bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 23
1 Samuel 23
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 24 →
1
An sin dinnisiodar do Dháibhi, ga rádh, Féuch, atáid na Philistinigh ag troid a naghaídh Cheilah, agus atáid ag slad na nurlár mbuailte.
2
Uime sin dfíafruigh Dáibhi don TIGHEARNA, gha rádh, An racha mé agus an mbúailfe mé na Philistinigh? Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Dáibhi, Eirigh agus buail na Philistinigh, agus tárrthuigh Ceilah.
3
Agus a dubhradar muinntir Dháibhí ris, Féuch, atá eagla oruinn annso an Iúdah: agus ga mhéid ós a chionn sin ma théighmid go Ceilah a naghaidh shlóigh na Bhphilistíneach?
4
Ann sin dfíafruigh Dáibhi fós a rís don TIGHEARNA. Agus do fhreagair an TIGHEARNA é, agus a dubhairt, Eirigh, imthigh síos go Ceilah; óir do bhéara misi na Philistínigh ad laímh.
5
Marsin do chuáidh Dáibhi agus a mhuinntir go Ceilah, agus do throideadar ris na Philistínibh, agus thugadar a náirneís leó, agus do bhúaileadar íad re hár mór. Marsin do sháor Dáibhi áitreabhaigh Cheilah.
6
Agus tárla, a núir do theith Abíatar mhac Achimelech chum Dáibhi go Ceilah, go ttáinic sé síos maille re héphod iona láimh.
7
¶ Agus do hinnseadh do Shaul go ttáinic Dáibhi go Ceilah. Agus a dubhairt Saul, Thug Día am láimhsi é; óir atá sé fa iadhadh a stigh, ar tteachd a mbaile ar a bhfuilid geatuidhe agus barruidhe.
8
Agus do ghoir Saul an pobal uile a gcionn a chéile chum cogaidh, do dhul síos go Ceilah, do shuidhe a naghaidh Dháibhi agus a mhuinntire.
9
¶ Agus do bhi a fhios ag Dáibhi gur oibrigh Saul ós ísiol urchoíd chuige; agus a dubhairt sé ré Abiatar an sagart, Tabhair a leith annso an tephod.
10
Ann sin a dubhairt Dáibhí, A THIGHEARNA Día Israel, do chúala do sherbhíseach go dearbhtha go bhfuil Saul ag íarruidh teachd go Ceilah, do mhilleadh na caithreach ar mo shonsa.
11
An seachódaid muinntir Cheilah mé a láimh Shauil? an ttiocfa Saul a núas, mar do chúala do sherbhíseach? O a THIGHEARNA Día Israel, guidhim thú, innis dot shearbhfhoghantuigh. Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Tiucfaidh sé a núas.
12
Agus a dubhairt Dáibhi annsin, An ttoirbheóruid muinntir Cheilah misi agus mo mhuinntir a laímh Shauil? Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Toirbheóruid.
13
¶ Ann sin déirigh Dáibhi agus á mhuinntir, timchioll sé chéad fear, agus dfágbhadar Ceilah, agus do chuádar gidh bé aít ar fhéudadar dul. Agus do hinnseadh do Shaul gur imthigh Dáibhi as Ceilah, agus do sguir sé dhul ar a aghaidh.
14
Agus do rinne Dáibhi comhnuigh san bhfásach a ndaingneachaibh laídre, agus dfan sé ar shlíabh a bhfásach Siph. Agus do bhí Saul dá íarruidh gach éanlá, achd ní thúg Día iona láimh é.
15
Agus do chonnairc Dáibhi go ttáinic Saul amach dá íarruigh ré a bhásughadh: agus do bhí Dáibhi a bhfásach Siph, a gcoill.
16
Agus déirigh Ionatan mhac Shauil, agus do chuáidh se go Dáibhi annsa choill, agus do neartuigh a lámh a Ndía.
17
Agus a dubhairt sé ris, Ná biodh eagla ort: óir ní bhfuighe lámh Shaúil matharsa thú; agus bíaidh tú do rígh air Israel, agus misi bhus foigse ad dhiáigh; agus atá a fhios sin fós ag mathair Saul.
18
Agus do rinneadar aráon ceangal a láthair an TIGHEARNA: agus dfan Dáibhi san choill, agus dimthigh Ionatán dá thigh féin.
19
¶ Ann sin tangadar na Siphítigh súas go Saul go Gibeáh, ghá rádh, Nach bhfuil Dáibhi aguinne dhá fholach féin a náitíbh daingne annsa choill, a ccnoc Hachilah, noch atá don taóibh ó dheas do Iesimon?
20
Anois ar a nadhbharsan, A rígh, do réir mar is rothoil led inntinn teachd síos tárr síos; agus budh í ar ccuidne dhe a sheachadadh a láimh an rígh.
21
Agus a dubhairt Saul, Go madh beannuigh bheithíse ón TIGHEARNA; óir atá truáighe agaibh dhamhsa.
22
Imthighidh, guidhim sibh, ullmhuighidh fós, agus féachaidh a náit a ngnáthuigheann sé bheith, agus cía chonnairc ann sin é: óir do hinnseadh dhamhsa go mbíonn sé ro aireach.
23
Féachaidh ar a nadhbharsin, agus beiridh éolus ar na huile áitibh díamhra mar a bhfoluigheann sé é féin, agus tigidh chugamsa a rís le deimhin, agus rachaidh mé libh: agus tiucfaidh a gcrích, má bhíonn sé annsa tír, go spíonfuídh misi amach é ar feadh uile mhílteadh Iudah.
24
Agus déirgheadarsan, agus do chúadar go Siph roimhe Shaul: achd do bhí Dáibhi agus a mhuinntir a bhfásach Máon, annsa réiteach taóibh ó dheas do Iesimon.
25
Do chuáidh Saul fós agus a mhuinntir dá íarruidh. Agus dinnsiodar sin do Dháibhi: uime sin do chuáidh sé síos a ccarruig, agus do chomhnuigh a bhfásach Maon. Agus a nuáir do chúalaidh Saul sin, do lean sé a ndiáigh Dhaibhi go fásach Maon.
26
Agus do chuáidh Saul air an ttáobhsa don tslíabh, agus Dáibhi gun a mhuinntir ar an ttáobh eile don tslíabh: agus do rinne Dáibhi deithfir re himtheachd ar eagla Shauil; óir tháinic Saul agus a mhuinntir, timchioll Dháibhi agus a mhuinntire fa gcuáirt dá ngabháil.
27
¶ Acht tangadar teachda chum Sauil, da rádh ris, Deithfrigh ort, agus tárr; óir thangadar na Philistínigh do ghabháil na tíre.
28
Uime sin dfill Saul ó leanmhuin a ndíaigh Dháibhi, agus do chuáidh a naghaidh na Bhphilistíneach; uime sin do ghoireadar Selah‐hammahlecot don náit.
29
¶ Agus do chuáidh Dáibhi suas as sin, agus do comhnuigh a náitibh daingne, ann Engedi.
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 24 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31