bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 5
Job 5
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 6 →
1
Cuir do ghlao suas anois; an bhfuil aon duine le freagra a thabhairt ort? Cé acu do na [haingil] chuig a gcasfaidh tú?
2
Maraíonn an faltanas an t-amadán Agus básaíonn an formad an duine baoth.
3
Nuair a chonaic mé duine ceanndána, Chuir mé mo mhallacht ar a áitreabh gan mhoill:
4
«Is fada a bheidh an conách óna chlann; brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála.
5
Beidh cíocras air chun a fhómhair, Ach scuabfaidh Dia ar shiúl é le haicíd. Beidh siad ag tnúthán lena maoin, agus íota orthu.»
6
Óir ní eascrann urchóid ón ithir, Ná ní phéacann anró as an talamh,
7
Ach sé an duine a ghineann anró dó féin, Mar a eitlíonn na badhbha in airde.
8
Uime sin is chun Dé a ghairmfinn Agus is dó a nochtfainn mo chúis;
9
(Déanann seisean éachtaí gan áireamh, Iontais nach féidir a ríomh.)
10
Dáileann sé fearthainn ar an talamh Agus seolann uiscí ar na bánta.
11
Ardaíonn sé na daoine ísle Agus tógann lucht an bhróin go buaic an áthais.
12
Cuireann sé bearta na gcealgairí amú, I dtreo nach ritheann le hiarrachtaí a lámh.
13
Ceapann sé an mhuintir ghlic i ngaiste a ngliocais, Agus teipeann go grod ar scéimeanna na gcladhairí.
14
Bíonn dorchadas rompu sa lá Agus bíonn siad ag amharcaíl oíche um mheán lae.
15
Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos, Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh.
16
Fágann sin dóchas ag an dearóil, Agus a chlab dúnta ag an éagóir.
17
Is méanar go deimhin don té a cheartaíonn Dia; Ná diúltaigh dá bhrí sin do smachtú an Uilechumhachtaigh,
18
Óir goineann sé, ach cuireann ceirín leis an gcréacht; Buaileann sé buille, ach tugann a lámh cneasú.
19
Déanfaidh sé thú a fhuascailt faoi a sé ó thrioblóid, Agus faoi a seacht, ní bhainfidh urchóid leat.
20
Fuasclóidh sé ón mbás thú in am an ghorta, Agus ón gclaíomh in am an chogaidh.
21
Beidh tú i bhfolach ó sciúirse na teanga, Agus ní chuirfidh an [ropaire] scéin ort nuair a thiocfaidh sé.
22
Déanfaidh tú gáire [faoin tiormach agus faoin sioc], Agus ní bheidh eagla ort roimh ainmhithe allta.
23
Beidh conradh agat le clocha an ghoirt, Agus beidh síocháin agat le hainmhithe an bháin.
24
Beidh a fhios agat go bhfuil do bhoth slán, Agus fiosróidh tú do chró agus ní bheidh aon ní ar iarraidh.
25
Feicfidh tú do shíol ag síolrú, Agus do shliocht mar fhéar an bháin.
26
Rachaidh tú isteach i d' uaigh i bhfómhar aibí do bhlianta, Mar a bhíonn ag an bpunann arbhair sa chruach i dtráth.
27
Féach, rinneamar é seo a iniúchadh; mar sin atá; Éist leis; tabhair aird go maith air.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42