bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 16
Jeremiah 16
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 17 →
1
Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2
«Ní ghabhfaidh tú bean chugat ná ní bheidh mac ná iníon agat san áit seo.
3
Mar is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh na mac agus na n-iníonacha a bhéarfar san áit seo, i dtaobh na máithreacha a bheireann iad agus i dtaobh na n-aithreacha a ghineann iad sa dúiche seo:
4
Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d' éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.
5
Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Ná téigh isteach i dtigh an tórraimh le go ndéana tú caoi agus truamhéil leo; mar thóg mise mo shíocháin ón bpobal seo an Tiarna a labhraíonn mo shíocháin agus mo thruamhéil.
6
Éagfaidh an mór agus an beag sa tír seo gan adhlacadh ná caoineadh; ní ghearrfaidh daoine iad féin, ní bhearrfaidh siad a gcloigeann ar a son.
7
Ní bhrisfear aon arán don fhear caointe á chomhfhortacht ar son na marbh: ní mó a ofrálfar cupán sóláis dó i mbás athar ná máthar.
8
Agus ná téigh isteach i dteach an fhéasta chun suí leo, chun ithe agus ól.
9
Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Coscfaidh mé anois in bhur radharc, in bhur laethanta féin, guth na súgachta agus na lúcháire, guth an fhir nuaphósta agus na brídeoige.
10
Nuair a inseoidh tú na briathra seo uile don phobal seo agus a déarfaidh siadsan leatsa: 'Cén fáth ar fhógair an Tiarna an anachain uafásach seo inár n-aghaidhne? Céard é ár n-éigeart? Céard é an peaca atá déanta againn in aghaidh an Tiarna, ár nDia?'
11
Ansin déarfaidh tú leo: 'Is ar an ábhar gur thréig bhur n-aithreacha mé an Tiarna a labhraíonn agus gur shiúil siad i ndiaidh déithe eile, á n-adhradh agus ag fónamh dóibh. Thréig siad mise agus níor choinnigh mo dhlí.
12
Agus rinne sibhse níos measa ná bhur n-aithreacha. Féach, siúlann gach uile dhuine agaibh de réir chomhairlí a chruachroí oilc féin agus ní éisteann liomsa.
13
Mar sin teilgfidh mé as an tír seo sibh go tír nach aithnid daoibh féin ná do bhur n-aithreacha; déanfaidh sibh fónamh ansin do dhéithe eile, de lá agus d' oíche, agus ní thaispeánfaidh mise fabhar daoibh a thuilleadh.'
14
«Féach, mar sin, go bhfuil na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn nach ndéarfaidh daoine níos mó: 'Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!'
15
ach: 'Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad.' Tabharfaidh mise ar ais iad go dtí an fearann céanna a thug mise dá sinsir.
16
«Seolfaidh mé anois mórán iascairí an Tiarna a labhraíonn agus tabharfaidh siad ar barr iad; ansin, seolfaidh mé mórán sealgairí agus déanfaidh siad a bhfiach ó gach uile shliabh, as gach cnoc, amach as poill na gcarraig.
17
Óir tá mo shúile ar a n-imeachtaí uile, níl siad ceilte orm, ní mó tá a gcionta i bhfolach ar mo shúile.
18
Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m' oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.»
19
Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: «Níor ghabh ár n-aithreacha d' oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.
20
An bhféadann duine déithe a dhéanamh dó féin? Más ea, ní déithe iad in aon chor!»
21
«Éist anois, tabharfaidh mé orthu admháil, tabharfaidh mé orthu an uair seo mo lámh agus mo neart a admháil; agus aithneoidh siad ansin gurb é an Tiarna m' ainm.»
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52