhadar ann sin íad.
35
¶ Agus do rinne Saul altóir don TIGHEARNA: si sin an chéad altóir do rinne sé don TIGHEARNA.
36
Agus a dubhairt Saul, Deanum síos a ndiáigh na Bhphilistineach san noidhche, agus creacham íad nó go ttí solus na maidne, agus ná fágbham duine dhíobh. Agus a dubhradarsan, Déana gidh bhé ní is feárr do chítear dhuit. Ann sin a dubhairt an sagart, Táirngiom annso láimh re Día.
37
¶ Agus díarr Saul comhairle ar Dhía, An racha mé síos a ndiáigh na Bhphilistineach? an ttiubhra tú a láimh Israel íad? ach níor fhreagair sé an lá sin é.
38
¶ Agus a dubhairt Saul, Táirngidh a lathair annso, a bhfuiltí do dhaóinibh as feárr ann sin: agus bíodh a fhios aguibh agus féachuidh cáit a raibh an peacadh so a niugh.
39
Oír, mar mhaireas an TIGHEARNA, noch sháorus Israel, bíodh gur ob ann Ionatan mo mhacsa atá, do gheabha sé bás go deimhin. Achd ní raibh duine a measc an phobail do fhreagair é.
40
Ann sin a dubhairt sé re Hisrael uile, Bíthíse ar éantaobh, agus braidh misi agus Ionatan mo mhac don táobh eile. Agus a dubhairt an pobal ré Saul, Déana mar do chítear dhuit féin.
41
Uime sin a dubhairt Saul ris an TTIGHEARNA Día Israel, Taisbéan crannchar comhthrom. Agus do thuit ar Shaul agus ar Ionatan: achd do sáoradh an pobal.
42
Agus a dubhairt Saul, Teilgidh crannchar eadramsa agus mo mhac Ionatan. Agus do thuit sé ar Ionatan.
43
Ann sin a dubhairt Saul ré Ionatan, Innis damh cred do rinne tú. Agus do innis Ionatan dó, agus a dubhairt, Ní dhéarna mé achd beagán meala do bhlas lé bárr slaite do bhí am láimh, agus, féuch, caithfidh mé bás dfagháil.
44
Agus do fhreagair Saul, Go ndéarna Día sin agus tuilleamh mar an gceadna: oir do gheabha tú bás go deimhin, a Ionatan.
45
Agus a dubhradar an pobal re Saul, An bhfuighe Ionatan bás, noch do oibrigh an tártháil mhórso ann Israel? Nar léigidh Día: mar mhaireas an TIGHEARNA, ní rachaidh ruibe do ghruáig a chinn chum talmhan; óir do oibrigh sé le Día a niugh. Mar sin do bheanadar an pobal Ionatan amach, nach ar cuireadh chum báis é.
46
Ann sin do chuáidh Saul síos ó leanmhuin na Bhphilistíneach: agus do chuádar na Philistinigh dá nionad féin.
47
¶ Marsin do ghabh Saul an rioghachd ós cionn Israel, agus do chathaigh a naghaidh a námhad a nuile tháobh, a naghaidh Mhóab, agus a naghaidh chloinne Ammon, agus a naghaidh Edom, agus a naghaidh rígh Sóbah, agus a naghaidh na Bhphilistineach: agus gidh bé taobh a niompoigheadh é féin, do bhúaidhreadh íad.
48
Agus do chruinnigh sé sluágh, agus do bhuáil sé na Hamalecítigh, agus do sháor Israel as lámhuibh na muinntire do bhí dá milleadh.
49
¶ Anois dob íad mic Shaul Ionatan, agus Isui, agus Melchisua: agus dob íad so anmanna a dheise inghean; ainm na mná fá sine Mérab, agus ainm na mná dob óige Michal:
50
Agus Ahinoam ainm mhná Shauil, inghean Ahimaas: agus ainm chaiptín a shlóigh Abner, mac Ner, dearbhrathair athar Shaul.
51
Agus Cis athair Shauil; agus Ner athair Abner fá mac do Abiel é.
52
Agus do bhí cogadh crúaidh a naghaidh na Bhphilistineach an fad do mhair Saul: agus a nuair do chíodh Saul duine láidir ar bith, nó duine curata, do bheireadh chuige é.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31