bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 15
Jeremiah 15
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 16 →
1
Dúirt an Tiarna liom: «Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m' fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!
2
Agus má fhiafraíonn siad díot: 'Cá rachaimid?' inseoidh tú é seo dóibh: Is mar seo a deir an Tiarna: ' An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá; an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh; an mhéid faoi choinne an ghorta, chun an ghorta; an mhéid fáoí choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais!'
3
«Ceithre soirt oidhe a dháilim dóibh: an claíomh do mharú, na madraí do réabadh, éanlaith an aeir agus ainmhithe na talún do shlogadh agus do dhíothú.
4
Déanfaidh mé díol uafáis díobh i radharc ríochtaí uile an domhain, mar gheall ar Mhanaise, mac Hiziciá, rí Iúdá, agus na míghníomhartha a rinne sé in Iarúsailéim.
5
Cé ag a bhfuil trua duit, a Iarúsailéim, cé a dhéanann comhbhrón leat, cé a sheasann le fiafraí cén chaoi bhfuil tú?
6
Is tú féin a thréig mise an Tiarna a labhraíonn. Thug tú cúl liom; mar sin sínim mo lámh amach i d' aghaidh le go scriosfainn thú. Tá mé tuirseach den aithreachas.
7
Tá siad scagtha agam le gabhlán cáite i mbailte a dtíre. Bainim díobh a gclanna, díoscaim mo dhaoine óir diúltaíonn siad filleadh óna mbealaí.
8
Tá líon a mbaintreach arna mhéadú os cionn ghaineamh na farraige. Ar mháithreacha na n-ógánach tugaim an millteoir i lár na lae ghil. Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin.
9
Gabhann laige an mháthair a rug mórsheisear, imíonn an spiorad aisti. Chuaigh a grian faoi agus an lá fós ann, fuair sí náire agus míchlú? Tabharfaidh mé an fuílleach díobh do chlaíomh a naimhde an Tiarna a labhraíonn.»
10
Is mairg domsa, a mháthair, gur rug tú mé i m' fhear caismirte agus i m' fhear achrannach don tír ar fad. Ní thugaim ar iasacht ná ní bhfaighim ar iasacht; ina dhiaidh sin mallaíonn gach aon duine mé.
11
Nach fíor é, a Thiarna, go ndearna mé mo dhícheall fónamh duit, go ndearna idirghuí leat ar mo namhaid ABN: 11, 15a, 12, 13, 14, 15b, 16
12
An féidir le fear iarann a bhriseadh, iarann ón tír thuaidh, nó cré-umha?
13
«Tabharfaidh mé do mhaoin agus do chiste chun creiche, mar íocaíocht ar do pheacaí uile ar fud do thíre.
14
Tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhde i dtír nach feasach duit, óir d' fhadaigh m' fhearg tine a loscfaidh thú go hiomlán.»
15
15a ar uair a thubaiste agus a anó? Is feasach duit go ndearna! 15b A Thiarna, cuimhnigh ormsa, coinnigh do shúil orm, agus déan mise a dhíolt ar lucht mo ghéarleanúna. Is mall í d' fhearg; ná lig i gcrích go sciobfaí chun siúil mé. Bíodh a fhios agat gur ar do shonsa a fhulaingím masla.
16
Nuair a tháinig do bhriathra, d' ith mise iad. Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d' ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.
17
Níor bhain mé sult riamh as suí i gcomhluadar na scigirí; mar gheall ar do láimhse orm, shuigh mé ar leithligh, óir líon tú le fearg mé.
18
Cad chuige a bhfuil mé ag síorfhulaingt, a bhfuil mo chneá gan leigheas, agus í doleigheasta? An mbeidh tú domsa amhail sruthán bréagach a bhfuil a uisce neamhbhuan?
19
Is mar seo a d' fhreagair an Tiarna: «Má fhilleann tú, tabharfaidh mé liom arís thú ar aimsir; agus má labhraíonn tú go huasal agus ní go suarach, beidh tú amhail mo bhéal féin. Fillfidh siadsan ortsa, ach ná fillse orthusan.
20
Déanfaidh mise díotsa balla cumhdaigh práis in aghaidh an phobail seo. Troidfidh siad leat, ach ní bhéarfaidh siad bua ort, óir tá mise leat chun cuidiú leat agus chun thú a shaoradh an Tiarna a labhraíonn.
21
Saorfaidh mé thú as láimh an drochdhuine, agus fuasclóidh mé thú as crúba an neamhthrócairigh.»
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
Recommended Reading
Commentary
Jeremiah Commentaries
→
Devotional
Jeremiah Devotional Guide
→
Get This Bible
Irish - (An Bíobla Naofa ) Study Bible
→