bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 1
Jeremiah 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 2 →
1
Briathra Irimia mac Hilciá, de chlann shagartúil i dtír Bhiniáimin.
2
Tháinig briathar an Tiarna chuige i laethanta Ióisíá mac Amón, rí Iúdá, sa tríú bliain déag dá réim.
3
Tháinig sé mar an gcéanna i laethanta Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, go deireadh an aonú bliain déag de Zidicíá mac Ióisíá, rí Iúdá, go breith Iarúsailéim ar shiúl i mbraighdéanas sa chúigiú mí.
4
Glao Irimia
5
«Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort; sular rugadh thú choisric mé thú; d' ordaigh mé thú i d' fháidh do na ciníocha.»
6
Ansin dúirt mise: «Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.»
7
Ach dúirt an Tiarna liom: «Ná habair, ' Is leanbh mé.' Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú, agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.
8
Ná bíodh faitíos ort rompu, óir tá mise leat agus tusa faoi mo choimirce, is é an Tiarna a labhraíonn.»
9
Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom: «Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal. Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí,
10
a réabadh aníos agus a leagan síos, a mhilleadh agus a scriosadh, a thógáil agus a phlandú.»
11
Tháinig briathar an Tiarna chugam: «rí Irimia, céard a fheiceann tú?» «Feicim slat almóinne,» arsa mise.
12
Ansin dúirt an Tiarna liom: «Is maith a chonaic tú, óir déanaimse faire ar mo bhriathar go gcomhlíonfar é.»
13
Tháinig briathar an Tiarna chugam an dara huair: «Céard a fheiceann tú?» Arsa mise: «Feicim pota ar fiuchadh agus a aghaidh anall ón Tuaisceart.»
14
Ansin dúirt an Tiarna: «Is é an Tuaisceart an áit a bhfuil an tubaiste ag cur thar maoil le haghaidh an uile dhuine a chónaíonn sa tír seo;
15
óir táim anois ag cur fios ar threibheanna ríochtaí uile an Tuaiscirt is é an Tiarna a labhraíonn. Tiocfaidh siad, agus suífidh gach aon díobh a ríchathaoir i mbéal geataí Iarúsailéim, in aghaidh a ballaí uile maguaird, agus in aghaidh bailte uile Iúdá.
16
Tabharfaidh mise mo bhreithiúnas ina n-aghaidh i ndíol an uile oilc a rinne siad; mar thréig siad mise chun túis a loscadh do dhéithe eile agus oibreacha a lámh féin a adhradh.
17
Tusa, crioslaigh thú féin mar sin chun comhraic. Éirigh agus abair leo gach a n-ordaímse duit. Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise, ar fhaitíos go gcuirfinnse eagla ort ina bhfianaise.
18
I dtaca liomsa de, déanfaidh mise díot inniu cathair dhaingean, cuaille iarainn, agus balla práis in aghaidh na tíre seo go hiomlán, in aghaidh ríthe Iúdá, in aghaidh a prionsaí, a sagart agus mhuintir na tíre.
19
Troidfidh siad i d' aghaidh, ach ní bhéarfaidh siad bua ort, óir táimse leat agus tusa faoi mo choimirce is é an Tiarna a labhraíonn.»
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52