bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 23
Jeremiah 23
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 24 →
1
«Is mairg do na haoirí a ligeann do chaoirigh m' innilte imeacht ar aimhleas agus ar fán an Tiarna a labhraíonn.
2
Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na n-aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha an Tiarna a labhraíonn.
3
Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad.
4
Cuirfidh mé aoirí os a gcionn a bheathóidh iad; ní bheidh eagla orthu níos mó, ná uamhan; ní bheidh easnamh ar bith orthu an Tiarna a labhraíonn.
5
Feach, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.
6
Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas. Is é seo an t-ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.
7
«Mar sin, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn nach ndéarfaidh daoine níos mó: 'Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!'
8
ach: 'Go maire an Tiarna a thug ar ais agus a threoraigh abhaile sliocht theach Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad, le go ndéanfaidís cónaí ina dtír féin.'»
9
I dtaobh na bhfáithe: Tá mo chroí istigh ionam briste, creathnaíonn mo chnámha uile; is cosúil le fear meisce mé; is cosúil le fear a chloígh fíon mé mar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa; tá an tír lán d' adhaltranaigh.
10
(Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.) «Chun olc a dhéanamh tá siad mear agus is é an mícheart a neart.
11
Sea, go fiú na fáithe agus na sagart, tá siad aindiaga; i mo theach féin fuair mé a n-urchóid an Tiarna a labhraíonn.
12
Ar an ábhar seo is sleamhain an tslí atá ag síneadh rompu; sa dorchacht mar a ndíbreofar iad is ann a thitfidh siad. Óir tabharfaidh mise olc orthu i mbliain a bhféachana an Tiarna a labhraíonn.
13
I bhfáithe na Samáire chonaic mé nithe a chuir samhnas orm: thairngreadar trí Bhál agus chuir siad mo phobal Iosrael ar seachrán.
14
Ach i bhfáithe Iarúsailéim chonaic mé na nithe gránna: adhaltranas, síoréitheach, an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha, nach bhfilleann aon duine óna olc; tá siad domsa mar Shodom, a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá.
15
Ar an ábhar sin is mar seo a deir Tiarna na Slua i dtaobh na bhfáithe: Anois beathóidh mé iad le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól, mar is ó fháithe Iarúsailéim amach a leathnaigh aindiagacht ar fud na dúiche.
16
Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Ná héistigí le briathra na bhfáithe úd; is do bhur mealladh atá siad, aithriseann siad físeanna a gcroí féin, agus ní as béal an Tiarna;
17
leis an dream a dhiúltaíonn do bhriathar an Tiarna deir siad, ' Gheobhaidh sibh síocháin', agus leo siúd a shiúlann de réir comhairlí a gcruachroí féin: ' Ní thiocfaidh olc ar bith oraibh.'»
18
(Ach cé a bhí i láthair ag comhairle an Tiarna? Cé a chonaic í agus a chuala a bhriathar? Cé a d' éist lena bhriathar le go bhfógróidh sé é?)
19
Anois éiríonn anfa an Tiarna, séideann an stoirm ghaoithe, briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine;
20
ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí, agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.
21
«Ní mise a sheol na fáithe seo uaim, ina dhiaidh sin bíonn siad ag rith; ní leo a labhair mé; ina dhiaidh sin bíonn siad ag tairngreacht.
22
An raibh siad i láthair ag mo chomhairle? Má bhí, fógraídís mo bhriathra do mo phobal, agus tabhraidís orthu filleadh óna slí urchóideach agus ó olc a ngníomhartha.
23
An Dia i ngar mise an Tiarna a labhraíonn agus nach Dia mé i bhfad uait?
24
An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha agus nach bhfeicfidh mise é? an Tiarna a labhraíonn. Nach líonann mise neamh agus talamh? an Tiarna a labhraíonn.
25
«Chuala mé céard a dúirt na fáithe a thairngreann i m' ainmse. ' Rinneadh brionglóid dom,' a deir siad, ' rinneadh brionglóid dom!'
26
Cá fhad a bheidh seo i gcroíthe na bhfáithe a thairngreann bréaga, fáistine a thabhairt ar chealga a gcroí féin?
27
Síleann siad a thabhairt ar mo phobal m' ainm a dhearmad leis na haislingí a insíonn siad dá chéile, díreach mar a dhearmaid a n-aithreacha m' ainm ar son Bhál.
28
«An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é! Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht? an Tiarna a labhraíonn.
29
Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine an Tiarna a labhraíonn nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní?
30
«Mar sin, féach, táimse in aghaidh na bhfáithe an Tiarna a labhraíonn a ghoideann mo bhriathra óna chéile.
31
Táimse in aghaidh na bhfáithe an Tiarna a labhraíonn nach lia corraí teanga astu ná tairngreacht.
32
Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha an Tiarna a labhraíonn a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad an Tiarna a labhraíonn.
33
«Agus nuair a fhiafróidh na daoine seo, fáidh nó sagart, díotsa: 'Céard é ualach an Tiarna?' déarfaidh tú leis: 'Tusa, is tusa ualach an Tiarna; is ea, tusa, agus cuirfidh mé díom thú! an Tiarna a labhraíonn.'
34
«Agus an fáidh, sagart, nó aon duine eile a déarfaidh: 'Ualach an Tiarna', gearrfaidh mise pionós ar an bhfear sin, agus ar a theaghlach freisin.
35
Is mar seo ba cheart daoibh labhairt, gach uile dhuine lena chomharsa agus gach aon lena dheartháir: 'Céard a d' fhreagair an Tiarna?' nó ' Céard a dúirt an Tiarna?'
36
Ach ná leanaigí oraibh á rá: 'Ualach an Tiarna', nó is ualach a bheidh ann cinnte don té a deir é, mar claonann sibh briathra Dé bheo, Tiarna na Slua, ár nDia.
37
Is mar seo a déarfaidh tú leis an bhfáidh: 'Cén freagra a thug an Tiarna?' nó: 'Céard a dúirt an Tiarna?'
38
Ach má deir tú: 'Ualach an Tiarna', is ansin a deir an Tiarna: 'De bhrí go n-abrann tú na focail seo: Ualach an Tiarna; agus gur chros mise oraibh a rá: Ualach an Tiarna;
39
mar sin tógfaidh mise suas sibh féin, agus an chathair a thug mé daoibh agus do bhur sinsir, agus caithfidh mé as mo radharc sibh.
40
Tabharfaidh mé oraibh scannal síoraí agus náire bhuan dhodhearmadta.'»
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 24 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52