bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 6
Job 6
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 7 →
1
Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt:
2
Uch gan mo dhoilíos á mheá, Agus gan m' anró go léir a chur sa mheá le chéile.
3
Ba throime é ná gaineamh na trá Sin é a chuir mo bhriathra le buile.
4
Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m' aghaidh.
5
An ligeann an t-asal fiáin glao as nuair a fhaigheann sé féar? Nó an damh búir os cionn a choda?
6
An n-itear bia leamh gan salann? Nó an bhfuil blas ar ghealacán uibh?
7
Diúltaíonn m' anam a shuaimhneas a cheapadh; tá breoiteacht mo choirp á shuaitheadh.
8
Uch nach gcomhlíontar m' achainí! Agus nach ndeonaíonn Dia mo dhóchas dom!
9
Go mba thoil le Dia mé a bhascadh, Agus go scaoilfeadh sé lena láimh agus mé a scriosadh.
10
Bheadh sé fós mar shólás agam Agus bheinn daingean i bpian gan taise Nár shéan mé briathra an té is Naofa.
11
Ach cén neart atá ionam le feitheamh? Cad tá i ndán dom le go mbeinn foighneach?
12
An é neart na gcloch mo neart? An cré-umha í m' fheoil?
13
Níl cabhair fágtha ionam, Agus d' imigh gach tuiscint uaim dá réir sin.
14
Nuair a thréigeann a chara an té atá in éadóchas, tugann sé droim láimhe le heagla an Uilechumhachtaigh.
15
Is fealltach iad mo chairde mar an tuile, Mar leaba na dtuilte a ghabh thart;
16
Bíonn siadsan ag borradh leis an leac oighir, Nuair a théann an sneachta i bhfolach iontu.
17
Nuair a thagann an teas, téann siad in éag; Sa bhrothall téann siad ar ceal.
18
Téann na carbháin as a mbealach á lorg, Imíonn siad faoin bhfásach, agus cailltear iad.
19
Bíonn carbháin Théamá ag súil leo, Agus is astu a bhíonn a muinín ag buíonta Sheaba.
20
Cuirtear díomá orthu cé go raibh misneach acu; Tagann siad ansiúd, ach loictear orthu.
21
A rá is go bhfuil sibh anois gan mhisneach, Go bhfeiceann sibh uafás agus go bhfuil scéin oraibh.
22
An ndúirt mé libh: «Tugaigí dom!» Nó: «Tugaigí breab ar mo shon as bhur maoin!»
23
Nó: «Fuasclaigí mé ó láimh an namhad.» Nó: «Saoraigí mé ó ghreim na dtíoránach!»?
24
Tugaigí teagasc dom, agus beidh mé i mo thost; Taispeánaigí dom cá ndeachaigh mé amú.
25
Nach bríomhar iad briathra ionraice! Ach cén tairbhe ceartú uaibhse?
26
An fiú libh focail a cháineadh, Focail éadóchais a imíonn le gaoth?
27
Is gearr go mbeidh an dílleachta á chur ar cranna agaibh, Agus bhur gcara á dhíol agaibh ina shladmhargadh.
28
Ach féachaigí orm, anois, le bhur dtoil. Ar ndóigh ní inseoidh mé bréag le bhur mbéal!
29
Filligí orm anois agus ná déantar éagóir! Sea, filligí, tá mo chúis fós gan breith.
30
An bhfuil éitheach i mo bhéal? Nach n-aithneodh mo charball blas an mhí-áidh?
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42