bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 5
Jeremiah 5
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 6 →
1
Gabh anonn agus anall trí shráideanna Iarúsailéim, féach anois, agus bíodh a fhios agat, cuardaigh a cearnóga; má éiríonn leat fear a fháil, oiread agus fear a dhéanann an ceart agus a iarrann an fhírinne, tabharfaidh mise ansin maithiúnas di, [a deir an Tiarna]. ABN: 1, 3a, 2, 3b, 4
2
Ach bíodh go n-abrann siad: «Go maire an Tiarna,» ina dhiaidh sin mionnaíonn siad go bréagach.
3
3a A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? 3b Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n-aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.
4
«Is iad na miondaoine amháin nach bhfuil aon chiall acu,» arsa mise, «mar níl a fhios acu slí an Tiarna, ná reacht a nDé.
5
Rachaidh mé go dtí na daoine a bhfuil an chumhacht acu agus labharfaidh mé leo, óir beidh a fhios acu sin slí an Tiarna agus reacht a nDé.» Ach bhí an chuing briste, na cuibhreacha réabtha acu siúd freisin.
6
Sin é an fáth go maraíonn leon as an bhforaois iad, go ndéanann mac tíre an fhásaigh slad orthu, go bhfuil liopard i bhfolach ag faire ar a mbailte; cibé duine a ghabhann amach astu sractar ó chéile é mar is do-áirithe a gcionta, is ag dul i méid atá a séanadh.
7
«Cad chuige go maithfinn duit é? Thréig do chlann mhac mé, agus mhionnaigh siad i ndéithe nach déithe iad in aon chor. Choinnigh mé bia leo, agus ghabh siad le hadhaltranas. Ghnáthaigh siad tithe na meirdreach.
8
Bhíodar ina staileanna macnasacha, iad beathaithe, gach aon duine acu ag seitreach i ndiaidh bean a chomharsan.
9
An é nach smachtóidh mise iad mar gheall ar na nithe sin an Tiarna a labhraíonn nach n-agróidh mise mo dhíoltas ar a leithéid seo de náisiún?
10
Dreapaigí suas ar a sraitheanna: Scriosaigí! Críochnaígí ar fad í! Bainigí anuas di a briongláin, ní leis an Tiarna iad.
11
Go deimhin is go fealltach a d' fheall sí orm, an teach seo Iosrael an Tiarna a labhraíonn.
12
Shéan siad an Tiarna; dúirt siad: 'Ní dhéanfaidh sé dada; ní thiocfaidh aon olc chugainn, claíomh ná gorta ní fheicfimid.
13
Níl na fáithe ach ag cur gaoithe, níl an briathar iontu.'
14
Ar an ábhar sin a deir an Tiarna, Dia na Slua Is mar seo a dhéanfar leo as ucht é sin a rá: déanfaidh mise m' fhocail ina thine ar do bhéal, agus an pobal seo ina bhrosna, le go loscfaidh an tine iad.
15
Tabharfaidh mé anois oraibh uile, cine ón imigéin a theach Iosrael is é an Tiarna a labhraíonn is náisiún dochloíte é, náisiún seanda, náisiún nach aithnid duitse a theanga, ní thuigeann tú focal a deir siad.
16
Tá a mbolgán saighead amhail uaigh oscailte; is laochra cróga iad uile.
17
Slogfaidh siad an fómhar agat agus an t-arán, slogfaidh siad do mhic agus d' iníonacha, slogfaidh do thréada agus do shealbháin, d' fhíniúna agus do chrainn figí, scriosfaidh siad do bhailte daingne ina bhfuil do dhóchas.
18
«Ach sna laethanta sin féin an Tiarna a labhraíonn ní scriosfaidh mé ar fad sibh.
19
Agus nuair a déarfaidh siad: 'Cad chuige a ndearna an Tiarna, ár nDia, na nithe seo linn?' freagróidh tusa mar seo iad: 'Faoi mar a thréig sibhse mise agus a rinne sibh fónamh do dhéithe iasachta ar bhur dtailte féin, mar an gcéanna caithfidh sibh fónamh do dhaoine iasachta i ndúiche nach libh féin.'»
20
Foilsígí é seo i dteach Iacóib, fógair é in Iúdá, á rá:
21
«Éistigí seo anois, a phobal dallintinneach gan tuiscint, ag a bhfuil súile agus nach bhfeiceann, cluasa agus nach gcluineann.
22
Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? an Tiarna a labhraíonn An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.
23
Ach tá croí ainrianta, easumhal ag an bpobal seo; d' éirigh siad amach is maith chuige sin iad!
24
Ní dúirt siad ina gcroí: 'Seo anois, bíodh eagla an Tiarna, ár nDia orainn; tugann sé fearthainn go luath, agus go déanach gach bliain go tráthúil, coimeádann dúinn seachtainí cinnte an fhómhair.'
25
Thóg bhur gcionta nithe maithe uaibh, ghiorraigh bhur bpeacaí na fabhair seo.
26
Is ea, tá drochdhaoine le fáil i measc mo phobail; spréann siad a líonta; fearacht éanairí cuireann siad dol, agus gabhann daoine.
27
Mar a bheadh cliabhán ann lán d' éanlaith amhlaidh sin tá a dtithe lán de chreach; d' éirigh siad mór agus saibhir dá bharr,
28
d' éirigh siad méith agus sleamhain. Go deimhin níl teorainn leo le holcas, níl meas acu ar an gceart, ní trua leo cás an dílleachta, cúis na mbocht, ní chosnaíonn siad.
29
An é nach gcaithfidh mé nithe dá shórt a chúiteamh leo an Tiarna a labhraíonn ná mo dhíoltas a agairt ar a leithéid seo de náisiún?»
30
Tá nithe aduafara, uafásacha á ndéanamh sa tír;
31
tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52