bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 18
1 Samuel 18
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 19 →
1
Agus tárla, a nuaír do chuir sé deireadh ar labhairt ré Saul, gur choimhcheangail anum Ionathan re hanum Dháibhi, agus do ghrádhuigh Ionathan é mar a anum féin.
2
Agus do ghlac Saul chuige é an lásin, agus níor léig dhó dul níos mó go tigh a athar.
3
Ann sin do rinne Ionatan agus Dáibhi cunnradh, do chionn gur bhionmhuín leis é mar a anum féin.
4
Agus do bhean Ionatan an róba do bhí uime féin de, agus thug do Dháibhi é, agus a chulaidh, go niuge a chloidheamh, agus a bhogha, agus a chrios.
5
¶ Agus do thíagh Dáibhi amach gidh bé ball a gcuireadh Saul é, agus do iomchair é féin go glic: agus do chuir Saul ós cionn a luchd cogaidh e, agus do bhí sé taitneamhach a radharc gach uile dhuine, agus mar an gcéadna a radharc sherbhíseach Shauil.
6
¶ Agus tárla mar do thangadar, a nuáir, do fhill Daibhi ó mharbhadh an Philistinigh, go ttangadar na mná amach as uile chaithreachaibh Israel, ag seinm agus ag damhsa, a ccoinne an rígh Saul, re tiompánuibh, re gaírdeachus, agus re hadhbhaghuibh ceóil.
7
Agus do fhreagradar na mná a cheile mar do bhádar ag seinm, agus a dubhradar, Do mharbh Saul a mhílte, agus Dáibhi a dheich mílte.
8
Agus do bhí Saul ro fheargach, agus do ghoill an cháintsin air go mór; agus a dubhairt sé, Do chuireadar deich mílte a leith Dháibhi, agus niór chuireadar am leithsi achd mílte: agus cred dob áill léis dfagháil níos mó achd an rioghachd?
9
Agus do bhí súil Shauil ar Dháibhi ón lásin amach.
10
¶ Agus tárla ar na mhárach, go ttáinic an droichspiorad ó Dhía ar Shaul, agus do rinne sé fáidheadóireachd a lár an tighe: agus do sheinn Dáibhi le na láimh mar uáiribh oile: agus do bhí bunnsach a láimh Shauil.
11
Agus do chaith Saul an bhunnsach; óir a dubhairt sé, Búailfe mé Daibhi thríd go nuige an balla. Agus do chúaidh Dáibhi fá dhó as a radharc.
12
¶ Agus do bhí eagla ar Shaul roimhe Dháibhi, do chionn go raibh an TIGHEARNA maille ris, agus gur imthigh sé ó Shaul.
13
Ar a nadhbharsin do áthruigh Saul uadha é, agus do rinne sé a chaiptín ós cionn mhíle dhe; agus do téigheadh sé amach agus do thigeadh sé asteach roimhe an bpobal.
14
Agus do iomchair Dáibhi e féin go glic iona shlighthibh uile; agus do bhí an TIGHEARNA maille ris.
15
Uime sin a núair do chonnairc Saul gur iomchair sé é féin go ró ghlic, do bhí eagla aige roimhe.
16
Ach do ghrádhaigh Israel agus Iúdah uile Dáibhi, do chionn go ttéigheadh sé amach agus go ttigeadh a steach rompa.
17
¶ Agus a dubhairt Saul re Dáibhi, Féach minghean is sine Merab, do bhéara mé dhuit í na mnaói: achd amháin bí cródha ar mo shon, agus troid catha an TIGHEARNA: óir a dubhairt Saul, Ná beanadh mo lámhsa ris, achd biodh lámh na Bhphilistineach air.
18
Agus a dubhairt Dáibhi re Saul, Cía misi? agus cred mo bheatha, no muínntir mathar a Nisrael, as a mbéinn am chlíamhuin ag an rígh?
19
Achd tárla a nuáir fa ttiubharthaoi Merab inghean Shauil do Dháibhi, gur tugadh í do Adriel an Meholatiteach na mnaói.
20
¶ Agus do ghrádhuigh Michal inghean Shauil Dáibhi: agus do innsiodar sin do Shaul, agus do thaitin an ní sin ris.
21
Agus a dubhairt Saul, Do bhéara mé dhó í, chor go mbía sí ná líon dó, agus go mbéid lámha na Bhpilistineach na aghaidh. Uime sin a dubhairt Saul re Dáibhi, Biáidh tú a niugh ad chlíamhuin agam a cceachdar don dís.
22
¶ Agus do aithin Saul dá shearbhfhoghantuibh, dhá rádh, Labruidh ré Dáibhi go secreideach, agus abruidh, Féach, atá dúil ag an rígh ionnad, agus grádhuighidh a sherbhísigh uile thú: anois ar a nadhbharsin bí ad chlíamhuin ag an rígh.
23
Agus do labhradar searbhfhoghantuighe Shauil na bríathrasin a ccluasaibh Dháibhi. Agus a dubhairt Dáibhi, An saóiltíse gur ní súarrach bheith a gcleamhnus rígh, do bhrigh nach bhfuilimsi achd am dhuine bhochd, agus fa mheas éattrom?
24
Agus do innisiodar searbhfhoghantuighe Shauil dó, gha rádh. Ar an modhso do labhair Dáibhi.
25
Agus a dubhairt Saul, Mar so déarthaoi ré Dáibhi, Ní bhfuil an rígh ag íarruigh crodh ar bith, achd céad réamhchroiceann do na Philistínibh, do dhéanamh dioghaltais ar náimhdibh an rígh. Achd do shaóil Saul Dáibhi chur do thuitim le láimh na Bhphilistíneach.
26
Agus a núair do innisiodar a shearbhfhoghantuighe do Dháibhi na bríathrasa, do thaitin re Dáibhi go maith bheith na chlíamhuin ag an rígh: agus níor críochnuigheadh na láethe.
27
Ar a nadhbharsin do imthigh Dáibhi, é féin agus a muhinntir, agus do mharbh sé do na Philistinibh dhá chéad fear; agus thug Dáibhi a réamhchroicinn leís, agus do thaisbeanadar íad go hiomlán don rígh, chor go mbíath sé na chliamhuin ag an rígh. Agus thug Saul a inghean Michal dó na mnaói.
28
¶ Agus do chonnairc Saul agus do bhí a fhios aige an TIGHEARNA do bheith lé Dáibhi, agus gur grádhuigh Michal inghean Shauil é.
29
Agus fós bá móide eagla Shauil roimhe Dháibhi sin; agus thainic Saul chum a bheith na námhuid ag Daibhi a gcomhnuidhe.
30
Ann sin do chúadar prionnsuidhe na Bhphilistineach amach: agus tárla, a nuáir do chúadar na Philistinigh amach, gur íomchair Dáibhi é féin ní budh feárr ná searbhfhoghantuighe Shauil uile; ionnus go raibh a ainm ro oirdheirc.
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31