bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 8
Jeremiah 8
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 9 →
1
«Nuair a thiocfaidh an t-am sin an Tiarna a labhraíonn tabharfar amach as a n-uaigheanna cnámha ríthe Iúdá, cnámha na bprionsaí, na sagart, na bhfáithe agus áitritheoirí Iarúsailéim.
2
Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b' ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n-iarr siad comhairle orthu, agus a d' adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún.
3
Agus béarfar bás de rogha ar bheatha leis an méid a bheidh fágtha den droch-mhuintir seo uile, cibé áit a ndíbreoidh mise iad, a deir Tiarna na Slua.
4
«Déarfaidh tú leo: Is mar seo a deir an Tiarna: Má thiteann tú, nach féidir leat éirí arís? má théann tú amú, nach bhféadann tú fílleadh athuair?
5
Cad chuige go leanann an pobal seo de bheith ag séanadh, i gcónaí ag séanadh? Leanann siad den seachrán agus diúltaíonn siad filleadh.
6
D' éist mise go haireach, níl an chaint cheart acu; ní dhearna aon duine aithrí ina olc á rá: 'Céard tá déanta agam?' Mar a réabann an t-each chun catha is mar sin a théann gach aon duine amú ag leanacht a chúrsa féin.
7
Fiú amháin an chorr bhán sa spéir bíonn fios a haimsire aici; comhairíonn an turtúr, an fháinleog, an chorr ghlas, am a dteachta. Ach ní fheadar mo dhaoine rialú an Tiarna.
8
Nach dána an mhaise daoibh a rá: 'Táimid críonna, agus is againn atá dlí an Tiarna'? Féach, cé mar a falsaíodh é le peann bréagach na scríobhaithe.
9
Beidh náire ar na daoine críonna, beidh mearbhail orthu agus díomá. Féach, cé mar a dhiúltaigh siad do bhriathar an Tiarna! Cén tairbhe dóibh mar sin a gcríonnacht?
10
Tabharfaidh mé mar sin a mná céile do fhir eile, a bhfearainn do shealbhóirí nua, óir gach aon díobh ón té is lú go dtí an té is mó, santaíonn sé an brabach mí-ionraic; an sagart agus an fáidh araon, cleachtaíonn siad caimiléireacht.
11
Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail á rá: 'Síocháin! Siocháin!' agus níl aon síocháin ann.
12
Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n-imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin, mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu, a deir an Tiarna.
13
Ba mhaith liom dul a bhaint fómhair ann, a deir an Tiarna. Ach níl fíonchaora ar an bhfíniúin, ná figí ar an gcrann figí agus na duilleoga féin, tá siad feoite. Mar sin é óir thug mise sladairí orthu le slad a dhéanamh orthu.»
14
Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh.
15
Bhí súil againn le síocháin ach níor tháinig maith ar bith, le haimsir shlánaithe, ach féach an scéin!
16
«Tá cuachaíl a n-eachra le clos ó Dhán; creathnaíonn an tuath uile le fuaim sheitreach a staileanna. Tagann siad a mhilleadh na tíre agus a bhfuil inti, na mbailte agus gach a gconaíonn iontu.
17
Is ea, cuirim chugaibh anois péisteanna agus nathracha nimhe nach ngéilleann d' orthaí; bainfidh siad greim asaibh an Tiarna a labhraíonn [a bheidh gan leigheas].»
18
Tá dólás orm, titeann mo chroí ionam.
19
Éist! Tá guth iníon mo dhaoine ag éamh ó cheann ceann na tíre, «Nach bhfuil an Tiarna a thuilleadh i Síón? Nach bhfuil a Rí inti níos mó?» (Cad chuige ar bhrostaigh siad mise chun feirge lena n-íola greanta, leis na náideanna iasachta seo?)
20
Chuaigh an fómhar tharainn, tá deireadh leis an samhradh, agus níor tugadh tarrtháil orainn!
21
Mar gheall ar ghortú iníon mo dhaoine tá mise gortaithe freisin, is dubhach liom mo shaol, beireann eagla greim orm.
22
Nach bhfuil íocshláinte feasta i nGileád? Nach bhfuil aon lia ann? Cad chuige mar sin nach ndéanann sé aon dul ar aghaidh, an leigheas seo iníon mo dhaoine?
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52