bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 16
Job 16
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 17 →
1
Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt:
2
Nach minic a chuala mé a leithéid sin go léir cheana! Nach ainnis an lucht sóláis sibh!
3
An mbeidh deireadh le bladhgar briathar? Nó cad a ghoill ort gur fhreagair tú mé?
4
D' fhéadfainnse freisin labhairt mar thusa, Dá mbeadh d' anamsa in áit m' anamasa. An ndéanfainn thú a chiapadh le focail? Nó mo cheann a chroitheadh ort?
5
Thabharfainn misneach duit le briathra mo bhéil Agus ní dhiúltóinn sólás mo bheola.
6
Dá labhróinn ní bheadh laincis ar mo dhoilíos; Dá scorfainn ní fhágfadh sé mé.
7
Anois ghoin mo chara cumainn mé Agus ciapann mo chuideachta go léir mé.
8
D' éirigh sé mar fhinné i mo choinne, Mar chúlghearrthóir, ag tabhairt fianaise i m' aghaidh.
9
Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa; Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m' aghaidh Agus tá mo naimhde ag stánadh orm.
10
Tá a mbéal ar leathadh acu i mo choinne Agus bhuail siad mé sa leiceann go fonóideach; Tá rith an rása leo i m' aghaidh.
11
Tá Dia do mo thabhairt suas don urchóideach, Agus do mo chaitheamh i lámha na gcoirpeach. ABN: 11, 17, 12-16, 18.
12
Bhí mé ar mo shuaimhneas nó gur bhris sé ó chéile mé. Rug sé ar mhuineál orm agus rinne smionagar díom. Rinne sé a sprioc díom.
13
Agus tá a urchair á gcaitheamh ar gach taobh díom. Goineann sé mé sna leasracha, gan trua gan taise; Tá mo dhomlas á dhoirteadh aige ar an talamh.
14
Briseann sé mé mant ar mhant, Agus tugann ruathar fúm mar a dhéanfadh laoch.
15
D' fhuaigh mé éadach róin ar mo chraiceann Agus sádh mo cheann sa lathach.
16
Tá mo cheannaithe craorag le neart goil, Agus tá gruaim mar ualach ar fhabhraí mo shúl.
17
Cé nach bhfuil an lámh láidir ag roinnt liom, Agus gur íon í mo phaidir.
18
Ná clúdaigh m' fhuil, a chré, Agus ná bíodh áit suaimhnis ag m' olagón.
19
Anois féin, féach, tá m' fhinné ar neamh, Agus tá mo chosantóir ansiúd thuas.
20
Sé mo ghlao chun Dé is abhcóide agam; Ritheann na deora ó mo shúile ina láthair.
21
Déanann sé cás duine a thagairt i láthair Dé Mar a dhéanfadh mac an duine ar son a chomharsan.
22
Óir tá blianta mo shaoil arna n-áireamh, Agus is gearr go ndéanfaidh mé imeacht gan teacht.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42