bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 38
Job 38
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 37
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 39 →
1
A Chéad Aitheasc: Eagna an Chruthaitheora
2
Cé hé seo atá ag dorchú mo bheartas Le focail gan stuaim gan éifeacht?
3
Cuir do chrios faoi do choim go fearúil; Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí dom!
4
Cá raibh tú nuair a leag mé síos máithreacha na cruinne? Inis dom é, os rud é go bhfuil tú chomh heolgaiseach!
5
Cé chinntigh a tomhais, mar is eol duit sin, ar ndóigh? Agus cé shín an dorú ar a fad?
6
Cad air a bhfuil ceapa a colúin ina luí? Agus cé a chuir a cloch chúinne ina leaba,
7
Nuair a bhí réaltaí uile na maidine ag canadh le lúcháir, Agus clann Dé go léir ag glao le háthas?
8
Cé a d' iaigh an mhuir isteach le comhlaí, Nuair a bhrúcht sí amach as an mbroinn?
9
Nuair a chuir mé an néal mar éide uirthi, Agus an scamall dubh mar bhindealán uimpi.
10
Chuir mé teorainn léi, Agus shocraigh mé barraí agus doirse di.
11
Agus dúirt mé: «An fad seo a thiocfaidh tú, ach gan teacht thairis seo; Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.»
12
Ar thug tú ordú don mhaidin riamh i do shaol? Ar thaispeáin tú a háit d' fháinne an lae?
13
Chun go mbéarfadh sé greim ar imill an domhain Agus go ndéanfaí na héagráifigh a chroitheadh as,
14
Agus sa chaoi go dtugtar a chruth chun léire mar a bhuailtear cló ar chré le séala, Agus go ndéantar é a dhathú mar bhrat,
15
Agus go mbaintear a solas de na héagráifigh, Agus go mbristear an ghéag a ardaíodh chun buille a bhualadh.
16
An ndeachaigh tú síos i ndoimhne na farraige? Agus ar shiúil tú i ndiamhra an aigéin?
17
Ar nochtadh duit doirse an éaga Nó an bhfaca tú geataí scáil an bháis?
18
Ar mheas tú leithead na talún? Inis, más fios duit, a fairsinge dom.
19
Cá bhfuil an tslí chun áit an tsolais? Agus dála an dorchadais, cá háit a bhfuil sé?
20
Nach tusa a thugann leat chun a fhearannais é? Nach agatsa atá fios na slí chun a thísean?
21
Is duitse is eol, ó rugadh an uair sin thú, Agus ós mór é líon do bhlianta.
22
Ar ghabh tú isteach i dtaiscí an tsneachta? Nó an bhfaca tú stórais an chloch shneachta
23
Atá a taisciú agam le haghaidh uain na hanacra, I gcomhair lá an chatha agus an chogaidh?
24
Cá bhfuil an bealach go gabhal na tintrí Mar a scaipeann sí a lasair ar fud an domhain?
25
Cé ghearr canáil don tuile Agus bealach don toirneach?
26
Le go dtitfeadh uisce ar fhearann gan áitreabh daoine, Ar an bhfásach atá gan duine ann,
27
I dtreo go sásaítear an díthreabh uaigneach, Agus go n-eascrann an féar glas ón talamh a bhí tirim.
28
An bhfuil athair ag an mbáisteach? Nó cé a ghin na cruinneaga drúchta?
29
Cén bhroinn as a dtagann an leac oighir? Nó cé ghineann sioc liath na spéire,
30
Nuair a chruann na huiscí ina gcarraig, Agus a théachtann dromchla na bóchna?
31
An féidir duit an Treighdín a ghléasadh ina fhearas, Nó a cuibhreach a bhaint de Shlat an Rí?
32
An dtig leat réalta na maidine a sheoladh ar a cúrsa ráithe ar ráithe, Nó an Camchéachta is a chuingir a threorú ar a mbealach?
33
An eol duit reachta na spéire? An féidir duit a réim a shuíomh ar talamh?
34
An dtig leat do ghuth a ardú chun na néalta, Agus iallach a chur ar na tuilte teanntaithe uisce [do thoil a dhéanamh]?
35
An dtiocfaidh na splancanna tintrí ag géilleadh do do bhriathar Agus a rá: «Anseo dúinn!»?
36
Cé a chuir an eagna sna néalta, Nó a thug tuiscint do mo scamall cumhdaigh?
37
Cé a d' fhéadfadh na néalta a áireamh le críonnacht? Cé a d' fhéadfadh seithí uisce na bhflaitheas a chur ar leathmhaing,
38
Nuair a dhlúthaíonn an smúit ina dlúmh, Agus a chruann na fóid le chéile ina mbalc?
39
An féidir duit a chreach a fhiach don leon, Nó goile na leon óg a shásamh,
40
Agus iad ina luí ina bpluais Nó i luíochán ina mothar?
41
Cé a dhéanann soláthar don bhadhbh, Nuair a scréachann a gearrcaigh chun Dé Agus a [scrogaill sínte] in airde acu le hocras?
← Chapter 37
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 39 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42