bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 3
Jeremiah 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 4 →
1
Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: «Má scarann fear lena bhean agus go n-imíonn sí uaidh agus go mbíonn sí ag fear eile, an bhféadann sí filleadh air arís? Nár truaillíodh an giodán talún sin go mór? Agus tusa a rinne striapach díot féin leis an oiread sin leannán, an bhfillfeása orm? is é an Tiarna a labhraíonn.
2
Tóg do shúile chuig na harda loma agus féach! An bhfuil áit ar bith nár luíodh leat? Shuigh tú sna bealaí rompu ar nós Arabaigh san fhásach. Tá an talamh truaillithe ag do striapachas agus do chionta.
3
Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna, agus nach raibh fearthainn an earraigh ann. Agus choinnigh tú go dána ort d' aghaidh striapaí, b' fhada uait lasadh agus náire.
4
Ar an uair sin féin nach raibh tú ag éamh orm: ' rí athair liom, ó a chara m' óige!
5
An leanfaidh sé dá fhearg go brách, an gcoinneoidh sé an racht go deireadh?' Sin a dúirt tú, ach ina dhiaidh sin níor scoir tú den pheacú, bhí tú chomh ceanndána sin.»
6
Dúirt an Tiarna liomsa i laethanta Ióisíá an rí: «An bhfaca tú céard a rinne Iosrael mhídhílis, cé mar chuaigh sí suas ar gach aon sliabh ard agus faoi gach aon chrann glas, agus d' imir ansin an striapach?
7
Cheap mise: 'Tar éis di seo uile a dhéanamh fillfidh sí ormsa.' Ach níor fhill. Chonaic a deirfiúr fhealltach Iúdá é seo.
8
Chonaic freisin gur mar gheall ar an uile adhaltranas a bhí déanta ag Iosrael mhídhílis a chuir mise uaim í agus thug scríbhinn dealaithe di. Níor ghabh eagla a deirfiur fhealltach Iúdá, áfach, ach d' imigh sise freisin agus d' imir an striapach.
9
Bhí a striapachas chomh mínáireach sin gur thruailligh sí an talamh as a dheireadh; rinne adhaltranas le clocha agus le smutáin adhmaid.
10
Níos measa ná seo uile: níor fhill a deirfiúr fhealltach Iúdá orm ó chroí ach go bréagach is é an Tiarna a labhraíonn.»
11
Agus dúirt an Tiarna liom: «Is mó d' fhíréan Iosrael mhídhílis ná Iúdá fhealltach.
12
Éirigh, mar sin, agus fógair na briathra seo leis an taobh ó thuaidh: Fill, a Iosrael mhídhílis is é an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh strainc orm leat feasta, óir táim trócaireach is é an Tiarna a labhraíonn. Ní choinneoidh mé mo racht go síoraí.
13
Ach amháin admhaigh do chionta: an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhia gur imigh ag spallaíocht le strainséirí agus nár umhlaigh do mo ghuthsa is é an Tiarna a labhraíonn.
14
«Filligí a chlann mhídhílis is é an Tiarna a labhraíonn óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón.
15
Tabharfaidh mé aoirí daoibh de réir mo chroí a bheathóidh sibh le heolas agus le tuigse.
16
Agus nuair a líonfar agus a mhéadófar sibh sa tír, ansin an Tiarna a labhraíonn ní déarfaidh aon duine arís go deo: 'Áirc chonradh an Tiarna', ná ní bheidh smaoineamh uirthi ná cuimhne, ní bheidh caitheamh ina diaidh ná ní dhéanfar arís í.
17
Nuair a thiocfaidh an t-am sin gairfear de Iarúsailéim: 'Ríchathaoir an Tiarna'; cruinneoidh na ciníocha uile chuici in ainm an Tiarna, agus ní shiúlfaidh siad níos mó de réir spreagadh a ndroch-chroí féin.
18
Sna laethanta sin aontófar teach Iúdá le teach Iosrael; tiocfaidh siad in éineacht as tír an Tuaiscirt go dtí an dúiche a thug mise ina oidhreacht do bhur n-aithreacha.
19
Agus bhí mé ag ceapadh: Cé mar ba mhaith liom thusa a áireamh ar mo chlann mhac, agus go dtabharfainn duit dúiche aoibhinn, an oidhreacht is deise ar na ciníocha uile. Cheap mé go dtabharfása orm: rí Athair liom, agus nach n-imeofá go deo ó mo lorg.
20
Ach fearacht bean a imíonn go fealltach óna leannán d' fheall teach Iosrael ormsa is é an Tiarna a labhraíonn.'»
21
Tá gleo le clos ar na harda loma: Caoineadh agus impí chlann Iosrael, óir is fada amú a chuaigh siad, agus rinne dearmad ar an Tiarna a nDia.
22
«Filligí, a mhaca mídhílse, leigheasfaidh mise bhur mídhílseacht.» «Táimid anseo, is ortsa atá ár dtriall, óir is tú an Tiarna ár nDia.
23
Is díomhaoin ina dhiaidh sin súil a bheith leis na harda, mar an gcéanna le scléip na sléibhte. Go deimhin is é an Tiarna ár nDia slánú Iosrael.
24
Shlog an rud náireach saothar ár n-aithreacha ónár n-óige anall, a dtréada agus a dtáinte, a mic agus a n-iníonacha.
25
Luímis síos inár náire, agus folaíodh ár n-easonóir sinn, óir pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia (sinn féin agus ár n-aithreacha ónár n-óige go dtí inniu; agus níor éisteamar le guth an Tiarna ár nDia).»
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52