bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 11
Jeremiah 11
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 12 →
1
An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna:
2
«Labhair le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim.
3
Abair leo: Is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael: Gura mallaithe an té nach n-éisteann briathra an chonartha seo
4
a d' ordaigh mé do bhur n-aithreacha nuair a thug mé ón bhfoirnéis iarainn iad, as críoch na hÉigipte. Umhlaígí do mo ghlóir, dúirt mise leo, déanaigí an uile ní a ordóidh mise daoibh, is ansin a bheidh sibhse in bhur bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia agaibh,
5
le go gcomhlíonfar an mionn a thug mé do bhur n-aithreacha, fearann a thabhairt dóibh le mil agus le bainne ina slaoda mar atá sé inniu.» D' freagair mise: «Déanfaidh mé sin, a Thiarna.»
6
Ansin dúirt an Tiarna liomsa: «Fógair é seo uile i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: Éistigí briathra an chonartha seo agus déanaigí iad.
7
Mar an lá a thug mé bhur n-aithreacha aníos as críoch na hÉigipte, thug mise rabhadh dóibh go dúthrachtach, agus níor scoir mé den rabhadh go dtí inniu: Umhlaigí dom ghlóir.
8
Ach níor umhlaigh siad, níor thug dom cluas; shiúil gach aon díobh i gcomhairle a dhrochchroí féin. Ar an ábhar sin chomhlíon mé ina gcoinne briathra uile an chonartha seo a d' ordaigh mé dóibh a dhéanamh, ach nach ndearna siad.»
9
Dúirt an Tiarna liomsa: «Is follas go bhfuil feall i measc fir Iúdá agus i measc áitritheoirí Iarúsailéim.
10
Tá siad iompaithe ar ais ar chionta a n-aithreacha rompu, a dhiúltaigh mo bhriathra a éisteacht; tá siad seo freisin ag dul i ndiaidh déithe eile agus ag fónamh dóibh. Tá an conradh a rinne mé lena n-aithreacha briste ag teach Iosrael agus ag teach Iúdá.
11
Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna tabharfaidh mé olc anois orthu nach mbeidh aon dul as acu; má ghlaonn siad orm ní éistfidh mé leo.
12
Imíodh bailte Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim agus éimhidís ar na déithe dá loscann siad túis, ach ní cabhair iad siúd in aon chor dóibh in am a n-anó.
13
Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe, ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí túis ag Bál.
14
«Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; mar ní éistfidh mé leat in am a n-anó.
15
Céard tá á dhéanamh ag mo ghrá i mo theachsa? Tá cur i gcéill ar siúl aici! An bhféadann móideanna agus feoil choisricthe do chiontacht a chur díot? An é go ndéanfaidh mise glan thú dá bharr?
16
Crann ola breá géagach, daingean, a thug an Tiarna d' ainm ort. Faoi ghreadadh gaoithe móire cuireann sé tine lena dhuilliúr; tá a chraobhacha ar lasadh.
17
«Agus d' fhógair Tiarna na Slua, a chuir i dtalamh thusa, olc i d' aghaidh mar gheall ar choir theach Iosrael agus theach Iúdá do mo ghríosú chun feirge, as túis a loscadh do Bhál.»
18
D' fhoilsigh an Tiarna domsa é; cuireadh fainic orm. A Thiarna is í sin an uair ar chuir tú a gcomhcheilg ar mo shúile dom. ABN: 11:18, 12:6, 11:19
19
Ach bhí mise mar a bheadh uan mín ann a sheoltar chun a mharaithe, agus mé ar neamheolas na ceilge a bhí á cumadh acu i m' aghaidh, á rá: «Scriosaimis an crann lena thorthaí, gearraimis amach é as tír na mbeo, ionas nach mbeidh cuimhne ar a ainm go deo.»
20
Ach, a Thiarna na Slua, is tú an breitheamh cóir, is tú a scrúdaíonn na háranna agus an croí; feicimse do dhíoltas orthu, mar is i do lámha a chuir mé mo chúis.
21
Is mar seo a labhair an Tiarna in éadan mhuintir Anatót a iarrann mo bhás agus a bhagair orm: «Ná tairngir in ainm an Tiarna, nó éagfaidh tú faoinár lámha.»
22
«Is mar seo a smachtóidh mise iad,» a deir Tiarna na Slua, «titfidh a n-ógánaigh leis an gclaíomh, éagfaidh a mic agus a n-iníonacha le gorta.
23
Ní fhágfar duine díobh beo nuair a bhéarfaidh mise olc ar mhuintir Anatót i mbliain a gcuarta.»
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52