bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 11
1 Samuel 11
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 12 →
1
An sin tháinic Nahas an Tammóniteach súas, agus do rinne campa as coinne Iabes‐Gílead: agus a dubhradar muinntir Iabes‐Gílead uile re Nahas, Déana cunnradh riune, agus uimhleocham dhuit.
2
Agus do fhreagair Nahas an Tammoniteach íad, Ar an nachdso do dhéana mé cunradh ribh, bhur súile deasa uile do bhuáin asuibh, agus a dtabhairt mar mhasla Dísrael uile.
3
Agus a dubhradar sinnsir Iabes ris, Tabhair dhúinn cáirde sheachd lá, go gcuirmis teachda ann gach uile chósta Dísrael: agus ann sin, muna bhfagham aonduine thárrthochus sinn, tiucfam amach chugadsa.
4
¶ Ann sin thangadar na teachda go Gibéah Shauil, agus do innisiodar na scéula a gcluasaibh an phobail: agus do thógbhadar na daóine uile a nguth súas, agus do ghuileadar.
5
Agus, féach, tháinic Saul a ndiáigh an tsealbh ó na machairighibh, agus a dubhairt Saul, Cred do imthigh ar an bpobal as a nguilid síad? agus dinnisiodar dhó scéula mhuinntire Iábes.
6
Agus thainic spiorad Dé ar Shaul a nuáir do chúala sé na scéula sin, agus do las a fhearg go ro mhór.
7
Agus do ghabh sé cúpla damh, agus do rinne spodhladha dhíobh, agus do chuir sé ar feadh chóstadha Israel uile íad a lamhuibh theáchdaireadh, gha rádh, Gidh bé nach ttiucfa amach a ndiáigh Shauil agus Shamuel, as mar so do dhéantar ré na dhamhuibh. Agus do thuit eagla an TIGHEARNA ar an bpobal, agus tangadar amach déantoil.
8
Agus a nuáir do chomháirimh seision íad a Mbesec, do bhádar clann Israel trí chéad míle, agus muinntir Iúdah tríochad míle.
9
Agus a dubhradár ris na teachduibh tháinic, Abruidh mar so re muinntir Iabes‐Gilead, A márach, suil bhías an ghrían té, do gheabhthaói cabhair. Agus thangadar na teachda, agus dinnisiodar sin do mhuinntir Iabes; agus do bhí lúathgháire orra.
10
Uimesin a dubhradar daoine Iabes. Tiucfam amach chugaibh a márach, agus do dhéantaoi rinn a nuile ní bhus áill libh féin.
11
Agus is amhluidh bhí ar na mhárach, gur chuir Saul a mhuinntir a ttrí gcuideachda; agus tangadar a lár an tslóigh a bhfaíre na maidne, agus do mharbhadar na Hammonítigh go teas an laói: agus tárla, an mhéid do mhair dhíobh gur scaoileadar ó chéile, go nach raibh gáol deisi aca re chéile.
12
¶ Agus a dubhradar an pobal uile re Samuel, Cia hé an duine a dubhairt, An mbía Saul na rígh oruinn? tugthar chugainn na daoine, go ccuirmís chum báis íad.
13
Agus a dubhairt Saul, Ní cuirfighear éanduine chum báis a niugh: óir is a niugh do oibrigh an TIGHEARNA tárrtháil a Nisrael.
14
¶ Ann sin a dubhairt Samuel ris an bpobal, Eirgidhe, agus deanam go Gilgal, agus athnuáigheam an rioghachd annsin.
15
Agus do chúadar an pobal uile go Gilgal; agus do rinneadar rígh do Shaul ann sin a lathair an TIGHEARNA a Ngilgal; agus annsin do iodhbradar iódhbartha ofrála síothchána a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA; agus ann sin do rinne Saul agus clanna Israel uile gáirdeachus mór.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31