bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 9
Jeremiah 9
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 10 →
1
8:23 Cé a dhéanfaidh foinse de mo cheann, agus de mo shúile tobar deor, a bhfuil de mhairbh as iníon mo dhaoine?
2
Nach trua gan bothán fear taistil agam san fhásach, 2 go bhfágfaidh mé mo phobal, go n-imeoidh mé i bhfad uathu! Óir is adhaltranaigh iad uile, agus buíon daoine fealltacha. 1
3
Claonann siad a dteanga ar nós bogha; ní fírinne ach bréaga atá in uachtar sa tír; téann siad ó olc go holc. Diúltaíonn aithne a thabhairt don Tiarna.
4
Bíodh gach aon duine san airdeall ar a chara; ná taobhaigh le do dheartháir, mar go deimhin is forghabhálaí gach deartháir, is cúlghearrthóir dícheallach gach cara.
5
Meallann gach aon acu a chéile, ní labhraíonn siad an fhírinne. Mhúin siad dá dteanga bréaga a rá, tá siad truaillithe agus níl aithrí ag teacht leo.
6
Leatrom ar muin leatroma! cealg ar muin ceilge! Diúltaíonn siad aithne a thabhairt don Tiarna.
7
Uime sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua: «Féach, dearbhóidh mé anois iad sa soitheach leáite nó céard eile a dhéanfaidh mé, mar gheall ar a n-olcas?
8
Is saighead mharfa a dteanga, labhraíonn siad go cealgach; ' Síocháin', a deir duine ó bhéal lena chomharsa ach ina chroí cuireann sé luíochán roimhe.
9
An é nach n-agróidh mise na nithe seo orthu? is é an Tiarna a labhraíonn an é nach ndéanfaidh mise díoltas ar a leithéid seo de náisiún?
10
Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha, agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh; óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann, ní chluintear níos mó géimneach na dtréad. Éanlaith an aeir agus na beithígh, theith siad araon, níl siad ann.
11
Déanfaidh mé Iarúsailéim ina carnán cloch, ina huaimh seacál, déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.»
12
Cé hé an duine críonna a thuigfidh é seo? Cé leis a labhair béal an Tiarna féin le go bhfoilseodh sé: Cad chuige ar scriosadh an tír, agus go ndearnadh fásach di gan siúl aon duine inti?
13
Dúirt an Tiarna: «Mar seo é, mar gur thréig siad mo dhlí a chuir mé rompu agus nár umhlaigh siad do mo ghuth agus nár lean é,
14
ach gur lean siad comhairlí a ndrochchroí féin i ndiaidh na mBálaím mar a mhúin a n-aithreacha dóibh.
15
Mar sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Anois beathóidh mé an pobal seo le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól.
16
Scaipfidh mé i measc ciníocha iad narbh aithnid dá n-aithreacha ná dóibh féin; agus cuirfidh mé an claíomh ina ndiaidh go scriosfaidh mé iad.»
17
Seo mar a deir Tiarna na Slua: «Thusa ansin! Glaoigh ar na mná caointe! Tagaidís! Cuir fios ar na mná is fearr chuige! Tagaidís siúd!
18
Déanaidís deifir go dtóga siad caoineadh dúinne! Go sile ár súile le deora, go sceithe ár bhfabhraí le huisce!
19
Sea, tá an caoineadh le clos as Síón, ' Cé mar atáimid sladta! Cé mar atáimid náirithe go deo! Óir tá orainn imeacht as an tír, agus slán a fhágáil ag teach agus treabh!'»
20
Agus sibhse, a mhná, éistigí anois le briathar an Tiarna, gabhadh bhur gcluasa focal a bhéal. Múinigí do bhur n-iníonacha caoineadh, múinigí dá chéile olagón.
21
Tháinig an bás suas chun ar bhfuinneog, agus rinne a bhealach isteach inar bpáláis; ghearr sé anuas na leanaí sa tsráid, na fir óga ar an bhfaiche.
22
Tá corpáin daoine ina luí amhail aoileach ar aghaidh an mhachaire, amhail punanna i ndiaidh an bhuanaí, agus ní chruinníonn aon duine iad.
23
Is mar seo a deir an Tiarna: «Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas!
24
Ach an té a dhéanfadh glóir, déanfadh sé glóir as seo: go dtuigeann agus go n-aithníonn sé mise. Óir is mé an Tiarna, rialaím ar talamh, le cineáltas, le ceart agus le fíréantacht; sea, is iontu seo atá mo dhúil an Tiarna a labhraíonn.»
25
«Féach, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn agus gearrfaidh mé pionós ar a bhfuil de dhaoine atá timpeallghearrtha san fheoil amháin:
26
An Éigipt, Iúdá, Clann Amón, Móáb agus na Bearracháin uile a chónaíonn san fhásach. Óir tá na ciníocha seo uile, agus fós teach Iosrael go hiomlán, gan timpeallghearradh sa chroí.»
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52