bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 33
Jeremiah 33
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 32
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 34 →
1
Bhí Irimia fós i bpríosún i gCúirt an Gharda nuair a tháinig briathar an Tiarna chuige an dara huair.
2
«An Tiarna, an té a chruthaigh an talamh, a chum agus a dhaingnigh í an Tiarna a ainm deir sé é seo:
3
Glaoigh ormsa agus freagróidh mé thú; inseoidh mé duit rúndiamhra móra nach feasach duit dada fúthu.
4
Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael, i dtaobh tithe na cathrach seo agus i dtaobh phálás rí Iúdá atá le scriosadh. In aghaidh mótaí agus pailís
5
rachaidh siad ag troid leis na Caildéigh, ach is ag líonadh na cathrach a bheidh siad le corpáin na ndaoine a leagfaidh mise ar lár i mo fheirg agus i m' fhraoch, [an dream] ar fholaigh mé m' aghaidh orthu mar gheall ar a n-olcas.
6
Ach féach, brostóidh mise chucu biseach agus leigheas; leigheasfaidh mé iad agus cuirfidh mé in aithne dóibh iomláine na síochána agus na sábháilteachta.
7
Déanfaidh mé Iúdá agus Iarúsailéim a athnuachain agus atógfaidh mé iad mar a bhí siad an chéad uair.
8
Glanfaidh mé iad ón uile pheaca a rinne siad i mo aghaidhse; na peacaí lenar mhaslaigh siad mise agus lenar thug cúl liom, maithfidh mé iad uile dóibh.
9
Agus beidh Iarúsailéim ina cúis athais domsa, ina cúis maíte agus onóra i láthair a bhfuil de chiníocha ar talamh; nuair a chluinfidh siadsan an uile mhaith atá á dhéanamh agam tiocfaidh eagla agus uamhan orthu mar gheall ar an uile shéan agus síocháin a sholáthraím di.'
10
Is mar seo a deir an Tiarna: 'San áit seo, a deir tusa: Is uaigneach é gan duine ná ainmhí; i mbailte Iúdá agus i sráideanna briste Iarúsailéim mar nach bhfuil duine ná ainmhí, cluinfear arís
11
guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn: Molaigí Tiarna na Slua, óir is maith é an Tiarna, óir maireann a bhuanghrá go brách. «Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!'
12
Is mar seo a deir Tiarna na Slua: 'San áit seo, san fhásach seo gan duine ná ainmhí agus ina bhailte uile, beidh tailte féaraigh arís, áit a gcuirfidh aoirí a dtréada ina luí.
13
I mbailte uile na nArdán, ar an Achréidh agus sa Neigib, i ndúiche Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim agus i mbailte Iúdá, imeoidh na tréada arís faoi lámha an té a áiríonn iad. Fógraíonn an Tiarna é.
14
Féach, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn agus comhlíonfaidh mé an gheallúint a rinne mé do theach Iosrael agus do theach Iúdá:
15
Sna laethanta sin agus san am sin cuirfidh mise d' fhiacha ar Bheangán fíréanta fás suas do Dháiví, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa tír.
16
Sábháilfear Iúdá sna laethanta sin agus mairfidh Iarúsailéim i ndóchas. Agus is é seo an t-ainm a thabharfar ar an gcathair: An Tiarna Ár bhFíréantacht.'
17
«Óir is mar seo a deir an Tiarna: 'Ní bheidh in easnamh ar Dháiví choíche sliochtach fireann a shuífidh i gcathaoir ríoga theach Iosrael.
18
Ní bheidh in easnamh ach an oiread ar shagairt na Léivíteach sliochtach fireann a sheasfaidh i mo láthairse a ofráil íobairte loiscthe, a loscadh abhlainne agus a ofráil íobairte gach lá.'»
19
Tháinig briathar an Tiarna go Irimia.
20
«Is mar seo a deir an Tiarna: 'Dá bhféadfá mo chonradh lae a bhriseadh agus mo chonradh oíche ionas nach mbeadh lá ná oíche ina n-am féin,
21
ansin d' fhéadfaí freisin mo chonradh le Dáiví mo shearbhónta a bhriseadh ionas nach mbeadh mac aige le rialú ina chathaoir ríoga, agus mar an gcéanna leis na sagairt Léivíteacha is searbhóntaí domsa.
22
Mar nach féidir slua neimhe a áireamh ná gaineamh na farraige a thomhas, is mar sin a mhéadóidh mise sliocht Dháiví mo shearbhónta agus na Léivítigh, a dhéanann [mar aon leis na hoidhrí seo] freastal orm.'»
23
Tháinig briathar an Tiarna go Irimia:
24
«Nár thug tusa faoi deara céard deir an pobal seo: 'An dá mhuintir a thogh an Tiarna theilg sé uaidh anois iad'? Mar seo a tharcaisníonn siad mo mhuintir ionas nach náisiún níos mó iad ina láthair.
25
Is mar seo a deir an Tiarna: 'Murar chruthaigh mise lá agus oíche agus murar reachtaigh mé ordú neimhe agus talún,
26
más ea, teilgim uaim sliocht Iacóib agus Dháiví mo shearbhónta agus ní thoghfaidh mé aon rialtóir dá shliocht le bheith ina rí ar oidhrí Abrahám, Íosác agus Iacóib! Óir cuirfidh mé an rath arís orthu agus glacfaidh mé trua dóibh.'»
← Chapter 32
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 34 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52