bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 12
Jeremiah 12
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 13 →
1
Is ceart atá tú, a Thiarna, nuair a dhéanaim casaoid ort. Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú. Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine? Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?
2
Plandaíonn tú iad agus gabhann siad fréamh, fásann agus tugann siad toradh. Tá tusa i gcónaí ar a mbéal, ach i bhfad óna gcroí.
3
Is aithnid duitse mé, a Thiarna, tá do shúile orm; dearbhaíonn tú mo chroí atá i do lámha. Tarraing amach iad mar chaoirigh chun an áir, coinnigh iad faoi choinne lá an mharaithe.
4
(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n-áitritheoirí.) De bhrí go n-abrann siad: «Ní fheiceann Dia ár n-iompar.»
5
Má ritheann tú in iomaíocht le coisithe, agus go dtraochann siad thú, conas a rachaidh tú i gcomórtas le heachra? Má tá tú míshocair i dtír na síochána, céard a dhéanfaidh tú i bhfásra borb faoi Iordán?
6
«Feallann do dheartháireacha féin agus teach dathar ort. Ar do chúl, lochtaíonn siad freisin thú go hoscailte. Ná cuir do mhuinín iontu nuair is cairde leat iad, mar dhea.» ABN: 11:18, 12:6, 11:19
7
«Thréig mé mo theach, d' fhág mé m' oidhreacht, thug mé an rud ab ionúin liom i láimh a naimhde.
8
Tá m' oidhreacht domsa mar bheadh leon san fhoraois; búireann sí liom go fíochmhar; mar sin, fuathaím anois í.
9
Nó an cosúil m' oidhreacht le héan breac a mbeadh an éanlaith ag bailiú anuas uirthi ó gach taobh? Tagaigí, a bheithíocha allta, cruinnígí chun slogtha.
10
Scrios iomad tréadaithe mo gharraí fíniúna, shatail siad faoi chois mo chomhroinn, rinne siad m' oidhreacht shólásach ina fásach aonraic.
11
Rinneadh aonaránach í, áit uaigneach i mo shúile. Rinneadh fásach den dúiche ar fad, agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí.
12
Tá na scriosadóirí tagtha go gach cnocán lom san fhásach (óir beartaíonn an Tiarna claíomh a shlogann); ó cheann ceann na tíre ní bhfaigheann feoil ar bith síocháin.
13
Cruithneacht a chuir siad i dtalamh, ach baineann siad dreas. Chuir siad iad féin chun saothair, ach ba é an saothar in aisce é. Loiceann barraí an fhómhair orthu, mar gheall ar fhearg an Tiarna.»
14
Is mar seo a deir an Tiarna: «Maidir leis na drochchomharsana agam uile, a thóg i láimh an oidhreacht a bhronn mise ar mo phobal Iosrael, tarraingeoidh mé as a ndúichí anois iad. (Ach tarraingeoidh mé teach Iosrael as a lámha.)
15
Ach tar éis dom iad a tharraingt amach beidh trua agam dóibh agus tabharfaidh mé ar ais iad, gach uile dhuine chun a oidhreachta, gach aon duine chun a dhúiche.
16
Agus má thabharfaidh siad dá n-aire slí mo phobail a fhoghlaim agus mionnú i m' ainmse: Go maire an Tiarna; mar a mhúin siad siúd do mo phobal mionnú faoi Bhál, ansin beidh áit acu i measc mo phobail.
17
Ach má dhiúltaíonn aon chine éisteacht, tarraingeoidh mé as a fhréamhacha é agus scriosfaidh mé an cine sin an Tiarna a labhraíonn.»
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52