bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 19
1 Samuel 19
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 20 →
1
Agus do labhair Saul re Ionatan a mhac, agus re na sherbhíseachaibh uile, go marbhaidís Dáibhi.
2
Ach do bhí dúil mhór ag Ionatan mac Shauil a Ndáibhi: agus dinnis Ionatan do Dháibhi, gá rádh, Atá mathair Saul ag íarruidh do mharbhtha: a nois ar a nadhbharsin, guidhim thú, tabhair aire dhuit féin go maidin, agus fan a náit shecréidigh, agus foluigh thú féin:
3
Agus rachaidh misi amach agus seasfuidh mé ré taóibh mathar annsa machaire mar a mbía tusa, agus laibheoruidh mé rem athair dot thaobhsa; agus gidh bé ní chífeas mé, inneosa mé dhuitse é.
4
¶ Agus do labhair Ionatan go maith ar Dháibhi re na athair, agus á dabhairt ris, Ná peacuigheadh an rígh a naghaidh a shearbhfhoghantuighe, a naghaidh Dháibhi; do bhrígh nach ndéarna seison coir ad aghaidhsi, agus do bhrígh gur ro mhaith do bhadar a oibreacha ar do shon:
5
Oír do chuir sé a anum iona láimh, agus do mharbh sé an Philistíneach, agus do oibrigh an TIGHEARNA tártháil mhór ar Israel uile: do chonnarc tusa é, agus do bhí luathghaire ort: ar a nadhbhar sin cred fá ndéantá peacadh a naghaidh fola neimhchiontuighe, Dáibhi mharbhadh gan chúis?
6
Agus thug Saul aonta do ghlór Ionatan: agus thug Saul a mhionna, Mar mhairios an TIGHEARNA, ní muirfigheár é.
7
Agus do ghoir Ionatan ar dháibhi, agus do thaisbéin Ionatan na neithesi uile dhó. Agus thug Ionatan Daibhi chum Sauil, agus do bhí dhá lathair mar na huáiribh roimhe.
8
¶ Agus do bhí cogadh ann a rís: agus do chuáidh Dáibhi amach, agus do throid sé ris na Philistinibh, agus do mharbh sé íad maille re hár mór; agus do theitheadar roimhe.
9
Agus do bhí droichspiorad ón TIGHEARNA ar Shaul, ar mbeith dhó na shuidhe ann a thigh féin agus bonnsach iona laimh: agus Dáibhi ag seinm lé na láimh.
10
Agus díarr Saul Dáibhi do bhúaladh go nuige an balla leis an mbonnsuigh; achd ag sceinneadh dhósan as lathair Shauil, do bhuáil sé an bhonnsach annsa bhalla: agus do theith Dáibhi, agus do chuáidh as a noidhche sin.
11
¶ Do chuir Saul mar an gcéadna teachda go tigh Dháibhi, dhá fhaire, agus dá mharbhadh ar maidin: agus dinnis Michal bean Dháibhi dhó é, gha rádh, Muna gcoimhéaduigh tú thú féin a nochd, muirfighear thú a márach.
12
¶ Mar sin do léig Michal Dáibhi síos thríd an bhfumneóig: agus dimthigh sé, agus do theith, agus do chuáidh as.
13
Agus do ghlac Michal iomháigh, agus do chuir annsa leabuidh é, agus do chuir pilíur dfionnadh gabhar mar cheann adhairt faoi, agus do fholuigh lé héadach é.
14
Agus a nuáir do chuir Saul teachda do ghabháil Dháibhi, a dubhairt sisi, Atá sé tinn.
15
Agus do chuir Saul na teachda úadh a rís dféachuin Dháibhi, gha rádh, Tugaidh a níos chugamsa é ansa leabuidh, go marbhuinn é.
16
Agus a núair thangadar na teachda a steach, féach, do bhí iomháigh annsa leabuigh, agus pilíur dfionnadh gabhar mar cheannadhairt aige.
17
Agus a dubhairt Saul re Michal, Cred fár mheall tú marso mé? agus ar chuir tú mo namhuid ar siubhal, ler imthigh se as? agus do fhreagair Michal Saul, A dubhairt sé riom, Léig dhamh imtheachd; cred as a muirfinnsi thú?
18
¶ Mar sin do theith Dáil hi, agus do chuáidh as, agus thaínic go Samuel go rámah, agus dinnis dó gach a ndeárna Saul ris. Agus dimthigh sé féin agus Samuel agus do chomhnuigheadar a Naiot.
19
Agus do hinnseadh do Shaul, gá rádh, Feúch, atá Dáibhi a Náiot a Rámah.
20
Agus do chuir Saul teachda do ghabháil Dáibhi: agus a nuáir do chonncadar comhchruinniughadh na bhfaigheadh ag fáigheadóireachd, agus Samuel na sheasamh na uáchdarán ós a gcionn, do bhí spiorad Dé ar theachduibh Shául, agus do rinneadarsan fós fáigheadóireachd.
21
Agus a núair do hinnseadh sin do Shaul, do chuir sé teachda eile uadh, agus rinneadarsan fáigheadóireachd mar an gcéadna. Agus do chuir Saul teachda úadh a rís an treas úair, agus do rinneadarsan fós fáigheadóireachd
22
Ann sin do chúaidh sé féin mar an gcéadna go Rámah, agus tháinic sé go tobar mór atá a Sechu: agus dfíafruigh sé, agus a dubhairt, Cá háit a bhfuilid Samuel agus Dáibhi? Agus a dubhairt áon, Feach, atáid a Naiot a Rámah.
23
¶ Agus do chuáidh seision ann sin go Naiot a Rámah: agus do bhí spiorad Dé airsion fós, agus do ghluais roimhe, agus do thairghir sé, nó go ttáinic go Naiot a Rámah.
24
Agus fós do theilg a éadach dhe, agus do thairghir a lathair Shamuel ar an modh gcéadna, agus do luigh siós nochd uigh ar feadh an láesin agus ar feadh na hoidhche. Uime sin a deirid síad, An bhfuíl Saul fós a measc na bhfáigheadh?
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31