bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 35
Jeremiah 35
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 34
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 36 →
1
An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna i laethanta Iahóiácaím mhic Ióisíá, rí Iúdá:
2
«Imigh go clann na Raecáibíoch agus labhair leo; tabhair go Teampall an Tiarna iad, go ceann de na seomraí, agus tairg dóibh fíon le hól.»
3
Rug mise mar sin Iázainiá mac Irimia, mac Habaizinia, mar aon lena dheartháireacha agus a chlann mhac uile: clann iomlán na Raecáibíoch liom.
4
Thug mé go Teampall an Tiarna iad, go seomra mhic Hánán, mac Igdiliá, óglach Dé, láimh le seomra na n-oifigeach, os cionn seomra Mhásaeiá mhic Shealúm, coimeádaí an dorais.
5
Leag mé ansin os comhair fir chlann na Raecáibíoch soithí lán d' fhíon agus cupáin, agus dúirt mé leo. «Ólaigí deoch fíona.' '
6
Dúirt siadsan: «Ní ólaimidne fíon, óir d' ordaigh Iónádáb mac Raecáb ár sinsear dúinn: 'Ní ólfaidh sibh fíon, sibh féin ná bhur mic go brách.
7
Ní mó a thógfaidh sibh tithe; ní chuirfidh sibh síol, ní phlandóidh fíniúin ná ní shealbhóidh sibh áitreabh; ach déanfaidh sibh cónaí ar feadh bhur laethanta i mbothanna, ionas go mairfidh sibh i bhfad sa dúiche a mbeidh sibh in bhur n-eachtrannaigh.'
8
D' umhlaíomar do ghuth Iónádáb mhic Raecáb, ár sinsear san uile ní dár ordaigh sé dúinn; gan fíon a ól feadh ár mbeatha, sinn féin, ár mná, ár mic, ná ár n-iníonacha,
9
ná tithe a thógáil dúinn féin le cónaí iontu; ní mó mar atá fíniúin againn ná talamh curtha,
10
ach cónaímid i mbothanna. D' umhlaíomar agus rinneamar de réir an uile ní dár ordaigh Iónádáb ár sinsear dúinn.
11
Ach tharla, nuair a d' ionsaigh Nabúcadnazar rí na Bablóine an tír seo, go ndúramar: Tagaigí! téimis suas go Iarúsailéim ar eagla slua na gCaildéach agus slua Árám.' Is mar sin a chuireamar fúinn in Iarúsailéim.»
12
Ansin tháinig briathar an Tiarna go Irimia.
13
«Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: 'Imigh agus inis do mhuintir Iúdá agus do áitritheoirí Iarúsailéim: Nach bhfaigheadh sibh teagasc agus éisteacht le mo bhriathrasa? Is é an Tiarna a labhraíonn.
14
Comhlíonadh briathar Iónádáb mhic Raecáb nuair a d' ordaigh sé dá chlainn mhac gan fíon a ól; go dtí inniu féin ní ólann siad aon deor, ach umhlaíonn siad d' ordú a sinsir. Ach labhair mise libhse gan stad gan staonadh, ach níor éist sibh liom.
15
Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n-adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n-aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom.
16
Choinnigh clann mhac Iónádáb mhic Raecáb aithne a sinsir a thug sé dóibh, ach níor éist an pobal seo liomsa.
17
Uime sin is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: Tabharfaidh mise ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim an uile olc dar fhógair mé ina n-aghaidh, óir labhair mé leo agus ní éistfidís, ghlaoigh mé orthu agus ní fhreagróidís.'»
18
Dúirt Irimia ansin le clann na Raecáibíoch: «Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: 'De bhrí gur umhlaigh sibh d' aitheanta Iónádáb bhur n-athair agus gur choinnigh sibh an uile aithne agus go ndearna sibh gach ar ordaigh sé daoibh,
19
mar gheall air seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael ní bheidh sliochtach fireann in easnamh ar Iónádáb mac Raecáb chun seasamh i mo láthairse go brách.'»
← Chapter 34
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 36 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52