bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 31
Jeremiah 31
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 32 →
1
«Nuair a thiocfaidh an t-am sin a deir an Tiarna beidh mise i mo Dhia ag clanna uile Iosrael: beidh siadsan ina bpobal agamsa.»
2
«Seo mar a deir an Tiarna: Fuair siad maithiúnas san fhásach, na daoine a chuaigh slán ón gclaíomh. Tá Iosrael ag tarraingt ar a scíth.
3
Nocht an Tiarna [dó], ó i bhfad i gcéin: ghráigh mé thú le grá síoraí, ar an ábhar sin is dochaite mo ghean ort.
4
Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú, a mhaighdean Iosrael. Beidh tú sciamhach arís, agus déanfaidh tú meidhir sa rince le do chuid tiompán.
5
Plandóidh tú fós fíonghoirt ar shléibhte na Samáire (tá an phlandáil déanta ag lucht plandála; cnuasfaidh siad na torthaí).
6
Sea, tiocfaidh an lá a bhfógróidh an lucht faire ar shléibhte Eafráim: ' Éirígí! téimis suas go Síón, chun an Tiarna, ár nDia féin.'
7
Óir seo mar a deir an Tiarna: Scairtigí le lúcháir ar son Iacóib! Tógaigí gártha do cheann na náisiún! Fógraígí! Molaigí! Gáirigí: ' Shábháil an Tiarna a phobal, fuíoll Iosrael!'
8
Féach, tabharfaidh mé ar ais iad as an tír thuaidh, agus cruinneoidh mé iad ó na críocha in imigéin; iad go léir, an dall agus an bacach, an bhean torrach agus an bhean i dtinneas clainne; tiocfaidh siad ina gcuideachta mhór ag filleadh.
9
Is le gol a d' imigh siad, tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais; déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce, slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle. Óir táim i m' athair ag Iosrael, agus is é Eafráim mo chéadghin mic.
10
Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha! Insígí é seo do na hoileáin in imigéin: ' An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é, cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.'
11
Óir d' fhuascail an Tiarna Iacób, thug slán é as láimh a bhí ní ba láidre ná é.
12
Tiocfaidh siad agus canfaidh ar mhullach Shíón; baileoidh siad in éineacht chun maitheasaí an Tiarna: cruithneacht agus ola agus fíon, caoirigh agus eallach; beidh a n-anamacha mar a bheadh garraí uiscithe; ní dhéanfaidh siad brón níos mó.
13
Is ansin a ghairdeoidh an mhaighdean sa rince, déanfaidh ógánaigh agus seanóirí [meidhir]; fillfidh mise a ndobrón i ngairdeachas; tabharfaidh mé sólás agus faoiseamh ar lorg a ndólás;
14
sásóidh mé mo shagairt le bia blasta, agus beidh mo dhaoine sách le mo mhaitheas an Tiarna a labhraíonn.
15
Is mar seo a deir an Tiarna: Cluineadh guth i Rámá, caoineadh agus gol géar; is í Ráchael í ag caoineadh a clainne mar nach bhfuil siad ann.
16
Is mar seo a deir an Tiarna: Éirígí as bhur gcaoineadh, triomaígí bhur súile; déanfar bhur saothar a chúiteamh an Tiarna a labhraíonn. Tiocfaidh siad ar ais ó thír a namhad.
17
Tá dóchas ann do do shliocht; tiocfaidh do chlann mhac ar ais dá gcríocha féin.
18
Go deimhin cluinim éamh Eafráim: ' Smachtaigh tú mé, ghlac mé an smachtú mar tharbh óg gan smacht; beir ar ais mé, lig dom teacht ar ais; óir is tú an Tiarna mo Dhia.
19
Sea, d' iompaigh mé i leataobh, ach tháinig aithrí orm ó shin; tháinig tuigsin chugam, bhuail mé m' ucht. Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann; sea, lean dom go fóill míchlú m' óige.'
20
An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin? An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh, nach bhfuil uair dá mbagraím air nach ag cuimhneamh air a bhím, nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon, go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh? Is é an Tiarna a labhraíonn.
21
Cuir suas duit féin comharthaí bóthair, ardaigh clocha críche; tabhair suntas maith don tslí, an tslí ar imigh tú. Tar abhaile, a mhaighdean Iosrael, tar abhaile go dtí na bailte seo is leatsa.
22
Cá fada a bheidh tú go stadach, a iníon mhídhílis? Óir tá ní nua á chruthú ag an Tiarna ar talamh: Rachaidh an Bhean arís ar lorg a Fir Chéile.»
23
Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: «Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad: ' Go mbeannaí an Tiarna thusa, a choimín an chirt, a shliabh na naofachta!'
24
«Cuirfidh fúthu sa tír seo, Iúdá agus a bhailte uile, na feirmeoirí agus an dream a dhéanann buachailleacht ar na tréada.
25
Óir tugaimse suaimhneas don anam cortha agus sólás don anam doilíosach.»
26
Agus uaidhsean: Dhúisigh mé agus bhí [athbheocht] ionam, agus ba shámh é mo chodladh.
27
«Féach, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn agus síolchuirfidh mé teach Iosrael agus teach Iúdá le síol an duine agus le síol an bheithígh.
28
Agus faoi mar a bhí mé ag faire orthu uair amháin, a réabadh aníos agus a bhriseadh, a chaitheamh síos, a scrios agus a mhilleadh, is mar sin a bheidh mé anois, a thógáil agus a phlandú. An Tiarna a labhraíonn.»
29
«Sna laethanta sin ní abróidh daoine níos mó: ' D' ith na haithreacha caora searbha; agus cuireadh déistin ar fhiacla na clainne.'
30
«Ach éagfaidh gach duine ar son a pheaca féin. Gach duine a itheann caora searbha, is ar a fhiacla féin a bheidh déistin.»
31
«Féach, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn a ndéanfaidh mé conradh nua le teach Iosrael (agus le teach Iúdá),
32
ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n-aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir an Tiarna a labhraíonn.
33
Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin an Tiarna a labhraíonn: Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.
34
Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: 'Bíodh aithne ar an Tiarna agat!' Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó an Tiarna a labhraíonn óir maithfidh mé a n-éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.»
35
An Tiarna a bheir an ghrian mar sholas sa lá, an ghealach agus na réaltaí mar sholas san oíche, a shuaitheann an fharraige agus a bheir ar a tonnta búirthíl, an té darb ainm Tiarna na Slua, deir sé é seo:
36
«Dá n-imeodh na reachta daingne seo as mo radharc an Tiarna a labhraíonn ar an uair sin amháin is ea a chuirfinnse síolra Iosrael ó bheith ina chine i m' fhianaise go brách.
37
Dá mb' fhéidir choíche neamh thuas a thomhas, agus fuaimint na talún thíos a spíonadh, is ar an uair sin amháin a theilgfinn díom clann Iosrael ar son gach a ndearna siad an Tiarna a labhraíonn.»
38
«Féach, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn a n-atógfar cathair Iarúsailéim ó Thúr Hananael go Geata an Choirnéil.
39
Ansin sínfidh arís eile an dorú tomhais caol díreach anonn ar Chnoc Gháraeb ag déanamh ina dhiaidh sin ar Ghoá.
40
Agus an gleann frí chéile, gona chorpáin is a luaithreach, agus na goirt uile cois sruth Chidreon soir chomh fada le coirnéal Gheata na nEach, beidh sin coisricthe don Tiarna. Ní scriosfar arís é ná ní mhillfear arís é go deo.»
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 32 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52