bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 18
Jeremiah 18
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 19 →
1
An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna:
2
«Éirigh, imigh síos go teach an photaire; is ansin a thabharfaidh mé le cloisteáil duit a bhfuil le rá agam.»
3
Chuaigh mé síos mar sin go teach an photaire, agus bhí sé ann ag obair ag a roth.
4
Agus ní raibh uair dár milleadh an soitheach cré a bhí á dhéanamh ag an bpotaire nach ndearna sé arís é ina shoitheach eile, mar is nós le potairí a dhéanamh.
5
Ansin tháinig an briathar seo ón Tiarna chugam:
6
«rí theach Iosrael, nach bhféadaimse a dhéanamh libhse mar a dhéanann an potaire seo? an Tiarna a labhraíonn Sea, faoi mar atá an chré i láimh an photaire, is mar sin atá sibhse i mo láimhse, a theach Iosrael.
7
Uaireanta ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a dtarraingt aníos, a leagan, a scriosadh;
8
ach má fhilleann an cine sin, ar ar thug mé daorbhreith, óna n-oilc, ansin tagann malairt intinne chugamsa i dtaobh an oilc a bhí ceaptha agam dóibh.
9
Uaireanta eile, ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a thógáil agus a phlandú;
10
ach má dhéanann an cine sin olc i mo radharc, agus mura n-umhlaíonn siad do mo ghuth, bíonn aithrí orm faoin maith a bhí ar intinn agam a bhronnadh orthu.
11
Labhair anois, ar an ábhar sin, le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim: 'Is mar seo a deir an Tiarna: Éistigí, tá briseadh á chumadh agam in bhur n-aghaidh, tá tubaiste daoibh á ceapadh agam. Filligí mar sin, gach uile dhuine agaibh, ó bhur n-imeachtaí gránna, leasaigí bhur n-iompar agus bhur ngníomhartha.'
12
Ach déarfaidh siadsan: 'Cé an mhaith caint? Is fearr linn déanamh mar is toil linn féin; tá ar intinn ag gach fear againn déanamh de réir chomhairle a dhrochchroí féin.'»
13
«Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna: Fiafraígí anois i measc na náisiún cé chuala a leithéid seo: Rinne maighdean Iosrael gníomh rófhuafar.
14
An n-imíonn sneachta na Liobáine ón gcarraig bheannach? An dtéann na huiscí maorga a bhíonn ag sní san fhuarthan i ndísc?
15
Ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise! Loscann siad a dtúis do neamhní! D' imigh a gcosa uathu ar a slí dóibh, ag gabháil na seanbhóithre, ag siúl dóibh sna cosáin chama, ar bhealaí gan aon mhéar ar eolas.
16
Déanfaidh siad a ndúiche uaigneach; déanfar ábhar fonóide di go deo; an té a rachaidh thairsti beidh uafás air agus craithfidh sé a cheann.
17
Mar a dhéanfadh an ghaoth anoir scaipfidh mé iad roimh an namhaid. Tabharfaidh mé cúl dóibh agus ní hí m' aghaidh, ar lá a dtruamhéile.»
18
«Téanaigí,» a dúirt siad, «déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.»
19
Tabhair cluas dom, a Thiarna, éist le céard tá á rá ag mo naimhde.
20
Ar chuí ceart a chúiteamh le holc? (Mar tá siad ag tochailt poill do m' anam.) Cuimhnigh gur sheas mé i d' fhianaise ag labhairt ar a son, le go n-iompóinn d' fhearg uathu.
21
Ar an ábhar sin seachaid a gclann mhac don ghorta; tabhair suas iad do bhéal an chlaímh. Go raibh a mná céile gan sliocht, go bhfágtar ina mbaintreacha iad. Go n-éaga a bhfir den phlá; go dtite a n-ógánaigh leis an gclaíomh sa chath.
22
Go gcluintear scread maidine as a dtithe nuair a bheireann tusa foghlaithe go tobann orthu. Óir thochail siad clais ghafa do mo ghabháilse; d' fholaigh siad líonta do mo chosa.
23
Ach, a Thiarna, tá fios a gcomhairlí uile agat, do mo mharú. Ná maith a n-éigeart, ná scrios a bpeaca amach as do radharc. Coinnigh a léirmhilleadh i gconaí i d' aigne, nuair a thiocfaidh an lá a n-agróidh tú d' fhearg orthu.
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52