bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 8
Job 8
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 9 →
1
D' fhreagair Bildead ó Shiúach ansin agus dúirt:
2
An rachaidh aon stad ar an gcaint sin agat? Agus ar an ngaoth mhór sin ó do chlab?
3
An gclaonann Dia an ceart? An bhfiarann an tUilechumhachtach an chóir?
4
Má pheacaigh do chlann ina aghaidh Thug sé suas faoi smacht a gcoirpeachta iad.
5
Má théann tú faoi choimirce Dé, Agus achainí a dhéanamh chuig an Uilechumhachtach,
6
Má bhíonn tú íon ionraic, Ansin músclóidh sé ar do shon, Agus deiseoidh sé áitreabh d' fhíréantachta.
7
Is íseal a thaibhseoidh do staid ó chiana duit, Agus is mór a bheidh do chonách níos déanaí.
8
Cuir ceist ar an nglúin a d' imigh romhat, Agus tabhair aird ar sheanchas a sinsear
9
Fás aon lae sinne, gan aon eolas; Níl inár ré ar talamh ach scáil
10
Nach ndéanfaidh siadsan thú a theagasc agus labhairt leat, Agus briathra mar seo á rá ó chroí:
11
An bhfásann an phaipir gan bhogach? An mbláthaíonn geitirí gan uisce?
12
Staith iad agus iad fós i mbarr a nglaise, Mar is túisce a fheonn siad ná aon lusra.
13
A dhála sin ag cinniúint lucht dearmaid Dé, Agus mar sin a théann dóchas an choirpigh ar ceal
14
Níl ina mhuinín ach tráithnín, Agus ina mhisneach ach líon damhán alla.
15
Cuireadh sé gualainn lena theach agus ní sheasóidh sé. Leagadh sé lámh air, ach ní mhairfidh sé. ABN:15, 18, 16, 17, 19
16
Bláthaíonn sé mar phlanda faoin ngréin, Agus sceitheann a phéacaí ar fud a luibhghoirt.
17
Ach tá a fhréamha in achrann i gcarnán cloch, Agus tá [cónaí air] i measc na gcarraigeacha.
18
Fuadaigh as a leaba é, Agus séanfaidh sin go bhfaca sí riamh é.
19
Tiormaíonn [an ghrian] é, féach, Agus fásfaidh a thuilleadh ón talamh.
20
Ar ndóigh ní dhiúltaíonn Dia don fhíréan, Ná ní thugann lámh chúnta do choirpigh.
21
Beidh cár gáire ort athuair Agus beidh lúcháir ar do bheola.
22
Beidh náire mar bhrat ar lucht d' fhuatha Agus rachaidh both na gcoirpeach ar ceal.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42