bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 10
Job 10
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 11 →
1
Is beag orm mo bheo. Scaoilfidh mé a shrianta le mo ghearán, Labhróidh mé ó shearbhas m' anama.
2
Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé! Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i m' aghaidh.
3
An gean leat bheith do mo chiapadh, Bheith ag maslú saothar do lámh, Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach?
4
An bhfuil súile daonna i do cheann? An bhfuil radharc agat mar atá ag an duine?
5
An bhfuil do ré mar ré an duine dhaonna? Agus do bhlianta mar bhlianta an duine?
6
A rá is go bhfuil tú sa tóir ar mo pheaca, Agus ar lorg mo choire,
7
Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach, Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh.
8
Do lámha a chum agus a cheap mé, Agus an gcasfaidh tú agus mé a scrios dá éis sin?
9
Cuimhnigh go ndearna tú mé den chré Agus an ndéanfaidh tú cré arís díom?
10
Nár dhoirt tú amach mé mar bhainne Agus nár théachtaigh tú mé mar dhéanfá cáis?
11
Chuir tú brat craicinn agus feola tharam, Agus dhlúthaigh tú mé le cnámha agus le féithleoga;
12
Bhronn tú beatha agus buanghrá orm Agus caomhnaigh tú m' anam le barr cúraim.
13
Chuir tú an méid sin i bhfolach i do chroí, Is eol dom gurbh é seo a bhí beartaithe agat:
14
Dá ndéanfainn peaca, súil a choinneáil orm Agus gan mo choir a mhaitheamh dom.
15
Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé! Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann, Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta.
16
Má dhéanaim mé féin a mhóradh, téann tú sa tóir orm mar leon, Agus déanann tú iontais nua i m' aghaidh. ABN: 17c, 16, 17a, 17b
17
17a Tugann tú finnéithe nua i mo choinne 17b Agus méadaíonn tú do mhíshásamh liom. 17c Saothar dian mar thuarastal arís is dán dom.
18
Cén fáth gur thug tú ón mbroinn mé? Uch nár éag mé, gan súil a leagan orm,
19
Agus bheith amhail is nach raibh mé ann riamh, Do mo bhreith ó bhroinn go huaigh.
20
Nach suarach iad laethanta mo bheatha? Lig dom le go mbeadh greas aoibhnis agam,
21
Sula n-imím, imeacht gan teacht, Go tír an dorchadais agus scáil an bháis,
22
Go tír a bhfuil a ghruaim mar dhorchadas tiubh, Scáil an bháis gan eagar, Arb dorchadas tiubh a ghile Agus nach bhfeiceann solas na beatha.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42