bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 42
Job 42
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 41
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
1
D' fhreagair Iób an Tiarna agus dúirt:
2
Tá a fhios agam gur féidir leat gach ní a dhéanamh, Agus nach bhfuil smaoineamh ar bith caillte ort.
3
«Cé hé seo a cheileann comhairle Le briathar gan eolas?» Uime sin a dúirt mé nithe nár thuig mé, Nithe ró-iontacha narbh eol dom iad.
4
Éist, le do thoil, agus labhróidh mé; «Cuirfidh mise ceist, agus tabhairse dom an t-eolas.»
5
Ní raibh agam ort ach clos tráchta, Ach anois chonaic mo shúile cinn thú.
6
Ar an ábhar sin, séanfaidh mé mo bhriathra féin, Agus déanfaidh mé aithrí sa deannach agus sa luaithreach.
7
Nuair a bhí an méid sin ráite ag an Tiarna le Iób, dúirt an Tiarna le hEilífeaz ó Théamán: «Tá fraoch feirge orm i d' aghaidhse agus in aghaidh do bheirt chairde, mar nár inis sibh an fhírinne fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.
8
Faighigí, dá bhrí sin, seacht dtarbh agus seacht reithe agus téigí go dtí mo shearbhónta Iób, agus ofrálaigí íobairt uileloiscthe ar bhur son féin; agus déanfaidh mo shearbhónta Iób guí ar bhur son. Éistfidh mé lena impí gan bhur mbaois a agairt oraibh nár inis sibh an ceart fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.»
9
D' imigh Eilífeaz óThéamán, Bildead ó Shiúach, agus Zófár ó Namát, leo d' fhonn déanamh mar a d' ordaigh an Tiarna, agus ghlac an Tiarna le guí Iób.
10
Thug an Tiarna a mhaoin go léir ar ais do Iób, mar gur ghuigh sé ar son a chairde: agus thairis sin, thug an Tiarna dhá oiread a raibh aige cheana do Iób.
11
A dheartháireacha go léir agus a dheirfiúracha go léir, agus gach duine a raibh aithne acu air roimhe sin tháinig siad go léir á fhiosrú, agus shuigh siad chun boird leis ina theach. Bhí siad go báúil cneasta leis, ag tabhairt sóláis dó de bharr an oilc go léir a thug an Tiarna sa mhullach air. Thug gach duine díobh bonn airgid agus fáinne óir dó.
12
Bheannaigh an Tiarna Iób i ndeireadh a shaoil thar mar a rinne i dtosach, ionas go raibh ceithre mhíle déag caora agus sé mhíle camall agus míle cuingir damh, agus míle asal baineann aige.
13
Agus bhí seachtar mac agus triúr iníon aige.
14
Thug sé Imíomá ar an gcéad iníon, Cizíá ar an dara hiníon, agus Ceirin Hapúc ar an tríú hiníon.
15
Agus ní raibh le fáil sa tír uile mná chomh sciamhach le hiníonacha Iób. Agus thug a n-athair oidhreacht dóibh i measc a ndeartháireacha.
16
16a Agus mhair Iób ina dhiaidh sin nó go raibh sé céad agus daichead bliain, go bhfaca a chlann féin agus clann a chlainne go dtí an ceathrú glúin.
17
16b Agus mar sin d' éag Iób sa deireadh agus é ina sheanóir agus anonn sna blianta lána.
← Chapter 41
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42