bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 46
Jeremiah 46
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 45
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 47 →
1
Briathra an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh in aghaidh na náisiún.
2
Ar an Éigipt: In éadan slua Fhorainn Neaco, rí na hÉigipte, a bhí láimh le habhainn Eofrataes i gCairceimis nuair a bhris Nabúcadnazar rí na Bablóine orthu sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá.
3
«Gléasaigí an chruinnsciath, agus an sciath! Tugaigí aghaidh ar an gcath!
4
Úmaigí na heacha; sa diallait, a mharcslua! In bhur ranganna! Bhur gclogaid oraibh! Déanaigí líofa na gatha; cuirigí oraibh bhur lúireacha!
5
Céard a fheicim? Tá siad scanraithe agus ag filleadh ar a gcúl! Na daoine is fearr orthu buailte siar, iad ag teitheadh i ndiaidh a gcinn, gan dearcadh siar, eagla ó gach taobh! an Tiarna a labhraíonn.
6
Níl slánú don té is luaithe; ní ligfear an té is cróga as; ansin sa tuaisceart, lámh le habhainn Eofrataes, faigheann siad tuisle agus titeann siad.
7
Cé a d' éirigh suas ar nós na Níle, a bhfuil a uisce ag corraí mar thuile?
8
Airiú, nach í an Éigipt a d' éirigh ar nós na Níle agus a huiscí ar fiuchadh mar thuile. ' Éireoidh mé,' ar sí, ' agus báfaidh mé an talamh; scuabfaidh mé chun siúil idir bhailte agus áitritheoirí!
9
Ar aghaidh, a eachra! buailigí a charbada! ionsaígí, a fheara; a mhuintir na hAetóipe agus Phút, a ghlacann an sciath, a mhuintir Lúd, a chromann an bogha!'
10
Seo é anois lá an Tiarna, Dia na Slua, an lá a agróidh sé a dhíoltas slogfaidh a chlaíomh iad agus sásófar é, cuirfear ar meisce é lena bhfuil. Sea, tá íobairt ag an Tiarna, Dia na Slua, sa tír thuaidh, láimh le habhainn Eofrataes.
11
Éirigh suas go Gileád ar lorg íoca, a mhaighdean, a iníon na hÉigipte! Is go díomhaoin a ghlacann tú mórán oideas; níl leigheas i ndán duit.
12
Chuala na náisiúin faoi do náire, líonann an caoineadh duit an talamh; óir thuisligh an gaiscíoch in aghaidh an ghaiscígh, agus thit siad araon in éineacht.»
13
An briathar a labhair an Tiarna le Irimia fáidh nuair a chuir Nabúcadnazar chun bóthair go n-ionsóidh sé tír na hÉigipte.
14
«Foilsígí é san Éigipt! Fógraígí i Migdeol! Fógraígí é i Nof agus i dTachpanaes! Abraigí: 'Ag bhur bpoist! Bígí ullamh!' óir slogann an claíomh máguaird oraibh.
15
Céard seo! Ar theith [Aipis]? Nár sheas do cheann láidir go daingean?
16
Sea, shín an Tiarna ar shlait a dhroma é! Thit sé as a sheasamh, agus anois tá sé ar lár! Ansin ar siad lena chéile: ' Suas linn! Déanaimis ar ár ndaoine féin, go tír ar nduchais, i bhfad ó chlaíomh na díbheirge!'
17
Tabhair an t-ainm seo ar Fhorann: Mórán Fothraim Ach Dall ar an Uain!
18
Mar a mhairimse a deir an rí darb ainm Tiarna na Slua Go deimhin mar atá Tábór i measc na sléibhte agus Cairmeil os cionn na farraige, is mar sin a thiocfaidh sé.
19
Déan burla duit féin chun dul ar deoraíocht, a iníon na hÉigipte, a chónaíonn go sábháilte sa bhaile! Beidh Nof ina fhásach, go huaigneach gan áitritheoir.
20
Ba bhodóg bhreá an Éigipt, ach ghreamaigh inti creabhar ón tuaisceart.
21
Na hamhais a bhí aici ar tuarastal, a bhí slíoctha ar nós laonna biata, thug siad do na bonna é; ní sheasann siad ach teitheann in éineacht; óir tagann orthu lá a n-ainnise, aimsir a gcuartaithe.
22
Éist: fuaim mar a bheadh siosarnach nathair nimhe! Sea, tagann siad, líon a slua, ag tabhairt fúithi le tuanna, ar nós buanaithe connaidh,
23
leagfaidh siad a foraois is é an Tiarna a labhraíonn. Sea, tá [siad] thar áireamh, níos líonmhaire ná na lócaistí do-áirithe.
24
Tá iníon na hÉigipte á náiriú, á tabhairt i láimh mhuintir an tuaiscirt.»
25
Tá sé ráite ag Tiarna na Slua, Dia Iosrael: «Smachtóidh mé anois Amón as Nó (agus Forann) agus an Éigipt agus a déithe agus a ríthe in éineacht le Forann agus iad siúd a chuir a ndóchas ann.
26
Tabharfaidh mé é i láimh na ndaoine a iarrann a bhás, i láimh Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus a sheirbhíseach. Ach amach anseo, áitreofar an Éigipt arís mar a bhí anallód is é an Tiarna a labhraíonn.
27
Ach ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób ar ais arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil, ní chuirfidh aon duine eagla air.
28
Ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, an Tiarna a labhraíonn óir táimse leat. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú. Ní chuirfidh mé deireadh leatsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.»
← Chapter 45
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 47 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52