bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 2
Job 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 3 →
1
Agus tharla lá eile gur tháinig clann Dé i láthair an Tiarna agus tháinig an Sátan ina láthair mar an gcéanna ina measc.
2
Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: «Cá has a dtáinig tú?» D' fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: «Ó bheith ag fuaidreamh ar fud an domhain, agus ag siúl anonn is anall ann.»
3
Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: «Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é; tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t-olc. Cloíonn sé leis an bhfíréantacht i gcónaí; saothar in aisce agat ab ea mé a ghriogadh ina aghaidh lena scriosadh.»
4
Ansin d' fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: «Craiceann ar chraiceann! Tabharfaidh duine uaidh a bhfuil aige ar son a anama.
5
Ach sín do lámh anois agus bain lena chnámh agus lena fheoil, agus caithfidh sé mallacht san aghaidh ort, caithfidh sin.»
6
Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: «Féach! tá sé faoi do chumhacht; ach caomhnaigh a anam, sin uile!»
7
Agus d' imigh an Sátan amach ó láthair an Tiarna agus bhuail sé Iób le neascóid ghangaideach ó bhonn a choise go baithis a chinn.
8
Thóg seisean slige leis chun é féin a scríobadh agus suigh sé sa luaithreach.
9
Ansin dúirt a bhean leis: «An gcloíonn tú fós le d' fhíréantacht? Cuir do mhallacht ar Dhia agus faigh bás!»
10
«Labhraíonn tú dála na mban baoth,» ar sé léi; «glacaimid an mhaith ó láimh Dé; nach nglacfaimid an t-olc chomh maith?» San ainnise sin go léir níor pheacaigh Iób ó bhéal.
11
Nuair a fuair cairde Iób tuairisc ar an mí-ádh seo go léir a thit air, d' fhág gach duine díobh an baile Eilífeaz ó Théamán, Bildead ó Shiúach agus Zófar ó Namát rinneadar coinne le chéile agus bheartaíodar dul agus comhbhrón a dhéanamh leis agus sólás a thabhairt do.
12
Nuair a chonaic siad uathu é níor aithníodar é; chromadar ar chaoineadh in ard a gcinn, stróic siad a n-éidí agus chaith luaithreach ar a mbaithis (i dtreo neimhe).
13
Shuigh siad ar an talamh taobh leis ar feadh seacht lá agus seacht n-oíche, gan focal a labhairt leis mar ba dhobrónach an radharc acu é.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42