bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 7
Jeremiah 7
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 8 →
1
An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna, mar seo a ghabh sé:
2
«Téigh agus seas i ngeata Theampall an Tiarna agus fógair an teachtaireacht seo. Abair: Éistigí le briathar an Tiarna, a fheara uile Iúdá, a thagann isteach sna geataí seo chun an Tiarna a adhradh.
3
Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Leasaigí bhur n-iompar agus bhur ngníomhartha agus fanfaidh mise libh san áit seo.
4
Ná taobhaigí leis na briathra mealltacha seo: Seo é sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna!
5
Ach má leasaíonn sibh bhur n-iompar agus bhur ngníomhartha, má chaitheann sibh go cothrom lena chéile,
6
gan sochar a bhaint as an strainséir, an dílleachta agus an bhaintreach (agus gan fuil neamhchiontach a dhoirteadh san áit seo), gan dul i ndiaidh déithe eile chun bhur ndochair féin,
7
más ea, fanfaidh mise libh sa dúiche a thug mise anallód do bhur n-aithreacha go brách.
8
Ach seo sibh ag cur muiníne i mbriathra mealltacha gan tairbhe.
9
An ndéanfaidh sibh goid, an ea, agus marú, adhaltranas, agus mionna bréige a thabhairt, agus túis a loscadh do Bhál, agus imeacht i ndiaidh déithe eile nach fios daoibh?
10
Agus ansin teacht agus seasamh i mo láthair sa Teampall seo a ghairtear i m' ainm, agus a rá: Anois táimid slán sábháilte sábháilte chun leanacht de dhéanamh na gráiniúlachta seo uile!
11
An Teampall seo a ghairtear i m' ainmse, an bhfuil sé ina phrochóg ladrann dar libhse? Ach ní dall atá mise is é an Tiarna a labhraíonn.
12
«Téigí anois don ionad liom a bhí i Sileo, áit ar shuigh mé m' ainm an chéad uair; féachaigí céard a rinne mé i ndíol olc mo phobail Iosrael.
13
Agus anois, de bhrí go ndearna sibh na peacaí seo uile an Tiarna a labhraíonn agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht nuair a labhair mé go moch agus go mall, agus nár fhreagair sibh nuair a ghlaoigh mé oraibh,
14
uime sin déanfaidh mé leis an Teampall seo a ghairtear i m' ainm, ina bhfuil bhur muinín, agus leis an áit a thug mé daoibh agus do bhur n-aithreacha, mar do rinne mé le Sileo.
15
Teilgfidh mé as mo radharc sibh, mar a theilg mé bhur ndeartháireacha uile, síol Eafráim ar fad.
16
«Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; ná cuir impí ormsa, mar ní éisteoidh mé leat.
17
Nach bhfeiceann tú céard tá á dhéanamh acu i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim?
18
Cruinníonn na leanaí brosna, deargann na haithreacha an tine, suaitheann na mná an taos le cácaí a dhéanamh do bhanríon neimhe; agus, le holc ormsa, doirteann siad amach ofrálacha dlí do dhéithe eile.
19
An ormsa dáiríre a dhéanann siad a n-olc an Tiarna a labhraíonn nach orthu féin go deimhin a dhéanann siad sin, á mearú féin?
20
Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.»
21
Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: «Cuirigí bhur n-ofrálacha loiscthe i gcionn bhur n-íobairtí agus ithigí an fheoil ar fad.
22
Óir níor labhair mise ná níor thug mise aon ordú dóibh i dtaobh ofrálacha ná íobairtí an t-am ar thug mé bhur n-aithreacha as talamh na hÉigipte.
23
Is mar seo a d' ordaigh mé dóibh: Éistigí le mo ghlór, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse, agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa. Siúlaigí ar feadh na slí a ordaím daoibh, agus beidh an rath oraibh.
24
Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird orm; ach lean siad i gcomhairlí a ndrochchroí féin, dhiúltaigh aghaidh a thabhairt orm ach thug liom a gcúl.
25
Ón lá a tháinig bhur n-aithreacha amach as críoch na hÉigipte go dtí inniu chuir mé chugaibh gan scor, lá i ndiaidh lae, mo sheirbhísigh uile, na fáithe.
26
Ina dhiaidh sin níor éist siad liom, ná níor thug siad aon aird orm, ach chruaigh siad a muineál. Rinne siad níos measa ná a n-aithreacha.
27
Ar an ábhar sin déarfaidh tú na briathra seo uile leo, ach ní éistfidh siad sin leat; gairfidh tú orthu, ach ní fhreagróidh siad thú.
28
Mar sin déarfaidh tú é seo leo: 'Seo é an cine nach n-umhlaíonn do ghuth an Tiarna, a nDia, agus nach ngabhann smacht. D' éag an fhírinne, gearradh amach í óna mbéal.
29
Gearr díot do thrilse, caith uait iad. Tóg suas caoineadh ar na harda loma. Óir tharcaisnigh an Tiarna, thréig sé, ál a fhuathaíonn sé.'
30
«Sea, rinne clann mhac Iúdá an rud nach dtaitníonn liom an Tiarna a labhraíonn chuireadar a ngráiniúlachtaí sa Teampall a ghairtear i m' ainmse, á thruailliú.
31
Thóg siad áit ard Thoifit i nGleann Bein Hionnom, do loscadh a gclann mhac agus a n-iníonacha sa tine; rud nár ordaigh mise riamh ná níor tháinig i mo chroí.
32
Mar sin tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn nach dtabharfar Toifit air níos mó ná Gleann Bein Hionnom, ach Gleann an Áir. Déanfar a n-adhlacah i dToifit, cheal spáis;
33
beidh corpáin na ndaoine seo ina mbia ag éanlaith an aeir agus ag beithígh na talún, agus ní bheidh fear a ruaigthe ann.
34
Coscfaidh mé guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, óir déanfar fásach den dúiche ar fad.»
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52