bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 28
Job 28
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 29 →
1
Tá mianach ann don airgead Agus tine ann leis an ór a ghlanadh.
2
Tógtar iarann as an talamh, Agus tagann copar ón gcloch leáite.
3
Cuireann an duine deireadh le dorchadas. Déanann sé an charraig dhorcha dhubhach a pholladh Síos go híochtar agus go grinneall.
4
Déanann muintir an lampa mianaigh a thochailt, In áiteanna atá gan teannta don chois, Agus bíonn siad ar cheann téide i gcéin ó dhaoine.
5
An talamh as a dtagann an t-arán, Déantar é a chreachadh laistíos le tine.
6
Is leaba saifírí a chlocha, Agus ór is luaithreach aige. ABN: 6, 9, 10-13, 7, 8, 14
7
Níl eolas na slí ag an éanlaith chreiche, Agus ní fhaca súil na baidhbhe í.
8
Níor ghabh na hainmhithe maorga an cosán sin, Ná níor leag an leon a chosa air.
9
Leagann an duine a lámh ar an mbreochloch, Agus iompaíonn sé na cnoic bunoscionn.
10
Gearrann sé tolláin trí na carraigeacha, Agus é ag faire amach do gach sort seoide.
11
Cuardaíonn sé foinsí na n-aibhneacha, Agus nochtann don saol a mbíonn i bhfolach.
12
Ach an eagna, cá bhfuil sí le fáil Agus cá bhfuil teacht ar an tuiscint?
13
Ní eol don duine an bealach chuici, Agus ní bhfaightear í i dtír na mbeo.
14
Deir an duibheagán: «Níl sí ionamsa,» Agus an fharraige: «Níl sí faramsa.»
15
Ní féidir í a cheannach ar ór, Ná díol aisti le meáchan airgid.
16
Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír, Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.
17
Níl dul ag ór ná ag gloine uirthi, Ná ní féidir soithí óir fhíre a mhalartú uirthi.
18
Ní fiú cuireal ná criostal a lua I gcóimheas léi ní fiú péarla an t-iascach.
19
Tópás na hAetóipe ní ionann agus í, Ná ní féidir í a mheas leis an ór fíre.
20
Ach inis dom, cad as don eagna? Agus cá bhfuil an tuiscint le fáil?
21
Tá sí i bhfolach ó shúile na mbeo go léir, Agus ceilte ar éanlaith an aeir.
22
Deir Abadón agus an Bás: «Ní bhfuaireamar ach clos tráchta uirthi.»
23
Ag Dia amháin is fios a cosán, Agus dó is eol a háit lonnaithe.
24
Mar tá radharc aige go imill na cruinne, Agus feiceann sé gach ní faoin spéir go léir.
25
Nuair a thug sé a meáchan don ghaoth, Agus a thomhais sé toirt na n-uiscí,
26
Nuair a leag sé síos reacht don bháisteach, Agus cosán le leanúint don toirneach,
27
Bhí radharc aige uirthi, agus cheap sé a fiúntas; Thug breith uirthi agus ghrinnscrúdaigh í.
28
Agus dúirt sé leis an duine: «Féach, eagla an Tiarna an eagna, Agus an t-olc a sheachaint is ea an tuiscint.»
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 29 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42