bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 22
1 Samuel 22
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 23 →
1
Do imthigh Dáibhi ar a nadhbharsin, as sin agus do chuáidh se go húamhaigh Adullam: agus a núair do chúaladara dhearbhráithre agus muinntir thighe a athar uile sin, do chúadar chuige síos ann sin.
2
Agus gach a raibh a ríachtanas, agus gách a raibh a bhfíachaibh, agus gach áon dá raibh a mbúaidhreadh, do chruinnigheadar íad féin chuige; go mbiadh sé na chaiptín orra: agus do bhí timchioll cheithre chéad fear na fhochair.
3
¶ Agus do chuáidh Dáibhi as sin go Mispeh Móab: agus a dúbhairt sé ré righ Mhóab, Guidhim thú, tigeadh mathair agus mo mhathair amach, agus bidís ad fhochairsi, nó go raibh a fhios agum cred dhéana Día ar mo shon.
4
Agus thug sé a lathair rígh Mhóab íad: agus do chomhnuigheadar na fhochair an feadh do bhí Daibhi san núamhaigh.
5
¶ Agus a dubhairt an fáigh Gad re Dáibhi, Ná fan annsa dáingion úd; imthigh as so, agus éirigh go tír Iudah. Ann sin do imthigh Dáibhi, agus do chuáidh go foraóis Haret.
6
¶ A nuáir do chúala Saul go raibh Dáibhi ós áird, agus na daóine do bhí na fhochair, (anois do bhí Saul na shuighe a Ngibeáh fáoi chrann a Rámah, agus a ghath iona laímh, agus do bhádar a shearbhfhoghantuighe na seasamh gach táobh dhé;)
7
Ann sin a dubhairt Saul re na mhuinntir do bhí gacha táobh dhé, Eístigh anois, a Bheniamíteacha; an ttiubhra mac Iesse do gach aon aguibhsi machairigh agus fineamhna? a ndéana sé dháoibh uile caiptinigh ar mhíltibh, agus caiptínigh ar chéaduibh?
8
As a ndéarnabhair uile feall am aghaidhsi, nach bhfuil éanduine innseas damh go ndéarna mo mhac ceangal re mac Iesse, agus nach bhfuil trúaighe ag éanduine agaibh dhamh, no fhoíllsíghíos gur chorruígh mo mhác mo shearbhfhoghantuigh am aghaidh, do bheith am oirchill, mar atá a niugh?
9
¶ Ann sin do fhreagair Doeg an Tédomiteach, (noch do bhí ós cionn shearbhfhoghantuigheadh Shauil,) agus a dubhairt, Do chonnairc mé mac Iesse ag teachd go Nob go Hachimelech mhac Ahitub.
10
Agus dfíafruigh sé don THIGHEARNA ar a shon, agus thug sé bíadh dhó, agus thug sé cloidheamh Gholiah an Philistineach dhó.
11
¶ Ann sin do chuir an rígh fios ar Achimelech an sagart, mhac Ahitub, agus ar mhuinntir thighe a athar uile, na sagaírt do bhí a Nob: agus thangadar uile chum an rígh.
12
Agus a dubhairt Saul, Eisd anoís a mhic Ahitub. Agus do fhreagair séision, Atáim annso, a thighearna.
13
Agus a dubhairt Saul ris, Cred far thionnsguinn tusa feall am aghaidhsi, thú féin agus mac Iesse, do reír mar thug tú arán dó, agus cloidheamh, agus gur fhíofruigh tú do Dhía air a shon, ionnus go néireochadh sé am aghaidhsi, agus go mbíadh ag oirchill orum, mar atá a niugh?
14
Ann sin do fhreagair Achimelech an rígh, agus a dubhairt, Agus cía atá coimhfhírinneach re Dáibhi a measc do shearbhfhoghantuigheadhsa uile, noch is clíamhuin don rígh, agus shuibhluigheas le do rádha, agus atá onórach ann do thigh?
15
Nar thionsguin misi an lásin Día fhiofrughadh air a shon? go madh fada sin uáim: ná cuíreadh an rígh éinní a leith a shearbhfhoghantuigh, nó a leith thighe mathar uile: óir ní raibh fios éinneithe dhe so uile ag do sherbhíseach, go beag ná go mór.
16
Agus a dubhairt an rígh, Do gheabha tusa bás go deimhin, a Achimelech, thú féin, agus muinntir thighe hathar uile.
17
¶ Agus a dubhairt an rígh ris na coisighibh do bhí gácha taoibh dhe na seasamh, Fillfidh, agus marbhuidh sagairt an TIGHEARNA; do chionn go bhfuil a lámhsan fós lé Dáibhí, agus do chionn go raibh a fhios aca a núair do theith sé, agus nar fhoillsigheadar dhamhsa é. Ach níor bháill lé muinntir an rígh an lámh do shíneadh ar shagartaibh an TIGHEARNA.
18
Agus a dubhairt an rígh re Doeg, Fillse, agus tiomáin ar na sagartaibh. Agus dfill Doeg an Tédomiteach, agus do thiomáin ar na sagartaibh, agus do mharbh sé an lásin cúigear agus ceithre fichthid fear air a raibh ephod linéaduigh.
19
Agus do bhúail sé Nob, cathair na sagart, le fáobhar an chloidhimh, éidir fhear agus mhnáoi, leanamh agus náoidheanán, agus eidir dhamhuibh, agus assaluibh, agus chaorchaibh, le fáobhar an chloidhimh.
20
¶ Agus do chuáidh áon do chloinn Achimelech mhic Ahitub as, dar bhainim Abíatar, agus do theith a ndiáigh Dháibhi.
21
Agus dinnis Abíatar do Dháibhi mar do mharbh Saul sagairt an TIGHEARNA.
22
Agus a dubhairt Dáibhi re Abíatar, Do bhí a fhios agum an lásin, a núair do bhi Doeg an Tédomíteach annsin, gur dheimhin go ninneósadh sé do Shaul: is misi as cionfatha re bás dháoineadh thighe hathar uile.
23
Fansa am fhochairse, ná bíodh eagla ort: an té íarrus mo bhássa asé íarrus do bhássa: ach biáidh tú daingean am fhochairsi.
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 23 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31