bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 27
Jeremiah 27
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 28 →
1
I dtosach réim Zidicíá, rí Iúdá, tháinig an briathar seo go Irimia ón Tiarna.
2
Dúirt an Tiarna é seo liomsa: «Déan duit féin rópaí agus cuing agus buail ar do mhuineál iad.
3
Cuir scéala ansin go rí Eadóm, go rí Mhóáb, go rí na nAmónach, go rí Tuíre agus go rí na Síodóine, le béal a dteachtaí a thagann go Iarúsailéim go Zidicíá rí Iúdá.
4
Ordaigh dóibh a rá lena máistri: 'Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Seo a ndéarfaidh sibh le bhur máistrí:
5
Le mo mhórchumhacht agus le mo láimh sínte amach rinne mé an talamh, an duine agus na hainmhithe ar talamh. Agus féadaim é a thabhairt don té is maith liom.
6
Tá na tíortha seo uile tugtha agam faoi láthair i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; thug mé dhó fiú na beithígh allta le fónamh dó.
7
Beidh na ciníocha uile umhal dó féin, dá mhac agus do mhac a mhic, nó go dtaga am cinnte a thíre féin ar a seal agus go gcuirfidh náisiúin chumhachtacha agus ríthe móra é féin i ndaoirse.
8
Cibé cine nó ríocht nach ngéillfidh do Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus nach gcromfaidh a muineál faoi chuing rí na Bablóine, smachtóidh mise an cine sin leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá a deir an Tiarna go dtuga mé ina láimh é.
9
Mar sin, ná héistigí le bhur bhfáithe, le bhur n-asarlaithe, le bhur bhfísithe, ná le bhur ndraoithe, ná le bhur ngreasadóiri a deir libh: Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.
10
Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh, agus dá bharrsan tógfar ó bhur ndúiche sibh, díbreoidh mise sibh agus caillfear sibh.
11
An cine, áfach, a chromann a mhuineál faoi chuing rí na Bablóine agus a dhéanann fónamh dó, fágfaidh mé faoi shíocháin iad ina dtír féin a deir an Tiarna saothróidh siad í agus fanfaidh siad ann.'»
12
Labhair mé mar an gcéanna le Zidicíá rí Iúdá: «Tugaigí bhur muiníl,» dúirt mé leis, «faoi chuing rí na Bablóine; géilligí dó féin agus dá mhuintir agus mairfidh sibh.
13
Cad chuige a n-éagfadh sibh, tú féin agus do mhuintir, leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá a bhagair an Tiarna ar an gcine nach ngéillfidh do rí na Bablóine?
14
Ná héistigí le briathra na bhfáithe a deir libh: 'Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.' Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh.
15
Óir ní mise a chuir uaim iad a deir an Tiarna tairngríonn siad bréaga i m' ainm. Dá bharr sin díbreoidh mise sibh, caillfear sibh féin agus mar an gcéanna na fáithe a thairngríonn daoibh.»
16
Ansin labhair mé leis na sagairt agus leis an bpobal uile: «Is mar seo a deir an Tiarna: 'Ná héistigí le briathra bhur bhfáithe a fháistiníonn daoibh á rá: Féach! tabharfar ar ais go luath soithí Theampall an Tiarna ón mBablóin; tairngríonn siad bréaga daoibh.
17
Ná héistigí leo; géilligí do rí na Bablóine agus mairfidh sibh; cad chuige a bhfágfaí an chathair seo ina fásach?
18
Dá mba fháithe iad agus dá mbeadh briathar an Tiarna leo, bheidís anois ag guí Tiarna na Slua nach dtógfaí don Bhablóin na soithí atá fágtha i dTeampall an Tiarna, i bpálás rí Iúdá agus in Iarúsailéim.
19
Óir is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh (na gcolún, na farraige, na seastán agus) na soithí eile atá fós sa chathair seo,
20
na cinn nár rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis nuair a rug sé Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, i láimh leis ó Iarúsailéim don Bhablóin mar aon le maithe uile Iúdá agus Iarúsailéim.
21
Is ea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, faoi na soithí atá fágtha fós i dTeampall an Tiarna, i bpálás rí Iúdá agus in Iarúsailéim:
22
Tabharfar don Bhablóin iad, agus beidh siad ann nó go dté mise faoina ndéin an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mise ar ais iad ansin agus cuirfidh san áit seo iad.'»
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 28 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52