bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 20
1 Samuel 20
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 21 →
1
Agus do theith Dáibhi ó Naioth ann Rámah, agus a dubhairt sé a lathair Ionatan, Cred do rinne me? cred í mo choir? agus cread é mo pheacadh a bhfiaghnuise hathair, as a bhfuil sé ag íarruigh mo bháis?
2
Agus a dubhairt seision ris, Nár leígidh Día; ni muirfighear thú: féuch, ní dhéana mathair éinní beag ná mór, nach inneosaidh sé dhamhsa: agus créd fá gceilfeadh mathair an ní so orum? ní marsin atá.
3
Agus thug Dáibhi a mhionna fós, agus a dubhairt, Atá a fhios ag hathairsi go deimhin go bhfuair misi grása ann do radharcsa; agus a dubhairt seision, Ná biódh a fhios so ag Ionatan, deagla go ngoillfeadh sé air: achd go deimhin mar mhairios an TIGHEARNA, agus mar mhairios hanamsa, ní bhfuil achd coisceím eadram agus bás.
4
Ann sin a dubhairt Ionatan ré Daibhi, Gidh bé ní iarrus do mheánma, do dhéana misi é ar do shon.
5
Agus a dubhairt Dáibhi re Ionatan, Féach, a márach atá an ré núadh, agus níor chóir dhamhsa faillighe dhéanamh gan suidhe a bhfochair an rígh ag bíadh: acht léig dhamh imtheachd, go bhfolchaidh mé mé féin ann sna machairíbh nó go ttí tráth nóna an treas lá.
6
Má chrothnuigheann hathair ar éanchor mé, abairsi annsín, Díarr Dáibhi go dithchíollach cead orumsa go ndeachadh sé na rioth go Bet‐lehem a chathair féin: óir atá íodhbairt bhlíadhnamhuil ann sin don mhuinntir uile.
7
Má deir seision marso, As maith sin; do gheabha do shearbhfhogantuigh síothcháin: achd má bhionn sé lan dfheirg, bíadh a dheimhin agad gur cinneadh olc leis.
8
Ar a nadhbharsin do gheabhthar go maith ar do sheirbhíseach thú; óir thug tú do sheirbhíseach do dhéanamh cunnartha riot ann sa TIGHEARNA: gidheadh, matá olc ionnamsa, marbh féin mé; cred fá mbéartá chum hathar mé?
9
Agus a dubhairt Ionatan, Go madh fada úaitsi sin: óir dá mbeith a fhios agamsa go dearbhtha go mbíadh olc dá thionnscnamh chugad óm athair, a né nach inneosuinn duit é?
10
Annsin a dubhairt Dáibhi re Ionatan, Cía inneosas damh no? creud má fhreagrann hathair thú go borb?
11
¶ Agus a dubhairt Ionatan re Dáibhi, Tárr, agus déanam amach fan machaire. Agus do chuádar aráon amach fan machaire.
12
Agus a dubhairt Ionatan re Dáibhi, O a THIGHEARNA a Dhé Israel, a nuair spíonfus misi mathair timchioll a namasa márach, nó an treas lá, agus, féuch, má bhíonn maith a ttaobh Dháibhi, agus nach ccuirfe misi scénla annsin chugadsa, agus nach inneosa mé dhuit é;
13
Go ndéarna an TIGHEARNA mar sin, agus níos romhó re Ionatan: achd más í bhus toíl dom athair olc do dheánamh dhuit, ansin foillseocha mé dhuit é, agus cuirfe mé ar siubhal thú, lé a nimtheocha tú a síothcáin: agus go raibh an TIGHEARNA maille leachd, mar do bhí sé re mathairse.
14
Agus ní hé amháin an feadh bhiás mé fós beó dhéanas tú cinéul an TIGHEARNA dfoillsiughadh dhamh, chor nach bhfuighe mé bás:
15
Acht mar an gcéadna ní ghearrfa tú amach do chinéul óm thigh go bráth: ní dhéanáir, ná fós a núair ghéarrfas an TIGHEARNA naimhde Dháibhi amach gach áon aca ó aghaidh na talmhan.
16
Mar sin do rinne Ionatan eachd re tigh Dháibhi, dha rádh, Go nagraidh an TIGHEARNA é as láimh námhad Dháibhi.
17
Agus thug Ionatan ar Dháibhi mionnughadh a rís, do bhrígh gur ghrádhuigh sé é: óir do ghrádhuigh seision é mar do ghrádhuigh sé a anum féin.
18
¶ Ann sin a dubhairt Ionatan re Dáibhi, A márach atá an ghealach núadh: agus cronfuighear thusa, do bhrígh háite do bheith folamh.
19
Agus a nuair fhanfas tú trí lá, annsin rachaidh tú síos go lúath, agus tiucfa tú gus a naít ionar fholuigh tú thá féin a núair do bhí an chúis ar siubhal, agus do dhéana tú comhnuighe ag an chloich Esel.
20
Agus caithfe misi trí saighde re na táobh sin, mar do chaithfinn re comhartha íad.
21
Agus, féuch, cuirfe mé búachaill, gha rádh, Eirigh, fagh na saighde. Má deirim go soilleír ris an mbuachaill, Féuch, atáid na saighde don táobhso dhíot, gabh íad; annsin tarr thusa: óir biáidh síothcháin duit, agus ní bhía dochar ar bith; mar mhaireas an TIGHEARNA.
22
Ach má deirim marso ris a nógánach, Féuch, atáid na saighde romhad; imthighse romhad: óir is é an TIGHEARNA do chuir ar siubhal thú.
23
Agus a ttaobh na cúise do labhair misi agus tú féin, féuch, bíodh an TIGHEARNA dfíaghain eidir tusa agus misi go bráth.
24
¶ Mar sin dfoluidh Dáibhi é féin anusa mhachaire: agus a núair thaínic an ghealach núadh, do shuidh an rígh síos dithé bídh.
25
Agus do shuigh an rígh iona chathaóir, mar gach uáir oile, eadhon a ccatháoir laímh ris an mballa: agus do shuigh Abner ar ghúaluinn Shauil, agus do bhí áit Dháibhi folamh.
26
Gidheadh níor labhair Saul éanfhocal an lá sin: óir do smuáin sé, Gur imthigh ní éigin air, ní bhfuil sé glan; is deimhin nach bhfuil sé glan.
27
Agus tárla ar na mhárach, noch do bé an dara lá don mhí, go raibh aít Dháibhi folamh: agus a dubhaírt Saul re na mhac Ionatan, Cred fá nach dtáinic mac Iesse chum bídh a né, nó a niugh?
28
Agus do fhreagair Ionatan Saul, Díarr Dáibhi cead orumsa go práidhinneach dul go Bet‐lehem.
29
Agus a dubhairt sé, Guidhim thú, léig dhamh imtheachd; óir ata íodhbairt ag ar muinntir annsa chathruigh; agus do aithin mo dhearbhrathair dhíomsa bheith annsin: agus anois, má fuáir mé fabhar ann do radharc, guidhim thú, léig dhamh imtheachd go dhfaicidh mé mo dhearbhráithre. Uime sin nach dtig se chum buird an rígh.
30
Ann sin do las fearg Shauil a naghaidh Ionatan, agus a dubhairt ris, Thusa a mhic na mná crosta cogthuighe, nach bhfuil a fhios agamsa gur thogh tú mac Iesse chum do mhilte féin, agus chum náire thárnochd do mhathar?
31
Oir an feadh mhairfeas mac Iesse ar talumh, ní daingneochar thusa, nó do rióghachd. Anois uime sin cuir fios air agus tabhair chugamsa é, óir go deimhin caithfidh sé bás dfulang.
32
Agus do fhreagair Ionatan Saul a athair, agus a dubhairt ris, Cred an fáth as a muirfidh é? cred do rinne sé?
33
Agus do chaith Saul bonnsach ris da bhúaladh: as ar aithin Ionatan gur chinnidh a athair Dáibhi do mharbhadh.
34
Mar sín déirigh Ionatan ón bhord a bhfeirg dheanochduigh, agus níor ith sé bíadh an dara lá don mhí: óir do bhí doilghios air fá Dháibhi, do chionn go ndearna a athair ní nár air.
35
¶ Agus tárla ar maidin, go ndéachaidh Ionatan amach fan mhachaire a nam a ndearnadh coinne re Dáibhi, agus búachaill beag maille ris.
36
Agus a dubhairt sé re na bhúachaill, Ríoth, a nois fagh dhamh na saighde noch chaithfios mé. Agus ag rioth don bhúachaill do chaith sé saighead thairis.
37
Agus a nuáir tháinic an buachaill go háit na saighde noch do chaith Ionatan, dfúagair Ionatan a ndiáigh an bhúachalla, agus a dubhairt, Nach bhfuil an tsoighead romhad?
38
Agus dfúagair Ionatan a ndiáigh an bhúachalla, Déana deithnios, lúathuigh, ná fan. Agus do thog búachuill Ionataín na saighde, agus tháinic go nuige a mhaighistir.
39
Achd ní raibh fios éinneithe ag an mbúachuill: ag Ionatan amháin agus ag Dáibhi do bhí fios na cúisé.
40
Agus thug Ionatan a airm diobhraice dá bhuachuill, agus a dubhairt ris, Imthigh, beir íad so don chathruigh.
41
¶ Agus ar ball ar imthigh an buachuill, déirigh Dáibhi ón ttaobh ó dheas, agus do thuit ar a aghaidh chum na talmhan, agus do chrom sé é féin trí huáire: agus do phógadar a chéile, agus do ghuileádar le chéile, nó gur sháruidh Dáibhi.
42
Agus a dubhairt Ionatan re Dáibhi, Imthigh a síothchain, do bhrígh go ttug gach nduine aguinne aráon a mhionna a nainm an TIGHEARNA, gha rádh, Biodh an TIGHEARNA eadrumsa agus tusa, agus eidir mo shliochdsa agus do shliochtsa go bráth. Agus déirigh seision agus dimthigh sé: agus do chuaidh Ionatan don chathruigh.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31