bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 42
Jeremiah 42
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 41
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 43 →
1
Ansin tháinig ceannairí uile an airm, in éineacht le Ióchánán mac Cháiréach agus [Azairiá] mac Hóisiá, agus an pobal uile ó bheag go mór go dtí Irimia fáidh,
2
agus dúirt siad leis: «Guímid thú éist lenár n-achainí! Guigh ar ár son chun an Tiarna do Dhia, ar son an fhuíll seo uile óir níl fágtha againn ach beagán de mhórán, mar is léir do do shúile féin
3
go dtaispeána an Tiarna do Dhia dúinn an tslí inar cheart dúinn siúl agus an rud ba chóir dúinn a dhéanamh.»
4
D' fhreagair an fáidh Irimia: «Cluinim sibh; guífidh mé go cinnte chun an Tiarna bhur nDia de réir bhur mbriathar; agus cibé ar bith ní a fhreagróidh an Tiarna bhur nDia foilseoidh mé daoibh é; ní choinneoidh mé aon ní ar gcúl uaibh.»
5
Dúirt siadsan le Irimia: «Bíodh an Tiarna Dia ina fhinné fírinneach dílis inár n-aghaidh, mura ndéanaimid de réir na n-orduithe a thugann an Tiarna do Dhia dúinn tríotsa.
6
Más olc maith linn é umhlóimid do ghlór an Tiarna ár nDia chun a gcuirimid thusa, le go mbeidh an scéal go maith againn, nuair a umhlóimid do ghlór an Tiarna ár nDia.»
7
Tar éis deich lá tharla go dtáinig briathar an Tiarna go Irimia.
8
Chuir seisean fios ar Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí in éineacht leis, agus an pobal uile ó bheag go mór.
9
Dúirt sé leo: «Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, chun ar chuir sibh mise a fhoilsiú bhur n-achainí dó:
10
' Más toil libh fanacht go sítheach sa tír seo, tógfaidh mise suas sibh agus ní chaithfidh mé síos sibh; plandóidh mé sibh agus ní tharraingeoidh mé aníos sibh. Óir tá aiféala orm faoin olc a rinne mé oraibh.
11
Ná bíodh eagla rí na Bablóine oraibh faoi mar atá; ná bígí i bhfaitíos roimhe a deir an Tiarna óir táimse libh do bhur bhfuascailt agus do bhur sábháil as a láimh.
12
Glacfaidh mé trua daoibh, le go mbeidh trua aigesan daoibh agus go ligfidh sé daoibh cur fúibh in bhur ndúiche féin.
13
Ach má deir sibh: Ní maith linn fanacht sa tír seo; agus gan umhlú do ghlór an Tiarna bhur nDia,
14
á rá: Ní hea, ach rachaimid go tír na hÉigipte, áit nach bhfeicfimid cogadh ar bith agus nach gcluinfimid fuaim an stoic agus nach mbeidh easpa aráin orainn; is ann a dhéanfaimid cónaí.
15
Más mar sin é, éistigí le briathar an Tiarna Dia, sibhse a fhuíoll Iúdá. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael:
16
Má chuireann sibhse bhur n-aighthe go daingean ar dhul don Éigipt, agus imeacht agus dul a chónaí ann, ansin tiocfaidh i gcríoch, an claíomh, a bhfuil bhur n-eagla roimhe, go mbéarfaidh sé oraibh i dtír na hÉigipte; agus an gorta, a bhfuil eagla oraibh roimhe, go leanfaidh sé sibh don Éigipt; agus éagfaidh sibh ansin.
17
Is mar sin a bheidh ag an uile fhear a chuirfidh a aghaidh ar dhul a chónaí don Éigipt, éagfaidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá; ní mhairfidh aon duine acu agus ní rachaidh caonaí slán ón olc a bhéarfaidh mise orthu.
18
Sea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Díreach mar a doirteadh m' fhearg agus m' fhíoch amach ar áitritheoirí Iarúsailéim, is mar an gcéanna a dhoirtfear m' fhearg amach oraibhse, má théann sibh don Éigipt: beidh sibh mar dhíol eascaine agus mar uafás, mar mhasla agus mar cheap magaidh; agus ní fheicfidh sibh an áit seo arís go deo.'»
19
[D' fhreagair Irimia: «A fhuíoll Iúdá, deir an Tiarna féin libh: 'Ná téigí don Éigipt.' Bíodh a fhios seo agaibh go maith: Thug mise rabhadh sollúnta daoibh inniu féin.
20
Is ag ligean oraibh in bhur gcroí a bhí sibh nuair a chuir sibh mise chun an Tiarna bhur nDia, á rá: 'Déan idirghuí ar ár son leis an Tiarna ár nDia; inis dúinn an uile ní a déarfaidh an Tiarna ár nDia, agus déanfaimidne é.'
21
Agus anois d' fhoilsigh mé daoibh é, agus níor umhlaigh sibh do ghuth an Tiarna bhur nDia ná d' aon ní den mhéid a d' ordaigh sé dom a rá libh.
22
Anois, ar an ábhar sin, bíodh a fhios agaibh go cinnte go n-éagfaidh sibh leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá san áit ar mian libh dul agus cónaí a dhéanamh ann.»
← Chapter 41
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 43 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52