bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 17
1 Samuel 17
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 18 →
1
Anois do chruinnigheadar na Philistinigh a slúagh a cceann a chéile chum catha, agus do cruinnigheadar íad féin a bhfochair a chéile a Sócoh, noch is le Iudah agus do champuigheadar eidír Shócoh agus Hasécah, an Ephes‐dammim.
2
Agus do chruinnigh Saul agus muinntir Israel a bhfochair a chéile, agus do champuigheadar láimh re gleann Elah, agus do chuireadar an cath a nórdughadh a naghaidh na Bhphilistineach.
3
Agus do sheasadar na Philistínigh ar slíabh a ttáobh, agus do sheas Israel ar slíabh don táobh eille: agus do bhí gleann eatarra.
4
¶ Agus do chuáidh gaisgidheach amach as campa na Bhphilistíneach, dar bhainm Goliah, ó Ghát, ann a raibh sé cubhaid agus réise ar áirde.
5
Agus do bhí ceinbheirt phráis ar a cheann, agus do bhí éidighthe lé lúirigh; agus do chomhthromuidh an lúireach cúig mhile secel phráis,
6
Agus do bhádar assain phráis ar a luirgnibh, agus góirséadh práis eidir a ghuaillibh.
7
Agus ba cosmhuil crann a ghath re garmain fígheadóra; agus do chomhthromuidh ceann a ghath sé chéad secel íarruinn: agus óglach ag iomchar a scéithe ag gabháil roimbe.
8
Agus do sheas sé, agus dfúagair ar shlúaghaibh Israel, agus a dubhairt ríu, Cred fá ttangabhair amach do chur bhur gcatha na shuidhe? nach Philistíneach misi, agus nach searbhfhoghantuighe do Shaul sibhsi? toghaidhsi duine dhaóibh féin, agus tigeadh se a núas chumgamsa.
9
Má bhíonn do neart ann troid riomsa, agus go muirfidh sé mé, ann sin béimne ar searbhfheghantuibh aguibhsi: ach má bhuáidhimsi na aghaidhsion, agus go muirfe mé é, ann sin béithíse bhur searbhfhoghantaibh aguinne, agus do dhéantaoi serbhís dúinn.
10
Agus a dubhairt an Philistíneach, Beirimse dubhshlán shlóigh Israel fúm a niugh; cuirdís chugam duine, go ttroidmís ré chéile.
11
A nuáir do chúala Saul, agus Israel uile na briathra sin an Philistinigh, do bhádur uile a néagcruth, agus lán deagla.
12
¶ Anois Dáibhi bá mac é don Néphrátiteachsin ó Bhetlehem‐Iudah, dar bhamm Iesse; agus do bhádar ochdar mac aige: agus do bhí an tóglach mar dhuine fhoirfe a measg na ndaóine a láethibh Shauil.
13
Agus do imthigheadar an tríur mac fá sine ag Iesse agus do leanadar Saul chum an chatha: agus do bíad anmanna an triair mac do chúaidh chum an chatha Eliab an mac fá sine, agus na dhiáigh sin Abinadab, agus an treas mac Sammah.
14
Agus do bé Dáibhi an mac dob óige: agus do leanadar an tríur fa sine Saul.
15
Ach dimthigh dáibhi agus dfill sé ó Shaul do choimhéad cáorach a athar a Mbet‐lehem.
16
Agus do thigeadh an Philistineach a ngar maidin agus tráthnóna, agus do thaisbeanadh é féin ar feadh cheathrachad lá.
17
Agus a dubhairt Iesse ré Dáibhi a mhac, Glac a nois chum do dhearbhráithreach ephah don ghrán dóite si, agus na deich mbuilinsi, agus rioth don champa chum do dhearbhráithreach;
18
Agus beir na deich gcáise si chum caiptin a mílesion, agus féach ciondus ataid do dhearbhráithre, agus glac a ngeall.
19
Anois do bhi Saul, agus íadsan, agus fir Israel uile, a ngleann Elah, ag troid ris na Philistinibh.
20
¶ Agus do éirigh Dáibhi súas go moch ar maidin, agus dfág na cáoirigh ag coimheáduigh, agus rug leis, agus dimthigh, mar a dubhairt Iesse ris; agus tháinic sé chum an trinnsi, a núair do bhí an slúagh ag dul amach do throid, agus do ghaíreadar chum an chatha.
21
Oír do chuireadar Israel agus na Philistinigh íad féin a nórdughadh catha, slúagh a naghaidh slóigh.
22
Agus dfág Dáibhi a charáiste a láimh coimhéaduigh an charáiste, agus do rioth fán tsluágh, agus thainic agus do bheannuigh sé dá dhearbhráithribh.
23
Agus fan nam a raibh ag comhrádh riú, féuch, thaínic súas an gaisgidheach, (an Philistíneach ó Ghát, dar bhainm Goliah), amach as sluagh na Bhphilistíneach, agus do labhair do réir na mbriathar gcéadna: agus do chúaluidh Dáibhi íad.
24
Agus a núair do chonncadar, pobal Israel uile é, do theitheadar roimhe, agus do bhádar lán deagla.
25
Agus a dubhradar muinntir Israel, An bhfacabhair an té so tháinic suas? go deimhin is do thabhairt masla Disrael tháinic sé súas: agus is amhluidh bhiás, gidh bé duine mhuirfios é, go ndéana an rígh saidhbhir é le hiomad máoine, agus go ttiubhra a inghean dó, agus go ndéana tigh a athar sáor a Nisrael.
26
Agus do labhair Dáibhi ris na dáoinibh, do sheas láimh ris, ghá rádh, Cred do dhéantar ris an té mharbhus an Philistineachsa, agus thóigfeas a mhiochlú do Israel? óir cía hé an Philistineach neimhthimchillgheárrthasa, asa ngreinneochadh sé slúagh Dé bhí?
27
Agus do fhreagradar na dáoine é ar an modhso, ghá rádh, Is mar súd do dheántar ris an té mharbhas é.
28
¶ Agus do chuála Eliab a dhearbhráthair bá sine a núair do labhair sé ris na daóinibh; agus do las fearg Eliab a naghaidh Dháibhi, agus a dubhairt, Cred as a ttáiníc tusa a núas annso? agus cía ag ar fhág tú an beagan cáorach sin annsa bhfásach? atá fios húabhair agamsa, agus urchoíde hinntinne; óir thainic tú a nuas chum go bhfaicfeá an cath.
29
Agus a dubhairt Dáibhi, Cred do rinne mé a nois? Ané nach raibh gnothuidhe agam?
30
¶ Agus do fhill sé úadh go duine eile, agus a dubhairt ar an modh ccéadna: agus do fhreagradar cách é do réir an chéadmhodha.
31
Agus a núair do chlos na bhriáthra sin do labhair Dáibhi, do innisiodar iad a lathair Shauil: agus do chuir sé fios air.
32
¶ Agus a dubhairt Dáibhi re Saul, Ná heagluighthear croidhe éanduine roimhe; rachaidh do shearbhfhoghantuigh agus troidfidh sé ris an Bhphilistineachso.
33
Agus a dubhairt Saul re Dáibhi, Ni bfheidir leat dul an aghaidh an Bhfilistineachsa chum troda ris: oir ní bhfuíl ionnad achd ógánach, agus eision na fhear coguidh ó na aois óig.
34
Agus a dubhairt Dáibhi re Saul, Do bhí do sherbhíseach a mbun chaorach a athar, agus tháinic leomhan, agus mathghamhuin, agus rugadar úan as an ttréud:
35
Agus do chúaidh misi amach na dhiaigh, agus do bhuáilios é, agus do bhean mé as a bhéul é: agus a núair do éirigh sé am aghaidh, rug me ar théasóig air, agus do bhuáilios é, agus do marbhus é.
36
Do mharbh do shearbhfhoghantuigh an leomhan agus an mathghamhuin: agus biáidh an Philistineach neimhthimchillghéarrthasa mar áon aca, ó thug sé dúbhshlán shlóigh Dé bhí.
37
A dubhairt Dáibhi fós, An TIGHEARNA do sháor misi ó crodh an leomhuin, agus ó chrodh an mhathghamhuin, sáorfuidh sé as láimh an Philistinighsi mé. Agus a dubhairt Saul re Dáibhi, Eirigh, agus go raibh an TIGHEARNA maille leachd.
38
¶ Agus do éidigh Saul Dáibhi le na arm féin, agus do chuir sé clogad phráis air a cheann; agus do éidigh sé é mar an gcéadna le lúirigh.
39
Agus do ghabh Dáibhi a chloidheamh ar úachdar a éidigh, agus do thionnscuin sé siubbal; óir níor chleachd sé é. Agus a dubhairt Dáibhi re Saul, Ní fheaduímsi siubhal iontaso; óir níor chleacht mé íad Agus do chuir Dáibhi dhe íad.
40
Agus do ghlac sé a bhata iona láimh, agus do thogh dhó féin cúig clocha bláithe as a nabhuinn, agus do chuir íad a mála áodhaire noch do bhí aige, eadhon a ttiáich; agus do bhí a chrann tábhuill na láimh: agus do ghluáis mar a raibh an Philistíneach.
41
Agus tháinic an Philistineach ar aghaídh agus do dhruid a bhfogus do Dhaibhi; agus do chuáidh an té do bhí ag iomchar a scéithe roimhe.
42
Agus anúair dféach an Philistineach timchioll, agus do chonnairc sé Dáibhi, do tharcuisragh sé é: óir ní raibh achd óg, agus é dearg, agus dealbh sgíamhach air.
43
Agus a dubhairt an Philistíneach re Dáibhi, An madradh misi, as a ttig tú chugam re batadhuibh? Agus do mhalluigh an Philistíneach Dáibhi lé na dheeibh.
44
Agus a dubhairt an Philistíneach re Dáibhi, Tárr chugamsa, agus do bhéara me tfhoil déanlaith a naiéir, agus dainmhintibh an mhachaire.
45
Ann sin a dubhairt Dáibhi ris an Bhphilistineach, Thig tusa chugamsa le cloidheamh, agus le gath, agus lé sgéith: achd tigimsi chagadsa a namm THIGHEARNA na slógh, Dia shluaigh na Nisraeliteach, noch do ghreannuigh tusa.
46
A mugh bhéaras an TIGHEARNA thusa am láimhsi; agus buáilfidh mé thú, agus beanfaidh mé do cheann díot: agus do bhéara me anúigh conablacha shluáigh na Bhphilistineach déanlaithibh a naieir, agus do bheathachaibh allta an mhachaire; chor go mbía a fhios ag an domhan uile go bhfuil Dia a Nisrael.
47
Agus biáidh a fhios ag an ccomhchruinniughadh so uile nach lé gath nó lé cloidheamh sháorus an TIGHEARNA: (óir ís leis an TTIGHEARNA an cath,) agus do bhéara sé sibhsi ann ar lámhuibhne.
48
Agus tárla, a nuáir do éirigh an Philístineach, agus tháinic agus do dhruid a bhfogus do theagmháil re Dáibhi, go ndé arna Dáibhi deithnios, agus gur rioth gus an tslúagh do theagmháil ris an Bhphilistíneach.
49
Agus do chuir Dáibhi a lámh iona mhála, agus thug cloch as, agus do chaith í as a chranntábhuill, agus do bhuáil an Philistineach iona éadan, iondus go ndeachaidh an chloch iona éadan; agus do thuit sé ar aghaidh chum na talmhan.
50
Mar sin do bhúadhuigh Dáibhi ar an Bhphilistineach lé crann tábhuill agus lé cloich, agus do bhuáil sé an Philistineach, agus do mharbh sé é; achd ní raibh cloidheamh ar bith a láimh Dháibhi.
51
Uime sin do rith Dáibhi, agus do sheas súas ar an Bhphilistineach, agus do ghlac a chloidheamh, agus do tharruing amach as a dhúbla é, agus do mharbh an Philistineach, agus da bhain a cheann de leis. Agus a núair do chonncadar na Phílistinigh go raibh a ngaisgidheach marbh, do theitheadar.
52
¶ Agus do éirgheadar muinntir Israel, agus muinntir Iúdah, agus do gháireadar, agus do leanadar na Philistinigh, nó go tí tú go gléann, agus go geataigh Ecron. Agus an luchd do loiteadh do na Philistinibh do thuiteadar síos annsa tslighe go Saaraim, go nuige Gát, agus go nuige Ecron.
53
Agus do fhilleadar clann Israel ó thóruigheachd na Bhphilistíneach, agus do chreachadar a lóistiníghe.
54
¶ Agus do ghlac Dáibhi ceann an Philistinigh, agus thug leis go Hierusalem é; achd do chuir se a arm iona lóistin.
55
¶ Agus a núair do chonnairc Saul Dáibhi ag dul amach a naghaidh an Philistinigh, a dubhairt sé ré Habner, caiptín an tslóigh, Abner, cía dhar mac an tógáuachsa? Agus a dubhairt Abner, Mar mhaírios hanum, a righ, ní fheidir misi sin.
56
Agus a dubhairt an rígh, Fiafruigh thusa cía dhar mac an tógánach sa?
57
Agus air bhfilleadh do Dháibhi ó mharbhadh an Philistinigh, do ghlac Abner é, agus thug leis é a lathair Shauil maille re ceann an Philistinigh na láimh.
58
Agus a dubhairt Saul ris, Cía dhar mac thusa, a ógánuigh? Agus do fhreagair Dáibhi é, agus a dubhairt, As misi mac do sherbhísigh Iesse an Betlehemiteach.
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31