bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 36
Jeremiah 36
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 37 →
1
Scrolla 605-4R.Ch.
2
«Tóg thusa scrolla agus scríobh ann na briathra uile dár labhair mise leat i dtaobh Iarúsailéim agus Iúdá agus an uile chine ón lá ar labhair mé i dtús leat go dtí inniu.
3
Nuair a chluinfidh teach Iosrael an uile olc atá ar intinn agam a dhéanamh dóibh, b' fhéidir go bhfillfidh gach uile dhuine óna drochshlí, agus ansin mhaithfinnse a n-éigeart agus a bpeaca dóibh.»
4
Chuir Irimia fios ar Bharúch mac Néiria, agus scríobh Barúch, ó bhéal Irimia, gach briathar a labhair an Tiarna leis.
5
D' ordaigh Irimia ansin do Bharúch: «Ó táimse i bpríosún anseo ní féidir liom dul go Teampall an Tiarna;
6
ar an ábhar sin imigh thusa agus léigh as an scrolla a scríobh tú ó mo bhéalsa, briathra uile an Tiarna in éisteacht an phobail i dTeampall an Tiarna lá an troscaidh; léigh freisin iad in éisteacht mhuintir Iúdá uile a thagann as na bailte.
7
B' fhéidir go gcuirfeadh siad a n-urnaithe i bhfianaise an Tiarna agus go bhfillfeadh gach aon díobh óna dhrochshlí, óir is mór é an díomá agus an fhearg a léirigh an Tiarna in aghaidh an phobail seo.»
8
Rinne Barúch mac Néiria mar a d' ordaigh Irimia fáidh dó, briathra uile an Tiarna a léamh as an scrolla i dTeampall an Tiarna.
9
Tharla sa chúigiú bliain de Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, sa naoú mí gur fógraíodh troscadh i bhfianaise an Tiarna don phobal uile in Iarúsailéim agus don phobal uile a thiocfadh go Iarúsailéim ó bhailte Iúdá.
10
Léigh sé briathra Irimia as an scrolla; tharla seo i seomra Ghamairiá mhic Sheáfán, rúnaí, sa chúirt ab airde ag dul an Geata Nua isteach i dTeampall an Tiarna, in éisteacht an phobail uile.
11
Nuair a chuala Miocáia mac Ghamairiá, mac Sheáfán, briathra uile an Tiarna as an scrolla,
12
síos leis go pálás an rí agus isteach i seomra an rúnaí. Bhí na feidhmeannaigh uile ina suí ansin: Eilíseámá an runaí, Daláiá mac Sheamaiá, Ealnátán mac Acbór, Gamairiá mac Sheáfán, Zidicíá mac Hanainiá, agus na feidhmeannaigh eile go léir.
13
D' inis Miocáia dóibh na briathra uile dár chuala sé nuair a léigh Barúch an scrolla in éisteacht an phobail.
14
D' aontaigh na feidhmeannaigh ansin Iahúidí mac Natainiá agus Sealaimiá mac Chúisi a chur go Barúch á rá: «Tar, agus beir leat an scrolla a léigh tú in éisteacht an phobail.» Thóg Barúch mac Néiria an scrolla mar sin agus tháinig chucu.
15
«Suigh síos,» ar siad, «agus léigh amach dúinne é.» Léigh Barúch é mar sin dóibh.
16
Nuair a chuala siad na briathra uile tháinig scanradh ar gach fear acu agus ar siad: «Go deimhin ní mór dúinn na briathra seo uile a insint don rí.»
17
D' fhiafraigh siad ansin de Bharúch: «Inis dúinn,» ar siad, «conas a scríobh tú na briathra seo uile.»
18
«Dheachtaigh Irimia dom iad lena bhéal,» d' fhreagair Barúch, «agus scríobh mise le dúch iad sa scrolla seo.»
19
Ansin dúirt na feidhmeannaigh le Barúch: «Imigh, téigh i bhfolach, thusa agus Irimia; agus ná bíodh a fhios ag aon duine cén áit a mbeidh sibh.»
20
Leis sin amach leo go dtí an rí i gcúirt an pháláis tar éis an scrolla a chur i dtaisce i seomra Eilíseámá an rúnaí. Agus d' inis siad an scéal go léir don rí.
21
Chuir an rí Iahúidí faoi dhéin an scrolla agus rug seisean leis é as seomra Eilíseámá an rúnaí, agus léigh amach don rí é agus do na feidhmeannaigh uile agus iad ina seasamh timpeall an rí.
22
Bhí an rí ina shuí ina sheomra geimhridh ba é an naoú mí é agus bhí tine ar lasadh ar an teallach os a chomhair.
23
Ní raibh uair dá mbíodh a trí nó a cheathair de cholúin léite ag Iahúidí nach ngearradh an rí iad le scian scríobhaí agus go gcaitheadh isteach sa tine ar an teallach iad nó gur dódh an scrolla ar fad sa tine ar an teallach.
24
Thairis sin, ní raibh eagla orthu, níor réab siad a n-éadaí, an rí ná aon duine dá mhuintir dár chuala na briathra seo uile.
25
D' iarr Ealnátán agus Daláiá agus Gamairiá ar an rí gan an scrolla a dhó, ach má iarr, ní eisteodh sé leo.
26
D' ordaigh an rí don phrionsa Iaramael agus do Sharáiá mac Aisriéil agus do Shealaimiá mac Aibdeal, Barúch an scríobhaí agus an fáidh Irimia a ghabháil. Ach d' fholaigh an Tiarna iad.
27
Ansin tháinig briathar an Tiarna go Irimia, tar éis don rí an scrolla a dhó agus na briathra a scríobh Barúch as béal Irimia:
28
«Glac chugat scrolla eile agus scríobh síos na briathra uile úd a bhí sa chéad scrolla a dhóigh Iahóiácaím rí Iúdá.
29
Agus maidir le Iahóiácaím rí Iúdá, abair: 'Is mar seo a deir an Tiarna: Dhóigh tú an scrolla seo, á rá: Cad chuige ar scríobh tú: Tiocfaidh rí na Bablóine go deimhin agus bánóidh sé an tír seo agus ní fhágfaidh duine ná ainmhí beo inti?
30
Mar sin, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím rí Iúdá: Ní bheidh duine ar bith aige le suí ar chathaoir ríoga Dháiví; agus teilgfear a chorp marbh amach chun an teaspaigh sa lá agus chun an tseaca san oíche.
31
Smachtóidh mise é féin agus a oidhrí agus a sheirbhísigh i ndíol a n-éigeart; orthusan, ar chathróirí Iarúsailéim agus ar mhuintir Iúdá, tabharfaidh mé na hoilc uile a d' fhógair mé ina n-aghaidh, bíodh agus nár éist siad.'»
32
Ansin thóg Irimia scrolla eile agus thug do Bharúch mac Néiria, scríobhaí, é, agus scríobh seisean síos ansin as béal Irimia briathra uile an scrolla a dhóigh Iahóiácaím rí Iúdá, i dteannta mórán briathar eile ar an dul céanna.
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 37 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52