bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 11
Job 11
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 12 →
1
Ansin d' fhreagair Zófar ó Namát agus dúirt:
2
Nach bhfuil freagra le tabhairt ar chlabaireacht? An bhfuil caint phras le bheith mar urra ag duine ar an gceart?
3
An ndéanfaidh na briathra a spalpann tú daoine a chur ina dtost? An ndéanfaidh tú fonóid, gan duine do do bhréagnú?
4
Agus an ndéarfaidh tú: «Is íon é mo theagasc, Agus an bhfuilim glan i do radharc?»
5
Uch nach labhródh Dia Agus a bhéal a oscailt chugat,
6
Agus rúin na heagna a nochtadh duit! Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat.
7
An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?
8
Is airde é ná na spéartha! Cad tá ar do chumas? Is doimhne é ná Seól! Cad tá ar eolas agat?
9
Is faide é a thomhas ná an domhan, Is fairsinge é ná an fharraige.
10
Má ghabhann sé thar bráid, agus braighdeanas a chur i bhfeidhm, Nó cúisiú go poiblí, cé a chuirfidh cosc leis?
11
Is eol dó a pheacúla atá an duine; Tá an urchóid os comhair a shúl, agus tugann sé aird uirthi.
12
Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana; Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol.
13
Má chuireann tú do chroí in ord, Agus do lámha a leathadh chun Dé
14
Má bhíonn an t-olc idir lámha agat, cuir i bhfad uait é, Agus ná lonnaíodh an éagóir i do bhoth
15
Ansin ardóidh tú do cheann agus gan máchail air, Agus beidh tú daingean, gan eagla ort.
16
Déanfaidh tú dearmad de d' ainnise, Gan de chuimhne agat air ach mar an tuile a ghabh thart.
17
Beidh do shaol níos gile na meán lae, Agus déanfar láchan dá dhorchadas.
18
Beidh misneach agat, mar tá dóchas agat; Féachfaidh tú i do thimpeall, agus luífidh tú síos go slán sábháilte.
19
Luífidh tú síos, gan eagla aon duine ort, Ach a lán ar thóir do ghnaoi.
20
Ach féachfaidh lucht an oilc ina dtimpeall le súile marbhánta; Ní bheidh bealach éalaithe fágtha acu, Agus gan de dhóchas acu ach an dé deiridh.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42