bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 4
Job 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 5 →
1
Ansin d' fhreagair Eilífeaz ó Théamán agus dúirt:
2
Má leomhann duine focal á rá leat, an gcuirfidh tú suas leis? Ach cé a d' fhéadfadh fanacht ina thost?
3
Féach! nach iomaí duine a cheartaigh tú! Do lámha laga thug tú neart.
4
Ba thaca iad do bhriathra don té a fuair tuisle; Neartaigh tú na glúine laga.
5
Anois is é do thuras féin é, agus theip ar d' fhoighne. Buaileann sé thú féin agus titeann an lug ar an lag agat.
6
Nach bhfuil muinín agat as d' fhíréantacht Agus dóchas agat as do bheatha ionraic?
7
Cuimhnigh anois, cén duine ionraic riamh a scriosadh? Cár milleadh lucht na córa?
8
Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóid Agus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar.
9
Scriosann anáil Dé iad, Agus milleann racht dá fhearg iad.
10
[Múchtar] búir an leoin agus scréach an bhanleoin; Bristear fiacla na gcoileán leoin.
11
Cailltear an seanleon d' uireasa creiche, Agus téann scaipeadh ar choileáin an bhanleoin.
12
Fuair mé focal, más ea, faoi choim, Agus fuair mo chluas gaoth an fhocail sin.
13
I measc smaointe a rith chugam in aislingí oíche, Nuair a bhíonn daoine i dtoirchim suain,
14
Tháinig scéin orm agus critheagla, Agus bhí mo chnámha go léir ar ballchrith.
15
Shleamhnaigh leoithne thar m' aghaidh Agus d' éirigh mo ghuairí ina gcolgsheasamh.
16
Bhí neach ina sheasamh ansiúd, nár aithin mé a chló; Bhí scáil os comhair mo shúl. Bhí ciúnas, agus ansin chuala glór caoin:
17
«An féidir do dhuine daonna a bheith cóir i láthair Dé? An féidir do dhuine a bheith glan i láthair a chruthaitheora?
18
Ní chuireann [Dia] a mhuinín ina searbhóntaí féin; Agus faigheann sé locht ar a aingil féin.
19
Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré, Arb é an luaithreach a mbunús, A bhruítear mar an leamhan!
20
Scriostar iad idir maidin agus nóin; Milltear go brách iad, gan neach á dtarrtháil.
21
Staitear [pionna] a mbotha Agus faigheann siad bás d' uireasa eagna.»
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42