bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 31
Job 31
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 32 →
1
Rinne mé margadh le mo shúile, Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean.
2
Cén roinn a dheonaíonn Dia ó neamh? Cén oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ó na flaithis?
3
Nach tubaiste ar an gcoirpeach? Agus mí-adh ar lucht na hurchóide?
4
Nach bhfeiceann sé mo bhealaí Agus nach n-áiríonn sé mo choiscéimeanna?
5
An raibh mé cois ar chois leis an mbreag? Nó ar sodar i ndiaidh na calaoise?
6
Déanadh sé mé a mheá sa mheá ionraic, Agus bíodh m' fhíréantacht ar eolas ag Dia!
7
Má chuaigh mo chos i leataobh ón mbealach, Nó má lean mo dhúil mo shúil, Nó má thóg mé aon ní i mo ghlac,
8
Go gcuireadsa an síol ach go mbaine duine eile an fómhar; Go ndéantar mo shliocht a stoitheadh ar shiúl!
9
Má mealladh mé riamh ag bean, Nó má fhan mé ag faire ag doras mo chomharsan,
10
Go meile mo bhean a phlúr do dhuine eile, Agus go gcodlaí sí faoi bhraillín nach liomsa.
11
Ba pheaca drúise é sin, Coir le [díolt ag an dlí],
12
Coir a d' adhnfadh tine a loscfadh go hAbadón. Agus a dhófadh m' fhómhar go léir.
13
Dá ndiúltóinn do cheart mo dhaoráin Nó mo dhaoirsí, nuair a bhíodar ag aighneas liom,
14
Cad a dhéanfainn nuair a d' éireodh Dia? Cad déarfainn nuair a dhéanfadh sé fiosrú?
15
An té a rinne mise sa bhroinn, nach ndearna sé iadsan freisin? Nach é an [Dia] céanna a rinne sinn go léir i mbolg ár máthar?
16
Ar dhiúltaigh mé don bhocht aon ní a bhí de dhíth air? Ar chuir mé gruaim ar shúile na baintrí?
17
Ar chaith mé mo chuid bia liom féin, Gan cuid a thabhairt don dílleachta?
18
Óir bhí [Dia] mar athair agam do m' oiliúint ó m' óige, Agus threoraigh sé mé ó bhroinn mo mháthar.
19
An bhfaca mé riamh ainniseoir gan éadach, Nó fear bocht gan bhrat,
20
Agus gan é do mo bheannú ó chroí, Agus lomra mo chaorach á théamh?
21
Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh], Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata?
22
Má rinne mé amhlaidh, go dtite mo ghualainn ó mo shlinneán, Agus go stractar mo ghéag as alt!
23
Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm, Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta.
24
Ar chuir mé mo mhuinín san ór? Nó ar dhúirt mé leis an ór fíre: «Is tú mo thaca.»
25
Ar mhaígh mé as flúirse mo mhaoine? Nó as an raidhse a ghnóthaigh mé i mo ghlac?
26
Nuair a chonaic mé an ghrian ina glóir, Nó niamh na gealaí ina cúrsa,
27
Ar mealladh mo chroí os íseal Is gur chaith mé póg ó mo láimh leo?
28
Ba choir é sin leis a bheadh le díolt ag an dlí Mé a shéanadh Dé in airde.
29
Ar bhain mé taitneamh as mí-ádh mo namhad, An ndearna mé lúcháir nuair a bhuail an tubaiste é?
30
Cé nár lig mé do mo theanga aon olc a dhéanamh, Á mhallachtú nó ag guí dianbhás do.
31
Nár dhúirt lucht mo bhotha: «An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?»
32
Níor ghá do dheoraí riamh codladh sa tsráid; Bhí mo dhoras riamh ar leathadh don [taistealaí]. ABN: 32, 38, 39, 40a, 40b, 33, 34, 35, 36, 37, 40c
33
Ar cheil mé riamh mo chionta [ó dhaoine]? Agus ar chuir mé m' urchóid i bhfolach i mo chliabh?
34
An raibh eagla orm riamh roimh chúlghearradh an phobail Nó scéin roimh fhonóid ón aon teaghlach?
35
Uch gan [Dia] le héisteacht liom! Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé.
36
Nuair a bheidh a scrolla scríofa ag mo chúisitheoir i mo choinne, Caithfidh mé ar mo ghualainn é, Nó cuirfidh mé ar mo cheann é mar choróin;
37
Tabharfaidh mé cúntas ar gach beart de mo shaol, Agus rachaidh mé go fearúil, mar thaoiseach, ina araicis.
38
Má ghlaoigh mo chuid talún i m' aghaidh, Agus go raibh gach clais ar snámh le deora,
39
Má ith mé a thoradh gan díol as, Nó má thug mé cúis ghearáin do lucht a shaothraithe,
40
40a Go bhfása sceacha mar a mbíodh an chruithneacht, 40b Agus fiailí nimhneacha mar a mbíodh an eorna. 40c (Sin críoch ar bhriathra Iób.)
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 32 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42