bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 30
Jeremiah 30
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 31 →
1
Geallúint do Ríocht an Tuaiscirt
2
«Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: 'Na briathra uile a labhair mé leat, scríobh i leabhar iad.
3
Óir féach tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn ina gcuirfidh mé an rath arís ar mo phobal Iosrael (agus Iúdá), a deir an Tiarna, agus tabharfaidh mé orthu filleadh ar an tír a thug mé dá sinsir, agus sealbhóidh siad í.'»
4
Is iad seo na briathra a labhair an Tiarna i dtaobh Iosrael (agus Iúdá):
5
«Is mar seo a deir an Tiarna: chuala [mé] guth criothnaithe, guth eagla, agus ní guth síochána é.
6
Fiafraígí anois, meabhraígí: an mbíonn fir ag breith clainne? Cad chuige a bhfeicim gach fear mar sin agus a lámha ar a leasracha mar bheadh bean in íona? Cad chuige ar tháinig dath bán ar gach aghaidh?
7
Go deimhin is mór an lá é seo, ionas nach bhfuil aon lá cosúil leis; is í uair bhuartha Iacóib í; ach sábhálfar aisti é.
8
«Ar an lá sin Tiarna na Slua a labhraíonn brisfidh mise an chuing dá muiníl, agus scaoilfidh mé a gcuibhreacha. Ní dhéanfaidh siad fónamh níos mó do choimhthíocha.
9
Ach déanfaidh don Tiarna a nDia, agus do Dháiví a rí a thógfaidh mise suas dóibh.
10
Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, an Tiarna a labhraíonn Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air.
11
Óir táimse in éineacht leat, do do shábháil. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú; ní chuirfidh mé críochnú ortsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.
12
Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Tá do chneá doleigheasta, tá do lot gan cneasú.
13
Níl aon duine chun aire a thabhairt do do chréachtaí, níl luibh ná leigheas i ndán duit.
14
Rinne d' aos grá uile dearmad díot, ní iarrann siad níos mó thú. Sea, bhuail mé le buille namhad thú, buille neamhthrócaireach (mar gheall ar mhéid do chiontachta agus ar iomadúlacht do pheacaí).
15
Cad chuige a n-éagaoineann tú d' ainnise? Tá do phian doleigheasta. Rinne mé na nithe sin uile leat, mar gheall ar mhéid do chiontachta, agus ar iomadúlacht do pheacaí.
16
Ach gach aon a shlog thusa slogfar iad féin, rachaidh lucht d' ansmachta uile i ndaoirse, creachfar lucht do chreachta, agus gach aon dár airg thusa, tabharfaidh mise mar argain iad.
17
17a Ach casfaidh mise do shláinte ar ais chugat, agus leigeasfaidh mé do chréachtaí an Tiarna a labhraíonn. 17b Óir ghairidís ' An Díbeartach' díot, ' Éadáil linn ar cuma le haon duine í!' ABN: v17b, v17a
18
Seo mar a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé ar ais anois both an Tiarna, agus déanfaidh mé trua dá áiteanna cónaithe; tógfar an chathair arís ar a carn féin, atógfar an daingean ar a láithreán.
19
Tiocfaidh astu amach buíochas agus glórtha daoine a dhéanann lúcháir. Déanfaidh mé líonmhar iad, agus ní bheidh laghdú orthu; déanfaidh mé glórmhar iad, agus ní bheidh siad faoi dhímheas.
20
Beidh a gclann mhac mar a bhí siad féin anallód, beidh a gcomhthionól go daingean i mo láthair, agus smachtóidh mé lucht leatroim orthu.
21
Is duine díobh féin a bheidh ina phrionsa orthu, as a muintir féin a thiocfaidh a rialtóir. Ligfidh mise dó teacht i mo láthair agus féadfaidh sé teacht i ngar dom; go deimhin, cé eile a chuirfeadh a anam i gcontúirt agus teacht i ngar domsa? an Tiarna a labhraíonn.
22
Agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse.»
23
Anois éiríonn anfa an Tiarna, séideann an stoirm ghaoithe, briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine;
24
ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcuire sé i gcrích agus go gcomhlíona comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é seo sna laethanta atá ag teacht.
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 31 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52