bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 4
Jeremiah 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 5 →
1
«Más mian leat filleadh, a Iosrael, is é an Tiarna a labhraíonn Is ormsa nár mhór duit filleadh. Cuir deireadh le do ghráiniúlacht agus ní bheidh aon chall agat mé a sheachaint.
2
Má mhionnaíonn tú: 'Go maire an Tiarna' go fírinneach, go fíréanta agus go macánta, beannóidh na ciníocha iad féin ionat, agus is ionat a bheidh a nglóir.»
3
Óir is mar seo a deir an Tiarna le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim: «Glanaigí go maith bhur bhfearann branair, ná síolchuirigí i measc spíonta.
4
Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna, bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí, (a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim), ar fhaitíos go léimfeadh m' fhearg amach ar nós tine, agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh, mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.
5
Foilsígí é in Iúdá, fógraígí é in Iarúsailéim! Séidigí an stoc faoin tuaith, fógraígí os ard agus abraigí: ' Cruinnígí! teannaigí leis na bailte daingne!'
6
Déanaigí eolas an bhealaigh go Síón; teithigí, ná déanaigí moill! Tugaimse olc oraibh ón Tuaisceart, milleadh mór.
7
Tá an leon aníos óna dhoire, tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí, tá sé tagtha óna bhaile chun do fhearann a bhánú. Déanfar conamar de do bhailte gan duine ná deoraí iontu.
8
Crioslaígí sibh féin mar sin le sacéadach, caoinigí agus uailligí, mar níor iompaíodh fearg bhorb an Tiarna ar ais uainn.
9
An lá sin is é an Tiarna a labhraíonn clisfidh croí an rí agus croí na bprionsaí mar an gcéanna; beidh uafás ar na sagairt, beidh mearbhall ar na fáithe.»
10
[Déarfaidh daoine] ansin, «Ó, a Thiarna Dia, nach mór a mheall tú sinn á rá: ' Beidh síocháin agaibh', ar an uair féin atá an claíomh ag ár scornach!»
11
San am sin déarfar leis an bpobal seo agus le Iarúsailéim: «Séideann gaoth dhóiteach as na harda loma san fhásach ar iníon mo phobail, agus ní do cháitheadh ná do ghlanadh í.
12
Tá gaoth [bhagartha] ag teacht ar m' ordú. Anois is mé féin atá ar tí breithiúnas a thabhairt orthu!»
13
Féach, tá sé ag teannadh chun tosaigh ar nós na néalta, is cosúil le camghaoth a charbaid, is mire a eachra ná iolair, is mairg dúinn, táimid caillte!
14
Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?
15
Óir foilsíonn guth as Dán, ag faisnéis ainnise ó shléibhte Eafráim.
16
Fógair a theacht le Iúdá, abair é in Iarúsailéim: ' Tá [naimhde] ag teacht as an imigéin; ardaíonn siad a ngáir chatha in aghaidh bailte Iúdá.
17
Tá siad timpeall Iarúsailéim agus máguaird fearacht lucht coimhéadta goirt, de bhrí go raibh sí easumhal domsa an Tiarna a labhraíonn.
18
Thug d' iompar féin agus do ghníomhartha na nithe seo ort. Is í seo do chinniúint, agus is searbh í. Cé mar a shroicheann sé do chroí istigh!»
19
Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian. Á, ballaí mo chroí! Tá mo chroí á shníomh. Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé fuaim an stoic agus dreasú an chatha.
20
Níl de scéala ach anachain ar muin anachaine; déantar fásach den dúiche ar fad; scriostar mo bhothanna go tobann, mo dhídean, in imeacht nóiméid.
21
Cá fhad a chaithfidh mé an meirge a fheiceáil, agus guth an stoic a cloisteáil?
22
«Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.»
23
D' fhéach mé ar an talamh, agus ní raibh ann ach folús; ar na spéartha, agus ní raibh solas iontu.
24
Dhearc mé ar na sléibhte, agus bhíodar ar crith; bhí na harda trí chéile ar bogadh.
25
D' amharc mé, agus, féach, ní raibh duine ann, agus theith éanlaith uile an aeir.
26
D' amharc mé, agus, féach, bhí an dúiche choillteach ina fásach, bhí a bailte uile scriosta, i bhfianaise an Tiarna, i bhfianaise a fheirge fíochmhaire.
27
Óir is mar seo a deir an Tiarna: «Scriosfar an tír ar fad, cuirfidh mise críoch leis den turas deireanach;
28
Is uime seo a chaoinfidh an talamh agus éireoidh na spéartha thuas dubh. Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham, ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.»
29
Leis an scairt: «Marcshlua agus boghdóirí» teitheann an tír ar fad; tugann dream amháin na doirí orthu, dreapann dream eile suas ar na creaga; tréigtear [an tír uile], ní fhágtar duine ann.
30
Agus tusa, céard tá ar intinn agat a dhéanamh? Bíodh go gcóiríonn tú thú féin faoi scarlóid, go maisíonn thú féin le hornáidí órga, go léiríonn do shúile le dathú, is go díomhaoin a dhéanann tú thú féin sciamhach. Tarcaisníonn d' aos grá thú, is é do bhás a shantaíonn siad.
31
Cluinimse an screadaíl a dhéanfadh bean ag druidim le clann, íona na mná a bheireann a céad leanbh; is é screadaíl iníon Shíón é, a croí ina béal aici, a lámha uaithi amach: «Uch, a thrua mise! i gceartlár lucht marfa.»
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52