bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 28
Jeremiah 28
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 29 →
1
An bhliain chéanna sin, i dtús réim Zidicíá mhic Ióisíá, rí Iúdá, an cúigiú mí den cheathrú bliain labhair Hanainiá fáidh, mac Azúr, as Gibeón, mar leanas le [Irimia] i dTeampall an Tiarna i láthair na sagart agus an phobail uile:
2
«Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: 'Tá cuing rí na Bablóine briste agam.
3
Taobh istigh de dhá bhliain tabharfaidh mé liom ar ais chuig an áit seo soithí uile Theampall an Tiarna a rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis as an áit seo agus a d' iompair sé chuig an mBablóin.
4
Tabharfaidh mé ar ais freisin Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, agus deoraithe uile Iúdá a chuaigh chuig an mBablóin an Tiarna a labhraíonn. Sea, brisfidh mé cuing rí na Bablóine.'»
5
Ansin thug Irimia fáidh freagra ar an bhfáidh Hanainiá i bhfianaise na sagart agus an phobail uile a bhí i dTeampall an Tiarna.
6
«Bíodh sé amhlaidh,» a dúirt Irimia fáidh. «Go gcomhlíona an Tiarna an tairngreacht a rinne tú, soithí Theampall an Tiarna agus na deoraithe uile a thabhairt ar ais ón mBablóin go dtí an áit seo.
7
Ach éist anois leis an bhfocal seo a déarfaidh mise i do chluasa agus i gcluasa an phobail uile.
8
Na fáithe a bhí ann romhamsa agus romhatsa anallód, rinne siad tairngreacht faoi chogadh, faoi ghorta, faoi phlá, in aghaidh mórán tíortha agus in aghaidh ríochtaí móra;
9
ach an fáidh a thairngríonn síocháin, aithneofar gurb é an Tiarna go fírinneach a chuir uaidh é nuair a thiocfaidh briathra an fháidh i gcrích.»
10
Ansin bhain Hanainiá fáidh an chuing de mhuineál Irimia fáidh agus bhris í.
11
Labhair Hanainiá ansin i bhfianaise an phobail uile: «Seo mar a deir an Tiarna: 'Is mar seo a bhrisfidh mé i gcionn dhá bhliain, cuing Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus bainfidh mé í de mhuineál na gciníocha uile.» ' D' imigh Irimia leis ag an bpointe sin.
12
Nuair a bhí Hanainiá fáidh tar éis an chuing, a thóg sé de mhuineál Irimia fáidh, a bhriseadh, tháinig briathar an Tiarna go Irimia:
13
«Imigh leat go Hanainiá agus abair seo leis: 'Is mar seo a deir an Tiarna: Tig leat cuingeacha maide a bhriseadh? Más ea, déanfaidh mise cuingeacha iarainn dóibh ina n-áit.
14
Óir seo mar a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cuing iarainn a chuirim anois ar mhuineál na gciníocha seo uile le go mbeidh siad faoi chois ag Nabúcadnazar rí na Bablóine. Beidh siad faoina smacht; fiú na mbeithíoch allta, tá siad tugtha agam dó.'»
15
Dúirt Irimia fáidh le Hanainiá fáidh: «Éist liom go haireach; a Hanainiá: níor chuir an Tiarna uaidh thú; mar gheall ortsa tá an pobal seo anois ag cur a ndóchais i mbréag.
16
Ar an ábhar sin seo mar a deir an Tiarna: 'Tá fúm thusa a theilgean d' aghaidh na talún: éagfaidh tú i mbliana, [de bhrí gur sheanmóir tú easumhlaíocht in aghaidh an Tiarna].'»
17
D' éag Hanainiá an bhliain chéanna sin, sa seachtú mí.
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 29 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52