bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Jeremiah 6
Jeremiah 6
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 7 →
1
Teithigí le bhur n-anam a chlann Bhiniáimin as lár Iarúsailéim Séidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim! Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart, díobháil mhór.
2
An gcuirfimid iníon Shíón i gcomparáid le féarach cumhra?
3
Tagann aoirí lena dtréada ina coinne. Shuíodar a mbothanna timpeall uirthi. Tá gach fear acu ag iníor ina rogha ceapach.
4
«Gléasaigí cath uirthi! Faoi airm! Déanaimis ionsaí uirthi i lár an lae ghil.» «rí mhairg dúinne! Tá an lá ag imeacht tharainn, tá néalta nóna ag síneadh.»
5
«Faoi airm! Déanfaimid ionsaí faoi oíche agus scriosfaimid a páláis.»
6
Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua: «Gearraigí síos na crainn, tógaigí móta in aghaidh Iarúsailéim; is í Cathair na mBréag í, gan inti ina lár ach leatrom.
7
Amhail mar a choinníonn tobar a uisce úr, coinníonn sise a mailís úr. Foréigean agus milleadh a bhíonn le clos inti; i mo fhianaise i gcónaí bíonn galair agus cneácha.
8
Gabhsa rabhadh, a Iarúsailéim, ar eagla go n-iompóinn uait, agus fásach a dhéanamh díot, tír gan áitritheoirí.
9
Is mar seo a deir Tiarna na Slua: «Deasc fuíoll Iosrael, deasc é mar a dhéanfá le fíniúin; mar a dhéanfadh an fómharaí fíonchaor, cuir do lámh arís sna craobhacha.»
10
Cé leis a labhróidh mise, cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad? Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta, ní fhéadann siad éisteacht. Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna, níl dúil acu ann.
11
Tá mé lán d' fhearg an Tiarna táim tuirseach de bheith á coinneáil istigh. «Doirt amach mar sin é ar na leanaí sa tsráid, agus ar oireachtas na n-ógfhear in éineacht. Tógfar uile iad: an fear agus an bhean, an seanóir liath agus an té atá lán de laethanta.
12
Fágfar faoi dhaoine eile a dtithe, a bhfearann agus a mná in éineacht. Sínfidh mise amach mo lámh ar dhúchasaigh na tíre seo an Tiarna a labhraíonn.
13
Santaíonn gach aon díobh an brabach mí-ionraic, ón té is lú go dtí an té is mó; an sagart agus an fáidh araon, déanann siad uile bearta bréagacha.
14
Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail, á rá: 'Síocháin! Síocháin!', ach níl aon síocháin ann.
15
Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n-imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu a deir an Tiarna.»
16
Is mar seo a deir an Tiarna: «Seasaigí i mbealaí an tseansaoil cuirigí tuairisc na seanchasán cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin agus gheobhaidh sibh suaimhneas. Ach dúirt siadsan: 'Ní shiúlfaimid inti.'
17
Chuir mé fir faire ar mhaithe leo: éistigí le glor an stoic! Ach dúirt siadsan: 'Ní éisteoimid.'
18
Cluinigí mar sin, a chiníocha, bíodh a fhios agaibh, a oireachtais, céard tá i ndán dóibh.
19
Éist, a thalaimh, táim ag breith tubaiste ar an bpobal seo: de bhrí nár éist siad le mo bhriathra, agus, maidir le mo reacht, dhiúltaigh siad dó.
20
Nach cuma liomsa túis anall ó Sheabá, nó giolcóg chumhra ón imigéin? Ní taitneamhach bhur n-ofrálacha loiscthe, ní milis liom bhur n-íobairtí.
21
Dá bhrí sin mar seo a deir an Tiarna: ' Cuirfidh mé cip thuislithe roimh an bpobal seo le go dtitfidh siad orthu; an t-athair agus an mac in éineacht, an chomharsa agus an cara, caillfear iad uile.'»
22
Is mar seo a deir an Tiarna: «Anois tá cine ag teacht ón tír thuaidh, ó chríocha imigéiniúla na talún gluaiseann náisiún mór;
23
tá bogha agus gath i ngreim acu, tá siad cruálach, míthrócaireach; is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige; tá siad ag marcaíocht ar eachra, tá gach fear acu in eagar catha i d' aghaidhse, a iníon Shíón.
24
Chualamar an scéala; titeann ár lámha go faonlag, rug doigh greim orainn, pian mar a bheadh ag bean le híona.
25
Ná himígí amach faoin tuath, ná siúlaigí ar na bóithre, óir tá claíomh an namhad ann, agus scanradh ar gach aon taobh.
26
Crioslaigh thú féin i sacéadach, ó a iníon mo dhaoine, únfairtigh thú féin i luaithreach, déan olagón mar a dhéanfá ar son aonmhic, caoineadh róghéar. Óir tá an scriosadóir ag teacht go tobann orainn.
27
Cheap mé thú i do mheisiúnóir ar mo phobal, le go mbeadh a fhios agat agus go meisiúnófá a n-iompar.
28
Is tréigtheoirí ceanndána iad uile, ag siúl rompu le lucht tromaíochta.
29
Séideann na boilg go fíochmhar go ndéana an tine an luaidhe a dhó. Is díomhaoin don fhear leáite a shaothar, ní ghlantar an conamar as.
30
Airgead diúltaithe a thugtar orthu, agus go deimhin dhiúltaigh an Tiarna dóibh!»
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52