bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 22
Jeremiah 22
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 23 →
1
Is é a dúirt an Tiarna: «Imigh síos go pálás rí Iúdá agus tabhair an teachtaireacht seo ansin.
2
' Éist le briathar an Tiarna, a rí Iúdá, a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, thusa agus do sheirbhísigh agus do mhuintir a théann na geataí seo isteach.
3
Is mar seo a deir an Tiarna: Cleachtaigí macántacht agus fíréantacht; saoraigí an truán as láimh an té a dhéanann leatrom air; ná déanaigí éagóir ar an gcoimhthíoch, ar an dílleachta, ar an mbaintreach; ná déan éigean; ná doirt fuil neamhchiontach san áit seo.
4
Má dhéanann sibh amhlaidh go coinsiasach, leanfaidh ríthe atá ina suí ar ríchathaoir Dháiví orthu ag dul geataí an pháláis seo isteach, ag marcaíocht i gcarbaid agus ar eachra, iad féin a seirbhísigh agus a muintir.
5
Ach mura n-éisteann sibh leis na briathra seo, mionnaim dar mé féin an Tiarna a labhraíonn go mbeidh an pálás seo ina fhásach.
6
Sea, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh pálás rí Iúdá: Ba Ghileád thú agamsa, Ba bheann de chuid na Liobáine thú; mar sin féin, déanfaidh mé fásach díot, baile gan áitritheoir ann.
7
Tá fir do mhillte tofa agam, ag gach uile fhear acu tá a thua; gearrfaidh siad anuas na céadair is fearr agat, agus teilgfidh sa tine iad.
8
«' Nuair a ghabhfaidh sluaite na náisiún thar an gcathair seo, déarfaidh siad lena chéile: Cad chuige go ndearna an Tiarna é seo leis an gcathair mhór seo?
9
Is é an freagra a thabharfar: Mar thréig siad conradh an Tiarna a nDia chun déithe eile a adhradh agus fónamh a dhéanamh dóibh.'
10
Ná golaigí ar son an mhairbh, ná caoinigí é. Ach golaigí go géar ar son an té a d' imigh, óir ní thiocfaidh sé ar ais go deo, ní fheicfidh sé a thír dhúchais arís go brách.
11
«Óir is mar seo a dúirt an Tiarna i dtaobh Sealúm mac Ióisíá, rí Iúdá, a bhí ina rí i ndiaidh a athar Ióisíá agus arbh éigean dó imeacht ón áit seo: 'Ní fhillfidh sé ar an áit seo níos mó
12
ach éagfaidh sé san áit a ndearna siad cime de é; agus ní fheicfidh sé an tír seo arís.'»
13
«Is mairg don té a leagann dúshraith a pháláis le héigeart, agus a sheomraí uachtair le héagóir, a thógann seirbhís a chomharsan gan tuarastal, agus nach n-íocann é ar son a shaothair,
14
a deir: 'Déanfaidh mé dom féin pálás fairsing le seomraí leathana in airde', a ghearrann fuinneoga amach ann a chumhdaíonn sé le céadar agus a phéinteálann le flanndearg.
15
An móide de rí thú daoine eile a shárú le céadair? D' ith d' athair agus d' ól sé, mar a dhéanann tusa, ach chleacht seisean macántacht agus ceart; mar sin bhíothas go maith aige.
16
Dhéanadh sé breithiúnas ar chúis an bhoicht agus an easpaithigh, ansin bhíothas go maith aige. Nach é sin mise a aithint? an Tiarna a labhraíonn.
17
Ach níl do shúilese ná do chroí ach ar son do shainte féin, a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.»
18
Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá: «Bás don fhear sin! Ná caoinigí é: ' Uch a dheartháir!' ' Uch a dheirfiúr!' Ná caoinigí ar a shon: ' Uch, a thiarna!' ' Uch, a mhórgacht!'
19
Adhlacfar é le hadhlacadh asail, á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amach as geataí Iarúsailéim.»
20
«Imigh suas chuig an Liobáin agus éigh, tóg suas do ghuth i mBáiseán, scread as Abáraím anall, óir do scriosadh d' aos grá uile!
21
Labhair mise leat i do shonas, ach dúirt tú: 'Ní éistfidh mé.' Ba é seo do bhéasa ó d' óige; níor umhlaigh tú do mo ghuthsa.
22
Séidfidh an ghaoth do thréadaithe uile go malairt féaraigh; rachaidh d' aos grá i mbraighdeanas. Go deimhin féadann náire agus ceann faoi a bheith ort anois ag smaoineamh duit ar do chionta uile.
23
Tusa a rinne cónaí sa Liobáin, a neadaigh i measc na gcéadar, cé mar a dhéanfaidh tú cneadach nuair a thiocfaidh na doitheacha ort, an phian amhail bean in íona.»
24
«Faoi mar a mhairim an Tiarna a labhraíonn dá mbeadh Coiniá mac Iahóiácaím rí Iúdá, ina fháinne séala ar mo dheasláimh, mar sin féin tharraingeoinn as sin é.
25
Tabharfaidh mé thú i lámha na muintire a iarrann do bhás, i láimh an dreama a bhfuil eagla ort rompu, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, i láimh na gCaildéach.
26
Tusa agus do mháthair a rug thú, caithfidh mé amach sibh go tír eile; ní ann a rugadh sibh ach is ann a gheobhaidh sibh beirt bás.
27
Ní fhillfidh siad chun na tíre inar mian leo filleadh.»
28
An pota briste, beagmhaitheasach é, an fear seo Coiniá, an soitheach é gan dúil ag aon duine ann? Cad chuige ar teilgeadh amach iad, é féin agus a shliocht, ar teilgeadh iad do thír nach aithnid dóibh?
29
Ó a thalaimh, a thalaimh, a thalaimh, éist le briathar an Tiarna!
30
Is mar seo a deir an Tiarna «Scríobhaigí an fear seo faoin teideal: gan chlann; duine nár rug biseach lena laethanta, óir ní thiocfaidh le haon fhear dá shliocht suí i ríchathaoir Dháiví, ná rialú arís in Iúdá.»
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 23 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52